+Airteagal 383b Ceanglais cistí dílse le haghaidh rioscaí deilte agus véige
---+Airteagal 383b 1.
---+Airteagal 383b 2.
---+Airteagal 383b 3.
---+Airteagal 383b 4.
---+Airteagal 383b 5.
---+Airteagal 383b 6.
---+Airteagal 383b 7.
---+Airteagal 383b 8.
|
Airteagal 383b Ceanglais cistí dílse le haghaidh rioscaí deilte agus véige
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 383b 1.
|
Cuirfidh institiúidí na fachtóirí riosca deilte agus véige ar a dtugtar tuairisc in Airteagail 383c go 383h, agus an próiseas a leagtar amach i míreanna 2 go 8 den Airteagal seo, i bhfeidhm chun ceanglais cistí dílse le haghaidh rioscaí deilte agus véige a ríomh.
|
|
Airteagal 383b 2.
|
Maidir le gach aicme riosca dá dtagraítear in Airteagal 383(2), déanfar íogaireacht na CVAnna comhiomlána agus íogaireacht na suíomhanna uile i bhfáluithe incháilithe laistigh de raon feidhme na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca deilte nó véige ar gach fachtóir riosca deilte nó véige is infheidhme atá san áireamh san aicme riosca sin, a ríomh trí na foirmlí comhfhreagracha a leagtar amach in Airteagail 383i agus 383j. Má bhíonn luach ionstraime ag brath ar an iliomad fachtóirí riosca, déanfar an íogaireacht a chinneadh ar leithligh maidir le gach fachtóir riosca. Áireofar íogaireachtaí i ndáil le luaineachtaí a úsáidtear sa tsamhail neamhchosanta chun fachtóirí riosca a ionsamhlú agus i ndáil le luaineachtaí a úsáidtear chun idirbhearta rogha sa phunann leis an gcontrapháirtí a athphraghsáil chun íogaireachtaí riosca véige na CVAnna comhiomlána a ríomh. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, faoi réir cead a fháil ón údarás inniúil, féadfaidh institiúid sainmhínithe malartacha ar íogaireachtaí riosca deilte agus véige a úsáid chun na ceanglais cístí dílse maidir le suíomh leabhair trádála a ríomh faoin gCaibidil seo ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an institiúid na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
úsáidtear na sainmhínithe malartacha sin chun críocha bainistithe riosca inmheánaigh nó chun tuairisciú ar bhrabús agus caillteanais don lucht bainistíochta sinsearaí arna dhéanamh ag aonad neamhspleách rialaithe riosca laistigh den institiúid;
(b)
léireoidh an institiúid gurb iomchuí na sainmhínithe malartacha sin chun na híogaireachtaí maidir leis an suíomh a ghabháil ná na foirmlí a leagtar amach in Airteagail 383i agus 383j, agus nach bhfuil difríocht ábharach idir íogaireachtaí riosca deilte agus véige a thagann astu agus na cinn a fhaightear tar éis na foirmlí a leagtar amach in Airteagail 383i agus 383j, faoi seach, a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 383b 3.
|
I gcás inar ionstraim innéacs é fálú incháilithe, déanfaidh institiúidí íogaireachtaí an fhálaithe incháilithe sin a ríomh ar gach ceann de na fachtóirí riosca ábhartha trí aistriú aon cheann de na fachtóirí riosca ábhartha a chur i bhfeidhm ar gach comhpháirt den innéacs.
|
|
Airteagal 383b 4.
|
Féadfaidh institiúid fachtóirí riosca breise a thabhairt isteach a chomhfhreagraíonn d’ionstraimí innéacs cáilithe le haghaidh na n-aicmí riosca seo a leanas:
(a)
riosca raoin difríochta creidmheasa an chontrapháirtí;
(b)
riosca raoin difríochta creidmheasa tagartha; agus
Chun críoch riosca deilte, measfar ionstraim innéacs a bheith cáilithe nuair a chomhlíonann sí na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 325i. Maidir le rioscaí véige, measfar gach ionstraim innéacs a bheith cáilithe. Déanfaidh institiúid íogaireachtaí CVA agus fáluithe incháilithe ar fhachtóirí riosca innéacs cháilithe a ríomh chomh maith le híogaireachtaí ar na fachtóirí riosca nach fachtóirí riosca innéacs iad. Ríomhfaidh institiúid íogaireachtaí riosca deilte agus véige ar fhachtóir riosca innéacs cháilithe mar íogaireacht aonair ar an innéacs cáilithe foluiteach. I gcás ina bhfuil 75 % de chomhpháirteanna innéacs cháilithe mapáilte ar an earnáil chéanna mar a leagtar amach in Airteagail 383p, 383s agus 383v, déanfaidh an institiúid an t-innéacs cáilithe a mhapáil chuig an earnáil chéanna sin. Seachas sin, déanfaidh an institiúid an íogaireacht a mhapáil chuig an mbuicéad innéacs cháilithe is infheidhme.
