+28. Ba cheart go mbeadh an comhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta (‘feidhm …

28. Ba cheart go mbeadh an comhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta (‘feidhm …

Ba cheart go mbeadh an comhlacht bainistíochta9 ina fheidhm mhaoirseachta (‘feidhm mhaoirseachta’ anseo feasta) freagrach as beartas luach saothair an ghnólachta infheistíochta a ghlacadh agus a choimeád, agus as maoirseacht a dhéanamh ar a chur chun feidhme lena áirithiú go bhfuil sé ag feidhmiú go hiomlán mar a ceapadh. Ba cheart don fheidhm mhaoirseachta aon díolúintí ábhartha ina dhiaidh sin a dhéanfar do bhaill aonair foirne agus athruithe ar an mbeartas luach saothair a fhaomhadh freisin agus a n-éifeachtaí a mheas go cúramach agus faireachán a dhéanamh orthu. Níor cheart go mbeadh díolúintí ar bith bunaithe ar chúinsí inscne nó ar ghnéithe eile a bheadh idirdhealaitheach, ba cheart go mbeidís EBA Public

réasúnaithe go maith agus ba cheart go mbeidís i gcomhréir leis na ceanglais maidir le luach saothair faoin dlí náisiúnta.


9 Is féidir struchtúir comhlachtaí bainistíochta éagsúla a bhreathnú i dtíortha Eorpacha. Tá struchtúr aonadach coitianta i roinnt tíortha, i.e. is é comhlacht amháin a fheidhmíonn feidhmeanna maoirseachta agus bainistíochta an bhoird. Tá dé-struchtúr coitianta i dtíortha eile, i gcás go mbunaítear dhá chomhlacht neamhspleácha, ceann amháin le haghaidh na feidhme bainistíochta agus an ceann eile chun maoirseacht a dhéanamh ar an bhfeidhm bhainistíochta.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/