+Airteagal 339 ►C9Riosca◄ginearálta a ríomh bunaithe ar aibíocht
---+Airteagal 339 1.
---+Airteagal 339 2.
---+Airteagal 339 3.
---+Airteagal 339 4.
---+Airteagal 339 5.
---+Airteagal 339 6.
---+Airteagal 339 7.
---+Airteagal 339 8.
---+Airteagal 339 9.

Airteagal 339 ►C9Riosca◄ginearálta a ríomh bunaithe ar aibíocht

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 339 1.
D'fhonn ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C9  riosca ◄ ghinearálta a ríomh, déanfar gach suíomh a ualú de réir aibíochta mar a mhínítear i mír 2 chun méid na gceanglas cistí dílse a cheanglaítear ina n-aghaidh a ríomh. Déanfar an ceanglas seo a laghdú nuair a shealbhaítear suíomh ualaithe taobh le suíomh ualaithe urchomhaireach atá laistigh den bhanda aibíochta céanna. Déanfar laghdú ar an gceanglas freisin nuair atá na suímh ualaithe urchomhaireacha i mbandaí aibíochta éagsúla, agus braithfidh méid an laghdaithe sin ar cibé atá nó nach bhfuil an dá shuíomh laistigh den chrios céanna, agus ar na criosanna áirithe ina bhfuil siad.
Airteagal 339 2.
Déanfaidh an institiúid a glansuímh a shannadh do na bandaí aibíochta iomchuí i gcolún 2 nó i gcolún 3, de réir mar is iomchuí, i dTábla 2 i mír 4. Déanfaidh sí é sin ar bhonn na haibíochta iarmhair i gcás ionstraimí ráta sheasta agus ar bhonn na tréimhse go dtí go socrófar an chéad ráta úis eile i gcás na n-ionstraimí sin ar a bhfuil ráta athraitheach úis roimh an aibíocht deiridh. Déanfaidh sí idirdhealú freisin idir ionstraimí fiachais a bhfuil cúpón 3 % nó níos mó acu agus na cinn sin a bhfuil cúpón níos lú ná 3 % acu agus déanfaidh sí iad a leithdháileadh ar an dóigh sin ar cholún 2 nó ar cholún 3 i dTábla 2. Déanfaidh sí gach aon cheann díobh a iolrú faoin ualú i gcomhair an bhanda aibíochta atá i gceist i gcolún 4 i dTábla 2.
Airteagal 339 3.
Ina dhiaidh sin, ríomhfaidh an institiúid suim na suíomh fada ualaithe agus suim na suíomh gearr ualaithe i ngach aon bhanda aibíochta. Beidh suim na suíomh fada atá comhoiriúnaithe leis na suímh ghearra i mbanda aibíochta áirithe cothrom leis an suíomh ualaithe comhoiriúnaithe sa bhanda sin, agus beidh an suíomh iarmharach fada nó gearr cothrom leis an suíomh ualaithe gan chomhoiriúnú don bhanda céanna. Ríomhfar iomlán na suímh ualaithe chomhoiriúnaithe i ngach banda ansin.
Airteagal 339 4.

Ríomhfaidh an institiúid iomláin na suíomh fada ualaithe gan chomhoiriúnú i gcomhair na mbandaí atá ar áireamh i ngach aon cheann de na criosanna i dTábla 2 d'fhonn an suíomh fada ualaithe gan chomhoiriúnú a fháil i gcomhair gach creasa. Ar an gcaoi chéanna, déanfar suim na suíomh gearr ualaithe gan chomhoiriúnú i gcomhair gach aon bhanda i gcrios áirithe a shuimiú chun an suíomh gearr ualaithe gan chomhoiriúnú a ríomh le haghaidh an chreasa sin. Beidh an chuid sin den suíomh fada ualaithe gan chomhoiriúnú do chrios áirithe atá comhoiriúnaithe leis an suíomh gearr ualaithe gan chomhoiriúnú le haghaidh an chreasa chéanna cothrom leis an suíomh ualaithe comhoiriúnaithe le haghaidh an chreasa sin. Beidh an chuid sin den suíomh fada ualaithe gan chomhoiriúnú nó den suíomh gearr ualaithe gan chomhoiriúnú i gcomhair creasa nach féidir a chomhoiriúnú amhlaidh cothrom leis an suíomh ualaithe gan chomhoiriúnú i comhair an chreasa sin.



Tábla 2

Crios

Banda aibíochta

Ualú (%)

Athruithe toimhdithe ar rátaí úis (%)

Cúpón 3 % nó níos mó

Cúpón 3 % nó níos lú

Uimhir a haon

0 ≤ 1 mhí

0 ≤ 1 mhí

0,00

—

1 ≤ 3 mhí

1 ≤ 3 mhí

0,20

1,00

3 ≤ 6 mhí

3 ≤ 6 mhí

0,40

1,00

6 ≤ 12 mhí

6 ≤ 12 mhí

0,70

1,00

Uimhir a dó

> 1 ≤ 2 bliana

> 1.0 ≤ 1.9 bliana

1,25

0,90

> 2 ≤ 3 bliana

> 1.9 ≤ 2.8 bliana

1,75

0,80

> 3 ≤ 4 bliana

> 2.8 ≤ 3.6 bliana

2,25

0,75

Uimhir a trí:

> 4 ≤ 5 bliana

> 3.6 ≤ 4.3 bliana

2,75

0,75

> 5 ≤ 7 bliana

> 4.3 ≤ 5.7 bliana

3,25

0,70

> 7 ≤ 10 bliana

> 5.7 ≤ 7.3 bliana

3,75

0,65

> 10 ≤ 15 bliana

> 7.3 ≤ 9.3 bliana

4,50

0,60

> 15 ≤ 20 bliana

> 9.3 ≤ 10.6 bliana

5,25

0,60

> 20 bliana

> 10,6 ≤ 12,0 bliana

6,00

0,60

 

> 12.0 ≤ 20,0 bliana

8,00

0,60

 

> 20 bliana

12,50

0,60

Airteagal 339 5.
Beidh méid an tsuímh fhada nó an tsuímh ghearr ualaithe gan chomhoiriúnú i gcrios a haon atá comhoiriúnaithe leis an suíomh gearr nó fada ualaithe gan chomhoiriúnú i gcrios a dó cothrom leis an suíomh ualaithe comhoiriúnaithe idir crios a haon agus crios a dó. Déanfar an ríomh céanna ansin maidir leis an gcuid sin den suíomh ualaithe gan chomhoiriúnú i gcrios a dó atá fágtha agus an suíomh ualaithe gan chomhoiriúnú i gcrios a trí d'fhonn an suíomh ualaithe comhoiriúnaithe idir crios a dó agus crios a trí a ríomh.
Airteagal 339 6.
Féadfaidh an institiúid an t-ord atá i mír 5 a chasadh droim ar ais chun an suíomh ualaithe comhoiriúnaithe idir crios a dó agus crios a trí a ríomh sula ríomhann sí an suíomh idir crios a haon agus crios a dó.
Airteagal 339 7.
Déanfar fuílleach an tsuímh ualaithe gan chomhoiriúnú i gcrios a haon a chomhoiriúnú leis an bhfuílleach den suíomh sin i gcrios a trí tar éis dó a bheith comhoiriúnaithe le crios a dó, d'fhonn an suíomh ualaithe comhoiriúnaithe idir crios a haon agus crios a trí a fháil.
Airteagal 339 8.
Déanfar na suímh iarmharacha a bheidh fágtha i ndiaidh na dtrí ríomh comhoiriúnaithe faoi leith i mír 5, mír 6 agus mír 7 a shuimiú.
Airteagal 339 9.

Déanfar ceanglas cistí dílse na hinstitiúide a ríomh mar shuim:

(a) 

10 % de shuim na suíomh ualaithe comhoiriúnaithe i ngach banda aibíochta;

(b) 

40 % den suíomh ualaithe comhoiriúnaithe i gcrios a haon;

(c) 

30 % den suíomh ualaithe comhoiriúnaithe i gcrios a dó;

(d) 

30 % den suíomh ualaithe comhoiriúnaithe i gcrios a trí;

(e) 

40 % den suíomh ualaithe comhoiriúnaithe idir criosanna a haon agus a dó agus idir criosanna a dó agus a trí;

(f) 

150 % den suíomh ualaithe comhoiriúnaithe idir criosanna a haon agus a trí;

(g) 

100 % de na suímh ualaithe iarmharacha gan chomhoiriúnú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas