+24. Féadfaidh institiúidí airgeadais staonadh ó shonraí stairiúla dá bhforáiltear i mír 16 de na …

24. Féadfaidh institiúidí airgeadais staonadh ó shonraí stairiúla dá bhforáiltear i mír 16 de na …

Féadfaidh institiúidí airgeadais staonadh ó shonraí stairiúla dá bhforáiltear i mír 16 de na treoirlínte a chur isteach an athuair sna cásanna seo a leanas:

  • a. i gcás ina bhforáiltear go soiléir sna freagraí ar na Ceisteanna agus Freagraí maidir le Leabhar Rialacha Aonair ÚBE2 (lena gcumhdaítear ceisteanna teicniúla maidir le tuairisciú agus beartas araon) gur measadh na forálacha reachtacha nó na ceanglais tuairiscithe a bheith míchruinn agus go mbeidh gá le hathruithe ar shonraí tuairiscithe mar gheall ar na soiléirithe ar cheanglais rialála den sórt sin a chuirtear ar fáil sna Freagraí. I gcásanna den sórt sin, níor cheart d’institiúidí airgeadais athruithe ábhartha a chur i bhfeidhm ach amháin maidir le sonraí a bheidh ann amach anseo le haghaidh na ndátaí tagartha tar éis fhoilsiú an fhreagra mar chuid de na Ceisteanna agus Freagraí.

Tá feidhm ag an díolúine sin gan dochar do mhír 28 de na treoirlínte. Tugtar faoi deara freisin gur cheart do na hinstitiúidí airgeadais an cur chuige ginearálta a choimeád maidir le hath-thíolacadh sonraí stairiúla mar a leagtar amach sna treoirlínte le haghaidh gach freagra eile ar na Ceisteanna agus Freagraí, i gcás ina bhfuiltear ag súil le ceartúcháin ar na sonraí sa Fhreagra;

  • b. i gcás ina dtagann na ceartúcháin faoi na teorainneacha nó faoi na tairseacha lamháltais a shainítear trí na rialacha comhdaithe comhaontaithe mar chuid den phróiseas bailíochtaithe sonraí agus dearbhaithe cáilíochta3 , agus, dá bhrí sin, go measann na húdaráis inniúla, na húdaráis réitigh nó ÚBE go bhfuil na sonraí a chuirtear isteach ag institiúidí airgeadais cruinn go leor.

2 https://www.eba.europa.eu/single-rule-book-qa

3 Féach an leathanach gréasáin Creataí Tuairiscithe ÚBE: https://www.eba.europa.eu/risk-analysis-and-data/reporting-frameworks

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/