+Airteagal 99 4.

Airteagal 99 4.

Maidir le neamhchomhlíontacht le haon cheann de na forálacha seo a leanas a bhaineann le hoibreoirí nó le comhlachtaí faoina dtugtar fógra, seachas na ceanglais nó na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5, beidh an neamhchomhlíontacht sin faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 15 000 000 nó, más gnóthas é an ciontóir, faoi réir fíneálacha suas le 3 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

(a) 

oibleagáidí na soláthraithe de bhun Airteagal 16;

(b) 

oibleagáidí na n-ionadaithe údaraithe de bhun Airteagal 22;

(c) 

oibleagáidí na n-allmhaireoirí de bhun Airteagal 23;

(d) 

oibleagáidí na ndáileoirí de bhun Airteagal 24;

▼M1

(da) 

oibleagáidí na soláthraithe agus na n-oibreoirí de bhun Airteagal 25(2) agus (4);

▼B

(e) 

oibleagáidí na n-úsáideoirí gairmiúla de bhun Airteagal 26;

(f) 

ceanglais agus oibleagáidí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra de bhun Airteagal 31, Airteagal 33(1), (3)agus (4) nó Airteagal 34;

(g) 

oibleagáidí trédhearcachta i gcás soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla de bhun Airteagal 50.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas