+4. Ceanglais ar institiúidí airgeadais maidir le sonraí stairiúla a chur isteach an athuair
---+13. I gcás ina dtagann institiúidí airgeadais ar aon mhíchruinneas nó ar aon earráidí sna sonraí …
---+14. Ba cheart a áireamh mar chuid de na ceartúcháin atá le cur faoi bhráid na n-údarás an athuair …
---+15. I gcás nach ndéanann earráidí, míchruinneas agus na ceartúcháin ghaolmhara difear ach do na …
---+16. I gcás ina mbeidh tionchar ag earráidí, ag míchruinneas agus ag na ceartúcháin ghaolmhara sna …
---+17. I gcás ina ndéanann earráidí, míchruinneas agus ceartúcháin ghaolmhara sna sonraí a …
---+18. I gcás ina gcuireann údaráis inniúla minicíochtaí tuairiscithe níos airde i bhfeidhm mar bheart …
---+19. I gcás nach ndéanann earráidí, míchruinneas agus ceartúcháin ghaolmhara difear ach do na sonraí …
---+20. Ní mhaolaítear an oibleagáid atá ar institiúidí airgeadais na sonraí reatha agus stairiúla …
---+21. I gcás ina n-éilíonn na húdaráis inniúla nó na húdaráis réitigh é, ba cheart d’institiúidí …
---+22. Ag brath ar mheasúnú na n-institiúidí airgeadais féin ar ábharthacht na gceartúchán, agus i …
---+23. Ba cheart d’institiúidí airgeadais na cumais theicniúla a choimeád chun na sonraí ábhartha a …
---+24. Féadfaidh institiúidí airgeadais staonadh ó shonraí stairiúla dá bhforáiltear i mír 16 de na …
|
4. Ceanglais ar institiúidí airgeadais maidir le sonraí stairiúla a chur isteach an athuair
4. Ceanglais ar institiúidí airgeadais maidir le sonraí stairiúla a chur isteach an athuair
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
13. I gcás ina dtagann institiúidí airgeadais ar aon mhíchruinneas nó ar aon earráidí sna sonraí …
|
I gcás ina dtagann institiúidí airgeadais ar aon mhíchruinneas nó ar aon earráidí sna sonraí stairiúla tuairiscithe, ba cheart dóibh ceartúcháin a dhéanamh ar shonraí a tuairiscíodh cheana, ar cheart iad a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil nó réitigh gan moill mhíchuí.
|
|
14. Ba cheart a áireamh mar chuid de na ceartúcháin atá le cur faoi bhráid na n-údarás an athuair …
|
Ba cheart a áireamh mar chuid de na ceartúcháin atá le cur faoi bhráid na n-údarás an athuair na heilimintí i gcás inar aimsíodh na hearráidí agus na sonraí gaolmhara uile a ndearna na ceartúcháin difear dóibh sna tuarascálacha céanna nó i dtuarascálacha gaolmhara. Ba cheart na sonraí ceartaithe a bheith i gcomhréir leis na rialacha bailíochtaithe uile, agus thar mhodúil tuairiscithe agus ordlathais bhailíochtaithe freisin.
|
|
15. I gcás nach ndéanann earráidí, míchruinneas agus na ceartúcháin ghaolmhara difear ach do na …
|
I gcás nach ndéanann earráidí, míchruinneas agus na ceartúcháin ghaolmhara difear ach do na sonraí reatha amháin, ba cheart d’institiúidí airgeadais na sonraí reatha ceartaithe a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil nó réitigh an athuair.
