+5.2 Comhdhéanamh na gcoistí
---+49. Ba cheart go mbeadh gach coiste faoi chathaoirleacht comhalta neamhfheidhmiúcháin den …
---+50. Ba cheart go mbeadh comhaltaí neamhspleácha den chomhlacht bainistíochta, ina fheidhm …
---+51. I gcás inar gá coistí a bhunú i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/2034 nó leis an dlí náisiúnta …
---+52. Ba cheart go mbeadh an coiste riosca comhdhéanta de chomhaltaí neamhfheidhmiúcháin den …
---+53. Ba cheart do chomhalta neamhspleách cathaoirleacht a dhéanamh ar an gcoiste riosca, más féidir. …
|
5.2 Comhdhéanamh na gcoistí
5.2 Comhdhéanamh na gcoistí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
49. Ba cheart go mbeadh gach coiste faoi chathaoirleacht comhalta neamhfheidhmiúcháin den …
|
Ba cheart go mbeadh gach coiste faoi chathaoirleacht comhalta neamhfheidhmiúcháin den chomhlacht bainistíochta a bheidh in ann breithiúnas oibiachtúil a fheidhmiú.
|
|
50. Ba cheart go mbeadh comhaltaí neamhspleácha den chomhlacht bainistíochta, ina fheidhm …
|
Ba cheart go mbeadh comhaltaí neamhspleácha14 den chomhlacht bainistíochta, ina fheidhm mhaoirseachta, rannpháirteach go gníomhach i gcoistí.
14 Mar a shainmhínítear i Roinn 9.3 de threoirlínte comhpháirteacha ESMA agus ÚBE maidir leis an measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus sealbhóirí eochairfheidhme faoi Threoir (AE) 2013/36 agus Treoir (AE) 2014/65
|
|
51. I gcás inar gá coistí a bhunú i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/2034 nó leis an dlí náisiúnta …
|
I gcás inar gá coistí a bhunú i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/2034 nó leis an dlí náisiúnta, mar phrionsabal ginearálta, ba cheart go mbeidís comhdhéanta de thriúr comhaltaí ar a laghad agus comhalta neamhspleách amháin ar a laghad a bheith ainmnithe, agus na critéir a leagtar amach i dTeideal I de na treoirlínte seo agus treoirlínte comhpháirteacha ÚBE agus ESMA maidir le measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus sealbhóirí eochairfheidhme á gcur san áireamh. I gcás nach bhfuil líon leordhóthanach comhaltaí laistigh den chomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta chun comhdhéanamh fónta coistí a áirithiú mar a leagtar amach sa roinn seo, féadfar cúraimí an choiste a tharmligean chuig comhalta amháin den chomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta, agus tacaíonn an fhoireann leis an gcomhalta sin, de réir mar is cuí. Féadfaidh coistí a bheith comhdhéanta den ghrúpa céanna comhaltaí, agus na critéir a leagtar amach i dTeideal I agus líon na gcomhaltaí neamhspleácha den chomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta á gcur san áireamh, mar aon leis an taithí, an t-eolas agus na scileanna sonracha a theastaíonn ó na coistí ina n-aonar nó i dteannta a chéile. Ba cheart an réasúnaíocht atá mar bhonn le comhdhéanamh na gcoistí a dhoiciméadú.
|
|
52. Ba cheart go mbeadh an coiste riosca comhdhéanta de chomhaltaí neamhfheidhmiúcháin den …
|
Ba cheart go mbeadh an coiste riosca comhdhéanta de chomhaltaí neamhfheidhmiúcháin den chomhlacht bainistíochta i bhfeidhm mhaoirseachta an ghnólachta infheistíochta lena mbaineann. Ba cheart go mbeadh an coiste luacha saothair comhdhéanta i gcomhréir le Roinn 2.3 de threoirlínte ÚBE maidir le beartais luacha saothair fhónta15 .
15 Treoirlínte ÚBE maidir le beartais luacha saothair fhónta faoi Airteagal 34(3) de Threoir (AE) 2019/2034
|
|
53. Ba cheart do chomhalta neamhspleách cathaoirleacht a dhéanamh ar an gcoiste riosca, más féidir. …
|
Ba cheart do chomhalta neamhspleách cathaoirleacht a dhéanamh ar an gcoiste riosca, más féidir. Ba cheart go mbeadh eolas, scileanna agus saineolas iomchuí, ar bhonn aonair agus i dteannta a chéile, ag comhaltaí an choiste riosca, maidir leis an bpróiseas roghnúcháin agus ceanglais oiriúnachta agus maidir le cleachtais bainistíochta riosca agus cleachtais rialaithe faoi seach. I ngach gnólacht infheistíochta, níor cheart go mbeadh cathaoirleach an choiste riosca, más féidir, ag feidhmiú mar chathaoirleach an chomhlachta bainistíochta ná mar chathaoirleach ar aon choiste eile.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|