+Airteagal 412 Ceanglas maidir le cumhdach leachtachta
---+Airteagal 412 1.
---+Airteagal 412 2.
---+Airteagal 412 3.
---+Airteagal 412 4.
---+Airteagal 412 4a.
---+Airteagal 412 5.

Airteagal 412 Ceanglas maidir le cumhdach leachtachta

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 412 1.
Sealbhóidh institiúidí sócmhainní leachtacha, agus cumhdóidh suim luachanna na sócmhainní sin na heis-sreafaí leachtachta lúide na hinsreafaí leachtachta faoi dhálaí struis, ionas go n-áiritheofar go gcoinneoidh institiúidí leibhéil maolán leachtachta a bheidh leordhóthanach chun dul i ngleic le haon éagothroime a d'fhéadfadh a bheith idir insreafaí agus eis-sreafaí leachtachta faoi dhálaí mórstruis thar thréimhse tríocha lá. Le linn tréimhsí struis, féadfaidh institiúidí a gcuid sócmhainní leachtacha a úsáid chun a gcuid glan-eis-sreafaí leachtachta a chumhdach.
Airteagal 412 2.
Ní dhéanfaidh institiúidí eis-sreabha leachtachta, insreabha leachtachta ná sócmhainní leachtacha a chomhaireamh faoi dhó.

Mura sonraítear a mhalairt sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), i gcás inar féidir ítim a chomhaireamh i níos mó ná catagóir eis-sreabh amháin, déanfar í a chomhaireamh sa chatagóir eis-sreabh is mó a sholáthraíonn eis-sreabha conarthacha don ítim sin.

Airteagal 412 3.
Féadfaidh institiúidí na sócmhainní leachtacha dá dtagraítear i mír 1 a úsáid chun a gcuid oibleagáidí faoi dhálaí struis a chomhlíonadh mar atá sonraithe faoi Airteagal 414.
Airteagal 412 4.
Beidh feidhm go heisiach ag na forálacha atá leagtha amach i dTeideal II chun oibleagáidí tuairiscithe a shonrú atá leagtha amach in Airteagal 415.
Airteagal 412 4a.
Beidh feidhm ag an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) maidir le hinstitiúidí.
Airteagal 412 5.
Féadfaidh Ballstáit forálacha náisiúnta i réimse na gceanglas maidir le leachtacht a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach sula sonraítear íoschaighdeáin cheangailteacha i dtaca le ceanglais maidir le cumhdach leachtachta agus sula dtugtar isteach san Aontas ina n-iomláine iad i gcomhréir le hAirteagal 460. Féadfaidh Ballstáit nó údaráis inniúla a cheangal ar institiúidí atá údaraithe ar bhonn intíre, nó ar fhothacar de na hinstitiúidí sin, ceanglas níos airde maidr le cumhdach leachtachta suas le 100 % a choinneáil go dtí go dtabharfar isteach an t-íoschaighdeán ceangailteach ina iomláine de réir ráta 100 % i gcomhréir le hAirteagal 460.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas