|
Sonraítear sna treoirlínte sin conas ba cheart d’institiúidí achoimre ar a gcumas téarnaimh foriomlán a áireamh sna pleananna téarnaimh agus téarnaimh grúpa i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 7 agus le hIarscríbhinn, Roinn A, pointe (1) de Threoir 2014/59/AE2 agus le Caibidil 1, Roinn II de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1075 ón gCoimisiún3 agus conas ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chumas téarnaimh foriomlán na n-institiúidí i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar na pleananna téarnaimh agus téarnaimh grúpa i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 8 den Treoir sin agus le Caibidil 1, Roinn III den Rialachán Tarmligthe sin ón gCoimisiún.
2 Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190). 3 Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1075 ón gCoimisiún an 23 Márta 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear inneachar na bpleananna téarnaimh, na bpleananna réitigh agus na bpleananna réitigh grúpa, an t-íosmhéid critéir a bheidh le measúnú ag an údarás inniúil maidir le pleananna téarnaimh agus pleananna téarnaimh grúpa, na coinníollacha maidir le tacaíocht airgeadais ghrúpa, na ceanglais maidir le luachálaithe neamhspleácha, aitheantas conarthach cumhachtaí díluachála agus comhshó, nósanna imeachta agus inneachar na gceanglas maidir le fógra a thabhairt agus maidir le fógra fionraíochta agus feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí réitigh (IO L 184, 8.7.2016, lch. 1).
|