|
+Airteagal 36 5. |
Airteagal 36 5.Chun an méid cumhdaigh neamhdhóthanaigh is infheidhme i leith neamhchosaintí neamhthuillmheacha a ríomh, agus chun na gcríoch sin amháin, i gcomhréir le mír 1, pointe (m), den Airteagal seo, de mhaolú ar Airteagal 47c agus tar éis fógra a thabhairt don údarás inniúil, is nialas an méid cumhdaigh neamhdhóthanaigh is infheidhme i leith neamhchosaintí neamhthuillmheacha arna gceannach ag athstruchtúróir speisialaithe fiachais. Beidh feidhm ag an maolú a leagtar amach san fhomhír seo ar bhonn aonair agus, i gcás grúpaí ina gcáilíonn na hinstitiúidí go léir mar athstruchtúróirí speisialaithe fiachais, ar bhonn comhdhlúite. Chun críocha na míre seo, ciallaíonn “athstruchtúróir speisialaithe fiachais” institiúid a chomhlíon, le linn na bliana airgeadais roimhe sin, na coinníollacha seo a leanas go léir ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite araon:
(a)
is é príomhghníomhaíocht na hinstitiúide neamhchosaintí neamhthuillmheacha a cheannach, a bhainistiú agus a athstruchtúrú i gcomhréir le próiseas cinnteoireachta inmheánach atá soiléir agus éifeachtach arna chur chun feidhme ag a comhlacht bainistíochta;
(b)
ní mó ná 15 % dá sócmhainní iomlána an luach cuntasaíochta a thomhaistear gan aon choigeartuithe i leith riosca creidmheasa ar a hiasachtaí tionscnaimh dílse a chur san áireamh;
(c)
is ionann ar a laghad 5 % den luach cuntasaíochta a thomhaistear gan aon choigeartuithe i leith riosca creidmheasa dá hiasachtaí tionscnaimh dílse a chur san áireamh agus athmhaoiniú iomlán nó páirteach, nó coigeartú ar théarmaí ábhartha na neamhchosaintí neamhthuillmheacha arna gceannach a cháilíonn mar bheart staonta i gcomhréir le hAirteagal 47b;
(d)
ní mó ná EUR 20 billiún luach iomlán shócmhainní na hinstitiúide;
(e)
coimeádann an institiúid, ar bhonn leanúnach, cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí 130 % ar a laghad;
(f)
ní mó ná 5 % de dhliteanais iomlána na hinstitiúide taiscí ar amharc na hinstitiúide. Tabharfaidh an t-athstruchtúróir speisialaithe fiachais fógra don údarás inniúil, gan mhoill, más rud é nach bhfuil ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír á gcomhlíonadh a thuilleadh. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do ÚBE, ar bhonn bliantúil ar a laghad, faoi chur i bhfeidhm na míre seo ag institiúidí a thagann faoina maoirseacht. Déanfaidh ÚBE liosta d’athstruchtúróirí speisialaithe fiachais a bhunú, a choimeád agus a fhoilsiú. Déanfaidh ÚBE faireachán ar ghníomhaíocht athstruchtúróirí speisialaithe fiachais agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2028 maidir le torthaí an fhaireacháin sin agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún faoi cé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha chun cáiliú mar “athstruchtúróir speisialaithe fiachais” sách rioscabhunaithe agus iomchuí i bhfianaise buntáiste a thabhairt don mhargadh tánaisteach i gcás iasachtaí neamhthuillmheacha, agus measúnú a dhéanamh chun féachaint an bhfuil gá le coinníollacha breise. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|