+2.1 Freagrachtaí, dearadh, faomhadh agus maoirseacht maidir leis an mbeartas luach saothair
---+28. Ba cheart go mbeadh an comhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta (‘feidhm …
---+29. Ba cheart go mbeadh eolas, scileanna agus taithí leordhóthanach ag an bhfeidhm mhaoirseachta i …
---+30. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an bhfeidhm mhaoirseachta go gcuirfear beartais agus cleachtais …
---+31. Ba cheart coinbhleachtaí leasa maidir leis an mbeartas luach saothair agus an luach saothair a …
---+32. Ba cheart go mbeadh an beartas agus na cleachtais luach saothair agus na nósanna imeachta chun …
---+33. Ba cheart go n-oibreodh na feidhmeanna maoirseachta agus bainistíochta agus, i gcás go bhfuil …
---+34. Ba cheart go mbeadh foráil sa bheartas luach saothair i leith creat éifeachtach maidir le …
---+35. Ba cheart don feidhm um chomhlíonadh agus don fheidhm bainistíochta riosca, i gcás go bhfuil …
---+36. Ba cheart don fheidhm mhaoirseachta luach saothair chomhaltaí na feidhme bainistíochta a …
---+37. Ba cheart go gcuirfeadh an fheidhm mhaoirseachta an t-ionchur a sholáthraíonn na feidhmeanna …
---+38. Ba cheart don fheidhm acmhainní daonna a bheith páirteach i ndréachtú agus i measúnú an …
---+39. Ba cheart go gcuideodh an fheidhm bainistíochta riosca le bearta feidhmíochta oiriúnacha arna …
---+40. Ba cheart don fheidhm um chomhlíonadh anailís a dhéanamh ar an dóigh a dtéann an beartas luach …
---+41. Ba cheart don fheidhm iniúchóireachta inmheánaí, i gcás go bhfuil sí curtha ar bun …
---+42. Laistigh de chomhthéacs grúpa, ba cheart go ndéanfadh na feidhmeanna inniúla laistigh den …
|
2.1 Freagrachtaí, dearadh, faomhadh agus maoirseacht maidir leis an mbeartas luach saothair
2.1 Freagrachtaí, dearadh, faomhadh agus maoirseacht maidir leis an mbeartas luach saothair
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
28. Ba cheart go mbeadh an comhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta (‘feidhm …
|
Ba cheart go mbeadh an comhlacht bainistíochta9 ina fheidhm mhaoirseachta (‘feidhm mhaoirseachta’ anseo feasta) freagrach as beartas luach saothair an ghnólachta infheistíochta a ghlacadh agus a choimeád, agus as maoirseacht a dhéanamh ar a chur chun feidhme lena áirithiú go bhfuil sé ag feidhmiú go hiomlán mar a ceapadh. Ba cheart don fheidhm mhaoirseachta aon díolúintí ábhartha ina dhiaidh sin a dhéanfar do bhaill aonair foirne agus athruithe ar an mbeartas luach saothair a fhaomhadh freisin agus a n-éifeachtaí a mheas go cúramach agus faireachán a dhéanamh orthu. Níor cheart go mbeadh díolúintí ar bith bunaithe ar chúinsí inscne nó ar ghnéithe eile a bheadh idirdhealaitheach, ba cheart go mbeidís EBA Public réasúnaithe go maith agus ba cheart go mbeidís i gcomhréir leis na ceanglais maidir le luach saothair faoin dlí náisiúnta.
9 Is féidir struchtúir comhlachtaí bainistíochta éagsúla a bhreathnú i dtíortha Eorpacha. Tá struchtúr aonadach coitianta i roinnt tíortha, i.e. is é comhlacht amháin a fheidhmíonn feidhmeanna maoirseachta agus bainistíochta an bhoird. Tá dé-struchtúr coitianta i dtíortha eile, i gcás go mbunaítear dhá chomhlacht neamhspleácha, ceann amháin le haghaidh na feidhme bainistíochta agus an ceann eile chun maoirseacht a dhéanamh ar an bhfeidhm bhainistíochta.
|
|
29. Ba cheart go mbeadh eolas, scileanna agus taithí leordhóthanach ag an bhfeidhm mhaoirseachta i …
|
Ba cheart go mbeadh eolas, scileanna agus taithí leordhóthanach ag an bhfeidhm mhaoirseachta i dteannta a chéile i ndáil le beartais agus cleachtais luach saothair agus i ndáil le dreasachtaí agus rioscaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn astu. Ba cheart go n-áireofaí leis sin eolas, scileanna agus taithí maidir leis na sásraí chun struchtúr an luach saothair a ailíniú le próifílí riosca agus struchtúr caipitil gnólachtaí infheistíochta.
