+Teimpléad chun críocha Airteagal 17(1), pointe (b)(ii), agus Airteagal 18(2), pointe (e) de Rialachán (AE) 2023/1114
---+14. Institiúidí creidmheasa, agus daoine dlítheanacha agus gnóthais eile a bhfuil sé beartaithe acu …
---+15. Ba cheart gach réimse a leagtar amach sa teimpléad a chomhlánú leis an bhfaisnéis uile ba ghá …
---+16. Ba cheart do chomhairleoir dlí inmheánach nó seachtrach an teimpléad a chomhlánú. Ba cheart don …

Teimpléad chun críocha Airteagal 17(1), pointe (b)(ii), agus Airteagal 18(2), pointe (e) de Rialachán (AE) 2023/1114

Teimpléad chun críocha Airteagal 17(1), pointe (b)(ii), agus Airteagal 18(2), pointe (e) de Rialachán (AE) 2023/1114

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
14. Institiúidí creidmheasa, agus daoine dlítheanacha agus gnóthais eile a bhfuil sé beartaithe acu …

Institiúidí creidmheasa, agus daoine dlítheanacha agus gnóthais eile a bhfuil sé beartaithe acu ART a thairiscint don phobal nó a bhfuil ligean isteach chun a thrádála á iarraidh acu, ba cheart dóibh an teimpléad dá dtagraítear in Iarscríbhinn B a úsáid chun críocha na tuairime dlíthiúla maidir le cáiliú na cripteashócmhainne dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointe (b)(ii) agus Airteagal 18(2), pointe (e) de Rialachán (AE) 2023/1114.

15. Ba cheart gach réimse a leagtar amach sa teimpléad a chomhlánú leis an bhfaisnéis uile ba ghá …

Ba cheart gach réimse a leagtar amach sa teimpléad a chomhlánú leis an bhfaisnéis uile ba ghá chun míniú soiléir, cothrom, iomlán agus nach mbeadh míthreorach a thabhairt ar aicmiú na cripteashócmhainne. Ba cheart tagairt a dhéanamh don mhéid seo a leanas chun bonn eolais a chur faoin míniú ar aicmiú na cripteashócmhainne:

  • a. foinse na sainmhínithe a cuireadh san áireamh i gcás gach táirge rialála dá dtagraítear sa teimpléad, lena n-áirítear dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme;
  • b. iomlán:
  • i. chásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus na gcúirteanna náisiúnta;
  • ii. na mbeart rialála, lena n-áirítear rialacha agus treoir, sa Bhallstát lena mbaineann;
  • iii. na treorach léirmhínithí ón gCoimisiún Eorpach agus Treoirlínte ó na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha;
  • iv. na treorach léirmhínithí ó údaráis inniúla nó aon fhoinse eile atá ábhartha maidir le léirmhíniú coincheap rialála.
16. Ba cheart do chomhairleoir dlí inmheánach nó seachtrach an teimpléad a chomhlánú. Ba cheart don …

Ba cheart do chomhairleoir dlí inmheánach nó seachtrach an teimpléad a chomhlánú. Ba cheart don chomhairleoir dlí a bheith in ann an tuairim a eisiúint ar bhealach oibiachtúil, saor ó choinbhleachtaí leasa nach féidir a bhainistiú go héifeachtach. Ba cheart fianaise a chur ar fáil maidir le cumas an chomhairleora dlí, mar chleachtas gairmiúil, tuairim dhlíthiúil a eisiúint. D’fhéadfaí a áireamh leis sin, de réir mar is infheidhme, dioplóma, teastas cleachtaidh, clárú leis an gcomhlacht gairmiúil ábhartha sa Bhallstát lena mbaineann.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/