|
+Airteagal 417 Ceanglais oibriúcháin le haghaidh sealúchas sócmhainní leachtacha |
Airteagal 417 Ceanglais oibriúcháin le haghaidh sealúchas sócmhainní leachtachaAirteagal 417 Ceanglais oibriúcháin le haghaidh sealúchas sócmhainní leachtacha Ní dhéanfaidh an institiúid ach na sealúchais sócmhainní leachtacha sin a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas a thuairisciú mar shócmhainní leachtacha:
(a)
tá siad éagsúlaithe go hiomchuí. Ní cheanglaítear éagsúlú i dtéarmaí sócmhainní a chomhfhreagraíonn do phointe (a), do phointe (b) agus do phointe (c) d'Airteagal 416(1);
(b)
tá siad ar fáil go héasca lena leachtú, de réir dlí agus de réir mar is praiticiúil aon tráth le linn an 30 lá dar gcionn, trí dhíolacháin glan amach nó trí chomhaontú simplí athcheannaigh ar mhargaí athcheannaigh atá formheasta d'fhonn oibleagáidí a thiocfaidh chun bheith dlite a chomhlíonadh. Sócmhainní leachtacha dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 416(1) atá á sealbhú i dtríú tíortha ina bhfuil srianta aistrithe nó atá ainmnithe in airgeadraí nach bhfuil inmhalartaithe, ní mheasfar go mbeidh siad ar fáil ach amháin sa mhéid is go bhfuil siad ag freagairt d'eis-sreafaí sa tríú tír nó san airgeadra atá i gceist; ach amháin i gcás gur féidir leis an Iinstitiúid a léiriú do na húdaráis inniúla go bhfuil sí tar éis an ►C9 riosca ◄ airgeadra a leanann as a fhálú go hiomchuí;
(c)
tá na sócmhainní leachtacha á rialú ag feidhm bhainistíochta leachtachta;
(d)
déantar leachtú go tréimhsiúil agus go bliantúil ar a laghad ar chuid de na sócmhainní leachtacha seachas na sócmhainní sin dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (c) agus i bpointe (e) d'Airteagal 416(1), trí dhíolacháin glan amach nó trí chomhaontuithe simplí athcheannaigh ar mhargadh athcheannaigh atá formheasta chun na críocha seo a leanas:
(i)
tástáil a dhéanamh ar rochtain na sócmhainní sin ar an margadh;
(ii)
éifeachtacht a cuid próiseas a thástáil chun na sócmhainní a leachtú;
(iii)
úsáideacht na sócmhainní a thástáil;
(iv)
an ►C9 riosca ◄ a bhaineann le comharthaíocht dhiúltach le linn tréimhse struis a íoslaghdú;
(e)
féadfar priacail praghsanna a bhaineann leis na sócmhainní a fhálú ach beidh na sócmhainní leachtacha faoi réir ag socruithe inmheánacha iomchuí a áirithíonn go mbeidh siad ar fáil aon tráth don státchiste nuair is gá agus go háirithe nach n-úsáidfear iad in oibríochtaí leanúnacha eile, lena n-áirítear:
(i)
fálú nó straitéisí trádála eile;
(ii)
feabhsuithe creidmheasa a thabhairt in idirbhearta struchtúrtha;
(iii)
chun costais oibriúcháin a chumhdach.
(f)
tá ainmníocht na sócmhainní leachtacha comhsheasmhach leis an dáileadh de réir airgeadra d'eis-sreafaí leachtachta tar éis insreafaí a asbhaint. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|