+4.7 Bronnadh, leasú agus tarraingt siar an údaraithe
---+26. Chun a mheasúnú an féidir leis an ngrúpa gnólachtaí infheistíochta a chead tástála caipitil …
---+27. Chun a mheasúnú an féidir leis an ngrúpa gnólachta infheistíochta a chead tástála caipitil …
---+28. I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil nach bhfuil na coinníollacha faoinar bronnadh tástáil …
---+29. Más rud é gur tugadh cead tástála caipitil grúpa don mháthairghnólacht infheistíochta de chuid …

4.7 Bronnadh, leasú agus tarraingt siar an údaraithe

4.7 Bronnadh, leasú agus tarraingt siar an údaraithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
26. Chun a mheasúnú an féidir leis an ngrúpa gnólachtaí infheistíochta a chead tástála caipitil …

Chun a mheasúnú an féidir leis an ngrúpa gnólachtaí infheistíochta a chead tástála caipitil grúpa a choinneáil ar bun, cead a tugadh i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2019/2033, nó cead méid níos ísle a bhronntar i gcomhréir le hAirteagal 8(4) den Rialachán sin, ba cheart do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar fhaisnéis a chuirtear ar fáil ag an máthairghnólacht infheistíochta de chuid an Aontais, ag an máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta de chuid an Aontais nó ag an máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha de chuid an Aontais maidir le haon athrú ábhartha a tharlaíonn tar éis an cead sin a dheonú, go háirithe i gcás ina bhféadfadh athrú den sórt sin difear a dhéanamh do chomhlíonadh na gcoinníollacha agus na sonraíochtaí ar ar a mbonn a tugadh an cead.

27. Chun a mheasúnú an féidir leis an ngrúpa gnólachta infheistíochta a chead tástála caipitil …

Chun a mheasúnú an féidir leis an ngrúpa gnólachta infheistíochta a chead tástála caipitil grúpa a choinneáil ar bun, cead a tugadh i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2019/2033, nó cead méid níos ísle a bhronntar i gcomhréir le hAirteagal 8(4) den Rialachán sin, ba cheart do na húdaráis inniúla féachaint le haon fhaisnéis atá ábhartha chun críche fhaireachán na n-údarás sin a fháil ón máthairghnólacht infheistíochta de chuid an Aontais, ón máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta de chuid an Aontais, ón máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta de chuid an Aontais, ón máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha de chuid an Aontais nó ó aon mháthairghnóthas ábhartha eile.

28. I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil nach bhfuil na coinníollacha faoinar bronnadh tástáil …

I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil nach bhfuil na coinníollacha faoinar bronnadh tástáil caipitil grúpa nó cead méid níos ísle á gcomhlíonadh a thuilleadh, ba cheart dó a mheas, gan moill mhíchuí agus tar éis dó tuairimí na máthairchuideachta infheistíochta de chuid an Aontais, na máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais nó na máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha de chuid an Aontais a éisteacht, ar cheart an cead sin a chúlghairm. Má chúlghairtear an cead tástála caipitil grúpa, ba cheart aon chead gaolmhar méid ní b’ísle a tugadh a chúlghairm freisin agus ba cheart an grúpa a bheith faoi réir maoirseacht chomhdhlúite faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/2033.

29. Más rud é gur tugadh cead tástála caipitil grúpa don mháthairghnólacht infheistíochta de chuid …

Más rud é gur tugadh cead tástála caipitil grúpa don mháthairghnólacht infheistíochta de chuid an Aontais, don mháthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta de chuid an Aontais nó don mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha de chuid an Aontais agus nár cheart cead méid ar leith ní b’ísle a bheith mar thoradh ar chúlghairm an cheada sin, níor cheart cúlghairm an chéad cheada a bheith mar thoradh air sin go huathoibríoch, agus ba cheart cúlghairm an dara ceann a bheith mar thoradh i gcónaí ar chúlghairm an dara ceann.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/