+51. I gcás inar gá coistí a bhunú i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/2034 nó leis an dlí náisiúnta …
|
51. I gcás inar gá coistí a bhunú i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/2034 nó leis an dlí náisiúnta …
I gcás inar gá coistí a bhunú i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/2034 nó leis an dlí náisiúnta, mar phrionsabal ginearálta, ba cheart go mbeidís comhdhéanta de thriúr comhaltaí ar a laghad agus comhalta neamhspleách amháin ar a laghad a bheith ainmnithe, agus na critéir a leagtar amach i dTeideal I de na treoirlínte seo agus treoirlínte comhpháirteacha ÚBE agus ESMA maidir le measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus sealbhóirí eochairfheidhme á gcur san áireamh. I gcás nach bhfuil líon leordhóthanach comhaltaí laistigh den chomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta chun comhdhéanamh fónta coistí a áirithiú mar a leagtar amach sa roinn seo, féadfar cúraimí an choiste a tharmligean chuig comhalta amháin den chomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta, agus tacaíonn an fhoireann leis an gcomhalta sin, de réir mar is cuí. Féadfaidh coistí a bheith comhdhéanta den ghrúpa céanna comhaltaí, agus na critéir a leagtar amach i dTeideal I agus líon na gcomhaltaí neamhspleácha den chomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta á gcur san áireamh, mar aon leis an taithí, an t-eolas agus na scileanna sonracha a theastaíonn ó na coistí ina n-aonar nó i dteannta a chéile. Ba cheart an réasúnaíocht atá mar bhonn le comhdhéanamh na gcoistí a dhoiciméadú.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|