+100. Agus an measúnú riosca á dhéanamh sula mbeifear ag brath ar eintiteas tríú páirtí agus le linn …
|
100. Agus an measúnú riosca á dhéanamh sula mbeifear ag brath ar eintiteas tríú páirtí agus le linn …
Agus an measúnú riosca á dhéanamh sula mbeifear ag brath ar eintiteas tríú páirtí agus le linn faireachán leanúnach a dhéanamh ar fheidhmíocht an eintitis tríú páirtí, ba cheart d’eisitheoir ARTanna an méid seo a leanas a dhéanamh ar a laghad: - a. na feidhmeanna ábhartha agus na sonraí gaolmhara agus na córais ghaolmhara a shainaithint agus a aicmiú maidir lena n-íogaireacht agus a gcriticiúlacht agus na bearta slándála is gá;
- b. anailís chríochnúil rioscabhunaithe a dhéanamh ar na feidhmeanna agus ar na sonraí gaolmhara agus ar na córais ghaolmhara atá á mbreithniú don socrú agus aghaidh a thabhairt ar na rioscaí ionchasacha, go háirithe na rioscaí oibriúcháin, lena n-áirítear rioscaí fochonraitheoireachta, dlíthiúla, TFC, rioscaí comhlíonta agus rioscaí do chlú, agus na teorainneacha formhaoirseachta a bhaineann leis na tíortha ina bhfuil na seirbhísí á soláthar nó ina bhféadfadh na seirbhísí a bheith á soláthar;
- c. breithniú a dhéanamh ar spleáchais gheografacha agus ar bhainistiú na rioscaí gaolmhara. D’fhéadfadh baint a bheith ag na rioscaí sin leis an timpeallacht eacnamaíoch, airgeadais, pholaitiúil, dhlíthiúil agus rialála sa dlínse nó sna dlínsí ina mbeidh an tseirbhís ábhartha.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|