|
|
16. I gcás ina mbeidh tionchar ag earráidí, ag míchruinneas agus ag na ceartúcháin ghaolmhara sna …
|
I gcás ina mbeidh tionchar ag earráidí, ag míchruinneas agus ag na ceartúcháin ghaolmhara sna sonraí reatha ar na sonraí stairiúla freisin, ba cheart d’institiúidí airgeadais, chomh maith leis na sonraí reatha ceartaithe a chur isteach an athuair, na sonraí stairiúla a ndearnadh difear dóibh a chur isteach an athuair le haghaidh na ndátaí tagartha mar a fhoráiltear thíos, ag brath ar mhinicíocht an tuairiscithe lena mbaineann: - a. i gcás na sonraí a thuairiscítear le minicíocht bhliantúil, ba cheart d’institiúidí airgeadais sonraí stairiúla le haghaidh na ndátaí tagartha roimhe sin a chur siar bliain féilire amháin ar a laghad (dáta tagartha amháin sa bhreis ar dháta tagartha na sonraí reatha);
- b. maidir leis na sonraí a thuairiscítear le minicíocht leathbhliantúil, ba cheart d’institiúidí airgeadais sonraí stairiúla le haghaidh na ndátaí tagartha roimhe sin a chur isteach an athuair bliain féilire amháin ar a laghad (dhá dháta tagartha sa bhreis ar dháta tagartha na sonraí reatha);
- c. maidir leis na sonraí a thuairiscítear le minicíocht ráithiúil, ba cheart d’institiúidí airgeadais sonraí stairiúla le haghaidh na ndátaí tagartha roimhe sin a chur isteach an athuair bliain féilire amháin ar a laghad (ceithre dháta tagartha sa bhreis ar dháta tagartha na sonraí reatha);
- d. maidir leis na sonraí a thuairiscítear le minicíocht mhíosúil, ba cheart d’institiúidí airgeadais sonraí stairiúla le haghaidh na ndátaí tagartha roimhe sin a chur isteach an athuair sé mhí féilire ar a laghad (sé dháta tagartha ar a laghad sa bhreis ar dháta tagartha na sonraí reatha atá le cur isteach an athuair) agus, i gcás nach gcumhdaítear na sonraí ag deireadh na bliana féilire roimhe sin leis na sé mhí féilire sin, ba cheart dóibh na dátaí tagartha uile go dtí dheireadh na bliana féilire roimhe sin a chur isteach an athuair.
|
|
17. I gcás ina ndéanann earráidí, míchruinneas agus ceartúcháin ghaolmhara sna sonraí a …
|
I gcás ina ndéanann earráidí, míchruinneas agus ceartúcháin ghaolmhara sna sonraí a thuairiscítear le minicíocht mhíosúil difear freisin do na sonraí céanna nó do na sonraí gaolmhara faoina dtuairiscítear minicíocht éagsúil, ba cheart do na hinstitiúidí airgeadais na sonraí gaolmhara le haghaidh na ndátaí tagartha a thagann laistigh den tréimhse a chumhdaítear le hath-thíolacadh na sonraí míosúla ceartaithe a cheartú agus a chur isteach an athuair.
|
|
18. I gcás ina gcuireann údaráis inniúla minicíochtaí tuairiscithe níos airde i bhfeidhm mar bheart …
|
I gcás ina gcuireann údaráis inniúla minicíochtaí tuairiscithe níos airde i bhfeidhm mar bheart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 104(1) litir (j) de Threoir 2013/36/AE nó le hAirteagal 39(2) litir (j) de Threoir (AE) 2019/2034, ba cheart d’institiúidí airgeadais sonraí stairiúla a chur isteach an athuair i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i mír 16 de na treoirlínte ag glacadh leis gurb iad na minicíochtaí tuairiscithe minicíocht rialta an cheanglais tuairiscithe de réir chreat tuairiscithe ÚBE.
|
|
19. I gcás nach ndéanann earráidí, míchruinneas agus ceartúcháin ghaolmhara difear ach do na sonraí …
|
I gcás nach ndéanann earráidí, míchruinneas agus ceartúcháin ghaolmhara difear ach do na sonraí stairiúla suas le bliain féilire amháin roimh na sonraí reatha, de mhaolú ar mhír 16, ba cheart d’institiúidí airgeadais sonraí stairiúla ceartaithe a chur isteach athuair le haghaidh an dáta tagartha ar tharla an earráid agus le haghaidh na ndátaí tagartha uile suas go dtí na sonraí reatha nó go dtí an dáta tagartha nuair a mheastar na sonraí a bheith ceart.
|
|
20. Ní mhaolaítear an oibleagáid atá ar institiúidí airgeadais na sonraí reatha agus stairiúla …
|
Ní mhaolaítear an oibleagáid atá ar institiúidí airgeadais na sonraí reatha agus stairiúla maidir le dáta tagartha sonrach a cheartú trí imeacht ama agus ba cheart d’institiúidí airgeadais gníomhú i gcomhréir leis na treoirlínte sin gan moill mhíchuí. I gcás ina leanann institiúidí airgeadais de shonraí a chur isteach an athuair le haghaidh dátaí tagartha níos déanaí, ba cheart dóibh na sonraí stairiúla ag an am sin a thabhairt cothrom le dáta a luaithe a shainaithneofaí oibleagáid maidir le cur isteach an athuair i gcomhréir leis na treoirlínte seo.
|
|
21. I gcás ina n-éilíonn na húdaráis inniúla nó na húdaráis réitigh é, ba cheart d’institiúidí …
|
I gcás ina n-éilíonn na húdaráis inniúla nó na húdaráis réitigh é, ba cheart d’institiúidí airgeadais na sonraí stairiúla a chuirtear isteach an athuair a fhorlíonadh le mínithe iomchuí ar na ceartúcháin agus ar na cúiseanna gaolmhara.
|
|
22. Ag brath ar mheasúnú na n-institiúidí airgeadais féin ar ábharthacht na gceartúchán, agus i …
|
Ag brath ar mheasúnú na n-institiúidí airgeadais féin ar ábharthacht na gceartúchán, agus i gcás nach n-éilíonn na húdaráis inniúla ná réitigh go sainráite iad, féadfaidh institiúidí airgeadais na sonraí stairiúla a chuirtear isteach an athuair a fhorlíonadh le mínithe iomchuí ar na ceartúcháin agus ar na cúiseanna atá leis na sonraí stairiúla a chur isteach an athuair le haghaidh níos mó dátaí tagartha i gcomparáid leis na ceanglais a leagtar amach i mír 16.
|
|
23. Ba cheart d’institiúidí airgeadais na cumais theicniúla a choimeád chun na sonraí ábhartha a …
|
Ba cheart d’institiúidí airgeadais na cumais theicniúla a choimeád chun na sonraí ábhartha a chur isteach den chéad uair agus a chur isteach an athuair agus úsáid á baint as an bhformáid theicniúil a n-éilíonn na húdaráis inniúla nó réitigh í.
|
|
24. Féadfaidh institiúidí airgeadais staonadh ó shonraí stairiúla dá bhforáiltear i mír 16 de na …
|
Féadfaidh institiúidí airgeadais staonadh ó shonraí stairiúla dá bhforáiltear i mír 16 de na treoirlínte a chur isteach an athuair sna cásanna seo a leanas: - a. i gcás ina bhforáiltear go soiléir sna freagraí ar na Ceisteanna agus Freagraí maidir le Leabhar Rialacha Aonair ÚBE2 (lena gcumhdaítear ceisteanna teicniúla maidir le tuairisciú agus beartas araon) gur measadh na forálacha reachtacha nó na ceanglais tuairiscithe a bheith míchruinn agus go mbeidh gá le hathruithe ar shonraí tuairiscithe mar gheall ar na soiléirithe ar cheanglais rialála den sórt sin a chuirtear ar fáil sna Freagraí. I gcásanna den sórt sin, níor cheart d’institiúidí airgeadais athruithe ábhartha a chur i bhfeidhm ach amháin maidir le sonraí a bheidh ann amach anseo le haghaidh na ndátaí tagartha tar éis fhoilsiú an fhreagra mar chuid de na Ceisteanna agus Freagraí.
Tá feidhm ag an díolúine sin gan dochar do mhír 28 de na treoirlínte. Tugtar faoi deara freisin gur cheart do na hinstitiúidí airgeadais an cur chuige ginearálta a choimeád maidir le hath-thíolacadh sonraí stairiúla mar a leagtar amach sna treoirlínte le haghaidh gach freagra eile ar na Ceisteanna agus Freagraí, i gcás ina bhfuiltear ag súil le ceartúcháin ar na sonraí sa Fhreagra; - b. i gcás ina dtagann na ceartúcháin faoi na teorainneacha nó faoi na tairseacha lamháltais a shainítear trí na rialacha comhdaithe comhaontaithe mar chuid den phróiseas bailíochtaithe sonraí agus dearbhaithe cáilíochta3 , agus, dá bhrí sin, go measann na húdaráis inniúla, na húdaráis réitigh nó ÚBE go bhfuil na sonraí a chuirtear isteach ag institiúidí airgeadais cruinn go leor.
2 https://www.eba.europa.eu/single-rule-book-qa 3 Féach an leathanach gréasáin Creataí Tuairiscithe ÚBE: https://www.eba.europa.eu/risk-analysis-and-data/reporting-frameworks
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|