+Airteagal 506e Cosaint creidmheasa neamhchistithe ar a bhfuil uasteorainn nó atá socraithe ar íosráta a aithint
---+Airteagal 506e 1.
---+Airteagal 506e 2.
|
Airteagal 506e Cosaint creidmheasa neamhchistithe ar a bhfuil uasteorainn nó atá socraithe ar íosráta a aithint
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 506e 1.
|
Faoin 10 Iúil 2026, cuirfidh ÚBE tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na coinníollacha nach mór do ráthaíochtaí lena mbaineann uasteorainneacha nó íosrátaí arna gcinneadh ar leibhéal punainne neamhchosaintí (“ráthaíochtaí punainne”) a chomhlíonadh chun iad a cháiliú mar urrúsúchán;
(b)
an láimhseáil rialála is infheidhme faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 4, maidir le ráthaíochtaí punainne i gcás nach gcáilíonn siad mar urrúsúchán;
(c)
cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 5, den Rialachán seo agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 maidir le ráthaíochtaí punainne i gcás ina gcáilíonn na ráthaíochtaí sin mar urrúsúchán;
(d)
cur i bhfeidhm Airteagal 234 maidir le ráthaíochtaí aonair a mbíonn tráinsiú mar thoradh orthu.
|
|
Airteagal 506e 2.
|
Déanfaidh ÚBE measúnú sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 ar an méid seo a leanas go háirithe:
(a)
maidir le mír 1, pointe (a), na coinníollacha faoina n-eascraíonn aistriú riosca i dtráinsí as ráthaíochtaí punainne;
(b)
maidir le mír 1, pointe (b):
(i)
critéir incháilitheachta ábhartha na ráthaíochtaí punainne faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 4;
(ii)
cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 4;
(c)
maidir le mír 1, pointe (d), cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 agus i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 5, den Rialachán seo.
Cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach bunaithe ar an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2027.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|