|
+Airteagal 383b 2. |
Airteagal 383b 2.Maidir le gach aicme riosca dá dtagraítear in Airteagal 383(2), déanfar íogaireacht na CVAnna comhiomlána agus íogaireacht na suíomhanna uile i bhfáluithe incháilithe laistigh de raon feidhme na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca deilte nó véige ar gach fachtóir riosca deilte nó véige is infheidhme atá san áireamh san aicme riosca sin, a ríomh trí na foirmlí comhfhreagracha a leagtar amach in Airteagail 383i agus 383j. Má bhíonn luach ionstraime ag brath ar an iliomad fachtóirí riosca, déanfar an íogaireacht a chinneadh ar leithligh maidir le gach fachtóir riosca. Áireofar íogaireachtaí i ndáil le luaineachtaí a úsáidtear sa tsamhail neamhchosanta chun fachtóirí riosca a ionsamhlú agus i ndáil le luaineachtaí a úsáidtear chun idirbhearta rogha sa phunann leis an gcontrapháirtí a athphraghsáil chun íogaireachtaí riosca véige na CVAnna comhiomlána a ríomh. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, faoi réir cead a fháil ón údarás inniúil, féadfaidh institiúid sainmhínithe malartacha ar íogaireachtaí riosca deilte agus véige a úsáid chun na ceanglais cístí dílse maidir le suíomh leabhair trádála a ríomh faoin gCaibidil seo ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an institiúid na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
úsáidtear na sainmhínithe malartacha sin chun críocha bainistithe riosca inmheánaigh nó chun tuairisciú ar bhrabús agus caillteanais don lucht bainistíochta sinsearaí arna dhéanamh ag aonad neamhspleách rialaithe riosca laistigh den institiúid;
(b)
léireoidh an institiúid gurb iomchuí na sainmhínithe malartacha sin chun na híogaireachtaí maidir leis an suíomh a ghabháil ná na foirmlí a leagtar amach in Airteagail 383i agus 383j, agus nach bhfuil difríocht ábharach idir íogaireachtaí riosca deilte agus véige a thagann astu agus na cinn a fhaightear tar éis na foirmlí a leagtar amach in Airteagail 383i agus 383j, faoi seach, a chur i bhfeidhm. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|