|
+Airteagal 94 2. |
Airteagal 94 2.I gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) de mhír 1, féadfaidh institiúidí an ceanglas maidir le cistí dílse a ngnó a bhaineann leis an leabhar trádála a ríomh mar seo a leanas:
(a)
maidir leis na conarthaí a liostaítear in Iarscríbhinn II, pointe 1, ar conarthaí iad a bhaineann le cothromais dá dtagraítear i bpointe 3 den Iarscríbhinn sin agus díorthaigh chreidmheasa, féadfaidh institiúidí na suíomhanna sin a dhíolmhú ón gceanglas maidir le cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 92(4), pointe (b), agus Airteagal 92(5), pointe (b);
(b)
maidir le suíomhanna leabhair trádála, seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, féadfaidh institiúidí an ceanglas arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(4), pointe (a), agus Airteagal 92(5), pointe (a), a chur in ionad an cheanglais maidir le cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 92(4), pointe (b), agus Airteagal 92(5), pointe (b). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|