|
|
Airteagal 383b 5.
|
Déanfar íogaireachtaí ualaithe an CVA chomhiomláin agus margadhluach gach fálaithe incháilithe ar gach fachtóir riosca a ríomh trí na glaníogaireachtaí faoi seach a iolrú faoin ualú riosca comhfhreagrach, i gcomhréir leis na foirmlí seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
k
|
= an t-innéacs a sheasann d’fhachtóir riosca k;
|
|
|
= íogaireacht ualaithe an CVA chomhiomláin ar fhachtóir riosca k;
|
|
RWk
|
= an t-ualú riosca is infheidhme maidir le fachtóir riosca k;
|
|
|
= glaníogaireacht an CVA chomhiomláin ar fhachtóir riosca k;
|
|
|
= íogaireacht ualaithe mhargadhluach na bhfáluithe incháilithe uile sa phunann CVA ar fhachtóir riosca k;
|
|
|
= glaníogaireacht mhargadhluach na bhfáluithe incháilithe uile sa phunann CVA ar fhachtóir riosca k.
|
|
|
Airteagal 383b 6.
|
Ríomhfaidh institiúidí glaníogaireacht ualaithe WSk
na punainne CVA ar fhachtóir riosca k i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
|
|
Airteagal 383b 7.
|
Déanfar na glaníogaireachtaí ualaithe laistigh den bhuicéad céanna a chomhiomlánú i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas, ag úsáid na gcomhghaolta comhfhreagracha ρkl
maidir le híogaireachtaí ualaithe laistigh den bhuicéad céanna a leagtar amach in Airteagail 383l, 383t agus 383q as a dtagann an íogaireacht bhuicéadsonrach Kb
:
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
Kb
|
= an íogaireacht bhuicéadsonrach a ghabhann le buicéad b;
|
|
WSk
|
= na glaníogaireachtaí ualaithe;
|
|
ρkl
|
= na paraiméadair chomhghaoil laistigh de bhuicéid chomhfhreagracha;
|
|
R
|
= an paraiméadar fálaithe dhícheadaithe atá cothrom le 0,01 .
|
|
|
Airteagal 383b 8.
|
Déanfar an íogaireacht buicéadsonrach a ríomh i gcomhréir le míreanna 5, 6 agus 7 den Airteagal seo maidir le gach buicéad atá laistigh d’aicme riosca. Nuair a ríomhfar an íogaireacht bhuicéadsonrach i leith na mbuicéad go léir, déanfar íogaireachtaí ualaithe ar gach fachtóir riosca i mbuicéid dhifriúla a chomhiomlánú i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas, trí na comhghaolta comhfhreagracha γbc
maidir le híogaireachtaí ualaithe i mbuicéid dhifriúla a úsáid mar a leagtar amach in Airteagail 383l, 383o, 383r, 383u, 383w agus 383z as a dtagann na ceanglais cistí dílse a bhaineann go sonrach le haicme riosca do riosca deilte nó véige:
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
mCVA
|
= fachtóir iolraitheora atá cothrom le 1; féadfaidh an t-údarás inniúil luach mCVA
a mhéadú i gcás ina léirítear easnaimh lena gcuirtear bac ar shamhail inmheánach mhalartach institiúide ó thaobh na ceanglais cistí dílse a thomhas go hiomchuí le haghaidh riosca CVA;
|
|
Kb
|
= an íogaireacht bhuicéadsonrach a ghabhann le buicéad b;
|
|
γbc
|
= an paraiméadar comhghaoil idir buicéid b agus c;
|
|
|
maidir le gach fachtóir riosca i mbuicéad b;
|
|
|
maidir le gach fachtóir riosca i mbuicéad c.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|