+Airteagal 501c Láimhseáil stuamachta neamhchosaintí a bhaineann le tosca comhshaoil nó fachtóirí sóisialta
---+Airteagal 501c 1.
---+Airteagal 501c 2.

Airteagal 501c Láimhseáil stuamachta neamhchosaintí a bhaineann le tosca comhshaoil nó fachtóirí sóisialta

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 501c 1.

Déanfaidh ÚBE, i ndiaidh dó dul i gcomhairle le BERS, ar bhonn na sonraí atá ar fáil, measúnú ar cibé acu atá nó nach bhfuil coigeartú le déanamh ar an láimhseáil thiomnaithe stuamachta neamhchosaintí a bhaineann le sócmhainní nó dliteanais, faoi réir thionchar na dtosca comhshaoil nó sóisialta. Déanfaidh ÚBE an méid a leanas a mheas go háirithe:

(a) 

infhaighteacht agus inrochtaineacht sonraí iontaofa comhsheasmhacha CSR maidir le gach aicme neamhchosanta arna cinneadh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II;

(b) 

i gcomhairle le ÚEÁPC, a indéanta atá sé modheolaíocht chaighdeánaithe a thabhairt isteach chun na neamhchosaintí a shainaithint agus a cháiliú i gcás gach aicme neamhchosanta arna cinneadh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, bunaithe ar shraith choiteann prionsabal d’aicmiú riosca CSR, agus úsáid á baint as an bhfaisnéis maidir le táscairí riosca aistrithe agus riosca fisiciúla arna gcur ar fáil trí chreataí tuairiscithe nochta inbhuanaitheachta arna nglacadh san Aontas agus, i gcás ina bhfuil fáil orthu go hidirnáisiúnta, an treoir agus na conclúidí a thagann as na tástálacha struis maoirseachta nó an anailís ar chnámha scéil i ndáil le rioscaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid arna ndéanamh ag ÚBE nó ag na húdaráis inniúla agus, i gcás ina léirítear go hiomchuí na rioscaí CSR, scór ábhartha CSR na rátála riosca creidmheasa arna déanamh ag IMCS ainmnithe;

(c) 

méid riosca iarbhír na neamhchosaintí a bhaineann le sócmhainní agus gníomhaíochtaí atá faoi réir thionchar na dtosca comhshaoil nó sóisialta i gcomparáid le méid riosca neamhchosaintí eile agus na hathbhreithnithe breise agus níos cuimsithí a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gcreat ar cheart iad a mheas, agus na forbairtí arna gcomhaontú ar an leibhéal idirnáisiúnta ag CBMB á gcur san áireamh;

(d) 

iarmhairtí féideartha gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha láimhseála stuamachta tiomnaithe coigeartaithe le haghaidh neamhchosaintí a bhaineann le sócmhainní agus gníomhaíochtaí atá faoi réir thionchar na dtosca comhshaoil nó sóisialta ar chobhsaíocht airgeadais agus iasachtú bainc san Aontas;

(e) 

na feabhsuithe spriocdhírithe a d’fhéadfaí a bhreithniú laistigh den chreat stuamachta atá ann faoi láthair.

Airteagal 501c 2.

Cuirfidh ÚBE tuarascálacha leantacha maidir lena chuid torthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin faoi na dátaí seo a leanas:

(a) 

an 9 Iúil 2024 i gcás na measúnuithe a cheanglaítear faoi mhír 1, pointe (e);

(b) 

an 31 Nollaig 2024 i gcás na measúnuithe a cheanglaítear faoi mhír 1, pointí (a) agus (b);

(c) 

an 31 Nollaig 2025 i gcás na measúnuithe a cheanglaítear faoi mhír 1, pointí (c) agus (d).

Ar bhonn na dtuarascálacha sin ó ÚBE, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2026.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas