+Airteagal 501d Forálacha idirthréimhseacha maidir le láimhseáil stuamachta cripteashócmhainní
---+Airteagal 501d 1.
---+Airteagal 501d 2.
---+Airteagal 501d 3.
---+Airteagal 501d 4.
---+Airteagal 501d 5.
---+Airteagal 501d 6.

Airteagal 501d Forálacha idirthréimhseacha maidir le láimhseáil stuamachta cripteashócmhainní

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 501d 1.

Faoin 30 Meitheamh 2025, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun láimhseáil stuamachta thiomnaithe a thabhairt isteach le haghaidh neamhchosaintí cripteashócmhainní, agus na caighdeáin idirnáisiúnta agus Rialachán (AE) 2023/1114 á gcur san áireamh. Áireofar an méid seo a leanas sa togra reachtach sin:

(a) 

critéir chun cripteashócmhainní a shannadh do chatagóirí éagsúla cripteashócmhainní bunaithe ar a saintréithe riosca agus ar chomhlíonadh coinníollacha sonracha;

(b) 

ceanglais shonracha cistí dílse maidir le gach riosca a bhaineann le cripteashócmhainní éagsúla;

(c) 

teorainn chomhiomlán le haghaidh neamhchosaintí ar chineálacha sonracha cripteashócmhainní;

(d) 

ceanglais shonracha maidir le cóimheas luamhánaithe le haghaidh neamhchosaintí cripteashócmhainní;

(e) 

cumhachtaí sonracha maoirseachta a mhéid a bhaineann le neamhchosaintí cripteashócmhainní a shannadh, faireachán agus na ceanglais cistí dílse a ríomh;

(f) 

ceanglais shonracha leachtachta le haghaidh neamhchosaintí cripteashócmhainní;

(g) 

ceanglais maidir le nochtadh agus tuairisciú.

Airteagal 501d 2.

Go dtí dáta chur i bhfeidhm an ghnímh reachtaigh dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh institiúidí a gceanglais cistí dílse le haghaidh neamhchosaintí cripteashócmhainní a ríomh mar a leanas:

(a) 

déanfar neamhchosaintí cripteashócmhainní ar shócmhainní traidisiúnta téacschomharthaithe a láimhseáil mar neamhchosaintí ar na sócmhainní traidisiúnta a léirítear leo;

(b) 

déanfar ualú riosca 250 % a shannadh do neamhchosaintí ar chomharthaí sócmhainn-tagartha a gcomhlíonann a n-eisitheoirí Rialachán (AE) 2023/1114 agus a thagraíonn do shócmhainn traidisiúnta amháin nó níos mó;

(c) 

déanfar ualú riosca 1 250  % a shannadh do neamhchosaintí cripteashócmhainní cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b).

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (a), déanfar neamhchosaintí cripteashócmhainní ar shócmhainní traidisiúnta téacschomharthaithe a mbraitheann a luachanna ar aon chripteashócmhainní eile. a shannadh do phointe (c).

Airteagal 501d 3.
Ní sháróidh luach neamhchosanta iomláine institiúide ar chripteashócmhainní nach dtagraítear dóibh i mír 1, pointí (a) agus (b), 1 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide.
Airteagal 501d 4.
Tabharfaidh institiúid a sháraíonn an teorainn a leagtar amach i mír 3 fógra láithreach don údarás inniúil agus léireoidh sí chun sástacht an údaráis inniúil go bhfuil an teorainn á comhlíonadh arís go tráthúil.
Airteagal 501d 5.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na heilimintí teicniúla riachtanacha a shonrú do na hinstitiúidí chun a gceanglais cistí dílse a ríomh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach i mír 2, pointí (b) agus (c), lena n-áirítear conas luach na neamhchosaintí a ríomh agus conas neamhchosaintí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a chomhiomlánú chun críocha mhíreanna 2 agus 3.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt aige, cuirfidh ÚBE na caighdeáin ghaolmhara arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta agus arna bhforbairt ag CBMB san áireamh chomh maith leis na húdaruithe atá ann cheana san Aontas faoi Rialachán (AE) 2023/1114.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2025.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 501d 6.
Chun a gceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh neamhchosaintí cripteashócmhainní, ní chuirfidh institiúidí an asbhaint dá dtagraítear in Airteagal 36(1), pointe (b), i bhfeidhm.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas