+C.2.3 Eolas, scileanna agus taithí comhchoiteann iomchuí
---+28. Ba cheart a áirithiú le comhdhéanamh an chomhlachta bainistíochta go bhfuil an t-eolas, na …
|
C.2.3 Eolas, scileanna agus taithí comhchoiteann iomchuí
C.2.3 Eolas, scileanna agus taithí comhchoiteann iomchuí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
28. Ba cheart a áirithiú le comhdhéanamh an chomhlachta bainistíochta go bhfuil an t-eolas, na …
|
Ba cheart a áirithiú le comhdhéanamh an chomhlachta bainistíochta go bhfuil an t-eolas, na scileanna agus an taithí iomchuí aige i dteannta a chéile atá riachtanach chun gníomhaíochtaí gnó uile eisitheora ARTanna nó CASP a dhéanamh agus chun a fhreagrachtaí uile a chomhlíonadh. Áirítear leis sin go bhfuil tuiscint iomchuí ag an gcomhlacht bainistíochta i dteannta a chéile ar réimsí gnó agus ar ghníomhaíochtaí uile an eisitheora ARTanna nó CASP. Ba cheart go mbeadh eolas, scileanna agus taithí iomchuí ag an gcomhlacht bainistíochta, ina iomláine, maidir leis na gnéithe a liostaítear faoi chuid C.2.2 agus ina theannta sin maidir leis an méid seo a leanas: - a. Bainistiú éifeachtach, fónta agus stuama an eisitheora ARTanna nó CASPanna, lena n-áirítear:
- i. bainistiú leanúnachais gnó,
- ii. leas a chliaint agus sláine an mhargaidh a bhreithniú go leordhóthanach,6
- iii. bainistiú na bpríomhrioscaí a bhaineann le criptea-shócmhainní a chruthú, a úsáid agus a bhainistiú, bainistiú rioscaí oibríochtúla, lena n-áirítear cibear-riosca,
- iv. bearta braite agus coiscthe calaoise a chur chun feidhme,
- v. tosca ESG agus rioscaí ESG, go háirithe maidir leis an sásra comhthola,
- b. an timpeallacht dhlíthiúil agus rialála,
- c. an dlí conarthach,
- d. cosaint tomhaltóirí,
- e. teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide agus slándáil, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, na sásraí comhthola a chuirtear i bhfeidhm,
- f. mórleabhar dáilte nó teicneolaíochtaí comhchosúla atá ábhartha dá ngníomhaíochtaí gnó,
- g. cuntasaíocht agus tuairisciú airgeadais,
- h. gníomhaíochtaí na bhfeidhmeanna nó na nósanna imeachta bainistithe riosca, comhlíonta agus iniúchóireachta inmheánaí, lena n-áirítear na feidhmeanna nó na nósanna imeachta sin a chur ar bun,
- i. margaí airgeadais áitiúla agus trasteorann ábhartha, lena n-áirítear ardáin trádála ábhartha,
- j. scileanna agus taithí bhainistíochta,
- k. an cumas pleanáil straitéiseach a dhéanamh,
- l. bainistiú grúpaí agus rioscaí a bhaineann le struchtúir ghrúpa, i gcás inar máthairchuideachta den ghrúpa é eisitheoir ARTanna nó CASP.
6 Féach RTS maidir le coinbhleacht leasa
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|