|
|
30. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an bhfeidhm mhaoirseachta go gcuirfear beartais agus cleachtais …
|
Ba cheart go n-áiritheofaí leis an bhfeidhm mhaoirseachta go gcuirfear beartais agus cleachtais luach saothair an ghnólachta infheistíochta chun feidhme go hiomchuí agus go ndéanfar iad a ailíniú le creat rialachais chorparáidigh foriomlán an ghnólachta infheistíochta, leis an gcultúr corparáideach agus riosca, leis an inghlacthacht riosca agus leis na próisis rialachais ghaolmhara.
|
|
31. Ba cheart coinbhleachtaí leasa maidir leis an mbeartas luach saothair agus an luach saothair a …
|
Ba cheart coinbhleachtaí leasa maidir leis an mbeartas luach saothair agus an luach saothair a dhámhtar a shainaithint agus a mhaolú go hiomchuí, lena n-áirítear trí chritéir dhámhachtana oibiachtúla a chur ar bun bunaithe ar an gcóras tuairiscithe inmheánaigh, ar rialuithe iomchuí agus ar phrionsabal na gceithre súile. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an mbeartas luach saothair nach dtiocfaidh aon choinbhleachtaí leasa ábhartha chun cinn, lena n-áirítear do bhaill foirne i bhfeidhmeanna rialaithe.
|
|
32. Ba cheart go mbeadh an beartas agus na cleachtais luach saothair agus na nósanna imeachta chun …
|
Ba cheart go mbeadh an beartas agus na cleachtais luach saothair agus na nósanna imeachta chun iad a chinneadh soiléir, dea-dhoiciméadaithe agus trédhearcach. Ba cheart doiciméid iomchuí ar an bpróiseas cinnteoireachta (e.g. miontuairiscí cruinnithe ábhartha, tuarascálacha ábhartha, agus doiciméid ábhartha eile) agus an réasúnaíocht taobh thiar den bheartas luach saothair a choinneáil.
|
|
33. Ba cheart go n-oibreodh na feidhmeanna maoirseachta agus bainistíochta agus, i gcás go bhfuil …
|
Ba cheart go n-oibreodh na feidhmeanna maoirseachta agus bainistíochta agus, i gcás go bhfuil siad curtha ar bun, na coistí luach saothair agus na coistí riosca go dlúth le chéile agus a áirithiú go bhfuil an beartas luach saothair ag teacht le bainistíocht riosca fhónta agus éifeachtach agus go gcuirtear chun cinn í leis.
|
|
34. Ba cheart go mbeadh foráil sa bheartas luach saothair i leith creat éifeachtach maidir le …
|
Ba cheart go mbeadh foráil sa bheartas luach saothair i leith creat éifeachtach maidir le feidhmíocht a thomhas, coigeartú riosca agus naisc feidhmíochta le luach saothair.
|
|
35. Ba cheart don feidhm um chomhlíonadh agus don fheidhm bainistíochta riosca, i gcás go bhfuil …
|
Ba cheart don feidhm um chomhlíonadh agus don fheidhm bainistíochta riosca, i gcás go bhfuil siad curtha ar bun,10 nó na baill foirne ar cuireadh feidhmiú nósanna imeachta bainistíochta riosca de chúram orthu (ba cheart a thuiscint anseo feasta go bhfuil feidhm ag tagairt don fheidhm bainistíochta riosca ar an dóigh chéanna leis na baill foirne ar cuireadh nósanna imeachta bainistíochta riosca de chúram orthu, i gcás nach bhfuil feidhm dá leithéid curtha ar bun), ionchur éifeachtach a sholáthar i gcomhréir lena róil maidir le stórtha bónas, critéir EBA Public feidhmíochta agus dámhachtainí luach saothair a shocrú i gcás go bhfuil imní ar na feidhmeanna sin maidir leis an tionchar ar iompar ball foirne agus risíocht an ghnó arna dhéanamh.
10 Féach treoirlínte ÚBE ar rialachas inmheánach do ghnólacht infheistíochta
|
|
36. Ba cheart don fheidhm mhaoirseachta luach saothair chomhaltaí na feidhme bainistíochta a …
|
Ba cheart don fheidhm mhaoirseachta luach saothair chomhaltaí na feidhme bainistíochta a chinneadh agus a mhaoirsiú agus, murar cuireadh an coiste luach saothair ar bun dá dtagraítear i alt 2.4, maoirseacht a dhéanamh go díreach ar luach saothair na n-oifigeach sinsearach sna feidhmeanna rialaithe neamhspleácha, lena n-áirítear an fheidhm um chomhlíonadh agus an fheidhm bhainistíochta riosca, i gcás go bhfuil siad curtha ar bun.
|
|
37. Ba cheart go gcuirfeadh an fheidhm mhaoirseachta an t-ionchur a sholáthraíonn na feidhmeanna …
|
Ba cheart go gcuirfeadh an fheidhm mhaoirseachta an t-ionchur a sholáthraíonn na feidhmeanna agus na comhlachtaí corparáideacha inniúla uile (e.g. feidhm coistí, feidhmeanna rialaithe11 , acmhainní daonna, dlí, pleanála straitéisí, bhuiséadach, etc.) agus aonaid ghnó maidir le dearadh, cur chun feidhme agus maoirseacht na n-aonad gnó ar bheartais luach saothair an ghnólachta infheistíochta.
