+Airteagal 395 1.

Airteagal 395 1.

Tar éis éifeacht an mhaolaithe ►C11  riosca ◄ chreidmheasa a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 399 go hAirteagal 403, ní thabhóidh institiúid ►C11  neamhchosaint ◄ ar chliant ná ar ghrúpa cliant atá nasctha le chéile a bhfuil luach na risíochta sin níos mó ná 25 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide. I gcás inar institiúid an cliant sin, nó i gcás ina bhfuil institiúid amháin nó níos mó ná institiúid amháin ar áireamh i ngrúpa cliant atá nasctha le chéile, ní bheidh an luach sin níos airde ná 25 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide nó EUR 150 milliún, cibé acu is airde, ar an gcoinníoll nach bhfuil suim luachanna na ►C11  neamhchosanta ◄ ar na cliaint uile atá nasctha le chéile agus nach institiúidí iad níos airde ná 25 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide, tar éis éifeacht an mhaolaithe ►C11  riosca ◄ chreidmheasa a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 399 go hAirteagal 403.

I gcás gur airde an EUR 150 milliún ná 25 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide, tar éis éifeacht an mhaolaithe phriacail chreidmheasa a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 399 go hAirteagal 403 den Rialachán seo, ní rachaidh luach na ►C12  neamhchosant ◄ thar theorainn réasúnach i dtéarmaí chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide. Cinnfidh an institiúid an teorainn sin i gcomhréir leis na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 81 de Threoir 2013/36/AE, chun aghaidh a thabhairt ar phriacal comhchruinnithe agus chun é a rialú. Ní bheidh an teorainn sin níos airde ná 100 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide.

Féadfaidh údaráis inniúla teorainn níos ísle ná EUR 150 milliún a shocrú agus sa chás sin cuirfidh siad ÚBE agus an Coimisiún ar an eolas faoi.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, ní thabhóidh G-SII ►C12  neamhchosant ◄ ar G-SII eile nó G-SII neamh-AE a bhfuil luach na ►C12  neamhchosanta ◄ sin, tar éis éifeacht an mhaolaithe phriacail chreidmheasa a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagail 399 go 403, níos mó ná 15 % dá chaipiteal Leibhéal 1. Déanfaidh G-SII teorainn den sórt sin a chomhlíonadh tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis an dáta ar sainaithníodh é mar G-SII. I gcás ina bhfuil ►C12  neamhchosanta ◄ ag G-SII ar institiúid eile nó grúpa eile a thiocfaidh chun bheith sainaitheanta mar G-SII nó mar G-SII neamh-AE, comhlíonfaidh sé teorainn den sórt sin tráth nach déanaí ná 12 mhír tar éis an dáta ar tháinig an institiúid eile sin nó an grúpa eile sin chun bheith sainaitheanta mar G-SII nó mar G-SII neamh-AE.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas