+10. Creat rialaithe inmheánaigh a chur chun feidhme
---+67. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta a bheith freagrach as leordhóthanacht agus éifeachtacht …
---+68. Ba cheart d’eisitheoir ARTanna próiseas cinnteoireachta soiléir, trédhearcach agus …
---+69. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna na beartais, na sásraí agus na nósanna imeachta sin a chur in …
---+70. Ba cheart do na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh a fhíorú go ndéantar na beartais, sásraí agus …
---+71. Ba cheart go gcuirfeadh feidhmeanna rialaithe inmheánaigh tuarascálacha i scríbhinn faoi bhráid …
|
10. Creat rialaithe inmheánaigh a chur chun feidhme
10. Creat rialaithe inmheánaigh a chur chun feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
67. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta a bheith freagrach as leordhóthanacht agus éifeachtacht …
|
Ba cheart don chomhlacht bainistíochta a bheith freagrach as leordhóthanacht agus éifeachtacht an chreata rialaithe inmheánaigh, na bpróiseas agus na sásraí a bhunú agus faireachán a dhéanamh orthu, agus as maoirseacht a dhéanamh ar gach líne ghnó agus ar gach aonad inmheánach, lena n-áirítear feidhmeanna rialaithe inmheánaigh (amhail comhlíonadh, bainistiú riosca agus feidhmeanna iniúchóireachta inmheánaí i gcás ina bhfuil siad bunaithe). Ba cheart d’eisitheoir ARTanna beartais, sásraí agus nósanna imeachta rialaithe inmheánaigh leordhóthanacha i scríbhinn a bhunú, a choinneáil ar bun agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta, ar beartais, sásraí agus nósanna imeachta iad ba cheart don chomhlacht bainistíochta a fhormheas. I gcás nach mbunaítear aon fheidhm bainistíochta riosca, ba cheart don chomhlacht bainistíochta a bheith freagrach as nósanna imeachta agus beartais leordhóthanacha maidir le bainistiú riosca a bhunú, a thabhairt cothrom le dáta agus faireachán a dhéanamh orthu.
|
|
68. Ba cheart d’eisitheoir ARTanna próiseas cinnteoireachta soiléir, trédhearcach agus …
|
Ba cheart d’eisitheoir ARTanna próiseas cinnteoireachta soiléir, trédhearcach agus doiciméadaithe a bheith aige agus leithdháileadh soiléir freagrachtaí agus údaráis laistigh dá chreat rialaithe inmheánaigh, lena n-áirítear a línte gnó, a aonaid inmheánacha agus a fheidhmeanna rialaithe inmheánaigh.
|
|
69. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna na beartais, na sásraí agus na nósanna imeachta sin a chur in …
|
Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna na beartais, na sásraí agus na nósanna imeachta sin a chur in iúl don fhoireann ar fad agus gach uair a dhéantar athruithe ábhartha.
|
|
70. Ba cheart do na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh a fhíorú go ndéantar na beartais, sásraí agus …
|
Ba cheart do na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh a fhíorú go ndéantar na beartais, sásraí agus nósanna imeachta a leagtar amach sa chreat rialaithe inmheánaigh a chur chun feidhme i gceart ina réimsí inniúlachta faoi seach.
|
|
71. Ba cheart go gcuirfeadh feidhmeanna rialaithe inmheánaigh tuarascálacha i scríbhinn faoi bhráid …
|
Ba cheart go gcuirfeadh feidhmeanna rialaithe inmheánaigh tuarascálacha i scríbhinn faoi bhráid an chomhlachta bainistíochta go rialta maidir le móreasnaimh a sainaithníodh. Ba cheart go n-áireofaí sna tuarascálacha sin, i gcás gach móreasnamh nua a shainaithneofar, na rioscaí ábhartha a bheidh i gceist, measúnú tionchair, moltaí agus bearta ceartaitheacha a bheidh le cur i gcrích. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta obair leantach a dhéanamh ar thorthaí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh ar bhealach tráthúil agus éifeachtach agus bearta ceartaitheacha leordhóthanacha a éileamh. Ba cheart nós imeachta leantach foirmiúil a bhunú maidir leis na torthaí agus na bearta ceartaitheacha a cuireadh i gcrích.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|