11 Féach treoirlínte ÚBE ar rialachas inmheánach do ghnólacht infheistíochta
|
|
38. Ba cheart don fheidhm acmhainní daonna a bheith páirteach i ndréachtú agus i measúnú an …
|
Ba cheart don fheidhm acmhainní daonna a bheith páirteach i ndréachtú agus i measúnú an bheartais luach saothair don ghnólacht infheistíochta, lena n-áirítear an struchtúr luach saothair, an ghné a bhaineann le neodracht ó thaobh inscne de, leibhéil luach saothair agus scéimeanna dreasachta, agus ar bhealach go ndéanfaí na baill foirne a theastaíonn ó ghnólacht infheistíochta a mhealladh agus a choinneáil, agus lena áirithiú freisin go bhfuil an beartas luach saothair ag teacht le próifíl riosca an ghnólachta infheistíochta.
|
|
39. Ba cheart go gcuideodh an fheidhm bainistíochta riosca le bearta feidhmíochta oiriúnacha arna …
|
Ba cheart go gcuideodh an fheidhm bainistíochta riosca le bearta feidhmíochta oiriúnacha arna gcoigeartú ar riosca a shainiú agus bonn eolais a chur fúthu (lena n-áirítear coigeartuithe ex post) chomh maith le measúnú a dhéanamh ar an dóigh a bhfuil tionchar ag an struchtúr luach saothair inathraithe ar phróifíl riosca agus ar chultúr an ghnólachta infheistíochta. Ba cheart go ndéanfadh an fheidhm bainistíochta riosca sonraí coigeartaithe riosca a bhailíochtú agus a mheasúnú chomh maith le cuireadh a thabhairt di freastal ar chruinnithe an choiste luach saothair maidir leis an ábhar sin.
|
|
40. Ba cheart don fheidhm um chomhlíonadh anailís a dhéanamh ar an dóigh a dtéann an beartas luach …
|
Ba cheart don fheidhm um chomhlíonadh anailís a dhéanamh ar an dóigh a dtéann an beartas luach saothair i gcion ar chomhlíonadh an ghnólachta infheistíochta maidir le reachtaíocht, rialacháin, beartais inmheánacha agus an cultúr riosca agus ba cheart go dtuairisceodh sí gach riosca agus ceisteanna um neamh-chomhlíonadh a shainaithneofar don chomhlacht bainistíochta, ina fheidhmeanna bainistíochta agus maoirseachta araon. Ba cheart don fheidhm mhaoirseachta torthaí na feidhme um chomhlíonadh a chur san áireamh agus an beartas luach saothair á fhaomhadh, á athbhreithniú agus á mhaoirsiú.
|
|
41. Ba cheart don fheidhm iniúchóireachta inmheánaí, i gcás go bhfuil sí curtha ar bun …
|
Ba cheart don fheidhm iniúchóireachta inmheánaí, i gcás go bhfuil sí curtha ar bun, athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar dhearadh, ar chur chun feidhme agus ar éifeachtaí bheartais luach saothair an ghnólachta infheistíochta ar a phróifíl riosca agus ar an dóigh a ndéantar na héifeachtaí sin a bhainistiú i gcomhréir leis na treoirlínte dá bhforáiltear i gcuid 2.5. EBA Public Féadfaidh eintiteas grúpa eile an t-athbhreithniú a dhéanamh nó é a sheachfhoinsiú chuig páirtí seachtrach.
|
|
42. Laistigh de chomhthéacs grúpa, ba cheart go ndéanfadh na feidhmeanna inniúla laistigh den …
|
Laistigh de chomhthéacs grúpa, ba cheart go ndéanfadh na feidhmeanna inniúla laistigh den mháthairghnóthas agus d’fhochuideachtaí de chuid an Aontais idirghníomhú agus faisnéis a mhalartú de réir mar is iomchuí. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta faisnéis a mhalartú chomh maith, de réir mar is iomchuí, lena n-institiúid chomhdhlúthúcháin, i gcásanna go bhfuil an institiúid chomhdhlúthúcháin faoi réir Threoir 2013/36/AE.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|