+Airteagal 401 Éifeacht úsáid teicnící maolaithe phriacail chreidmheasa a ríomh
---+Airteagal 401 1.
---+Airteagal 401 2.
---+Airteagal 401 3.
---+Airteagal 401 4.

Airteagal 401 Éifeacht úsáid teicnící maolaithe phriacail chreidmheasa a ríomh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 401 1.
Ar mhaithe le luach na ►C12  neamhchosaintí ◄ a ríomh chun críocha Airteagal 395(1), féadfaidh institiúid luach na ►C12  neamhchosainti ◄ lánchoigeartaithe (E*) a úsáid arna ríomh faoi Chaibidil 4 de Theideal II de Chuid a Trí, agus an maolú ►C12  riosca ◄ creidmheasa, coigeartuithe luaineachta, agus aon neamhréir aibíochta dá dtagraítear sa Chaibidil sin, á gcur san áireamh.
Airteagal 401 2.
Cé is moite de na hinstitiúidí a bhaineann úsáid as an modh simplí comhthaobhach airgeadais, chun críocha na chéad mhíre, bainfidh institiúidí úsáid as an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais, beag beann ar an modh a úsáidtear chun na ceanglais maidir le cistí dílse na ►C12  riosca ◄ chreidmheasa a ríomh.

De mhaolú ar mhír 1, institiúidí a bhfuil cead acu na modhanna dá dtagraítear i Roinn 4 de Chaibidil 4 de Theideal II de Chuid a Trí agus Roinn 6 de Chaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí a úsáid, féadfaidh siad na modhanna sin a úsáid agus luach na ►C12  neamhchosainta ◄ a ríomh d'idirbhearta um maoiniú urrús.

Airteagal 401 3.
Chun luach na ►C12  neamhchosaint ◄ a ríomh chun críocha Airteagal 395(1), déanfaidh institiúidí tástálacha struis tréimhsiúla maidir lena gcomhchruinnithe ar phriacail creidmheasa, lena n-áirítear maidir le luach inréadaithe aon chomhthaobhachta a ghlacfar.

Tabharfaidh na tástálacha struis tréimhsiúla sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír aghaidh ar na ►C12  riosca ◄ a thagann as athruithe a d'fhéadfadh teacht ar dhálaí sa mhargadh a bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith acu ar leordhóthanacht chistí dílse na n-institiúidí agus ►C12  riosca ◄ a thagann as réadú na comhthaobhachta i ►C12  neamhchosainti ◄ struis.

Beidh na tástálacha struis a dhéanfar leordhóthanach agus iomchuí chun an measúnú a dhéanamh ar na ►C12  riosca ◄ sin.

Áireoidh institiúidí na nithe seo a leanas ina gcuid straitéisí chun aghaidh a thabhairt ar phriacail chomhchruinnithe:

(a) 

beartais agus nósanna imeachta chun aghaidh a thabhairt ar phriacail a eascróidh as neamhréireanna aibíochta idir ►C12  neamhchosainti ◄ agus aon chosaint chreidmheasa maidir leis na ►C12  neamhchosainti ◄ sin;

(b) 

beartais agus nósanna imeachta a bhaineann le ►C12  riosca ◄ comhchruinnithe a eascróidh as cur i bhfeidhm teicnící um maolú ►C12  riosca ◄ creidmheasa, agus go háirithe ►C12  neamhchosainti ◄ móra ar chreidmheas indíreach, mar shampla ►C12  neamhchosainti ◄ ar eisiúnaí aonair urrús a thógtar mar chomhthaobhacht.

Airteagal 401 4.
I gcás ina laghdóidh institiúid ►C12  neamhchosaint ◄ ar chliant trí theicníc um maolú ►C12  riosca ◄ creidmheasa incháilithe a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 399(1), láimhseálfaidh an institiúid, ar an dóigh a leagtar amach in Airteagal 403, an chuid sin den ►C12  neamhchosaint ◄ lena laghdófar an ►C12  neamhchosaint ◄ ar an gcliant amhail is gur tabhaíodh í don soláthraí cosanta seachas don chliant.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas