+Airteagal 94 Maolú do ghnó beag a bhaineann leis an leabhar trádála
---+Airteagal 94 1.
---+Airteagal 94 2.
---+Airteagal 94 3.
---+Airteagal 94 4.
---+Airteagal 94 5.
---+Airteagal 94 6.
---+Airteagal 94 7.
---+Airteagal 94 8.
---+Airteagal 94 9.
---+Airteagal 94 10.
|
Airteagal 94 Maolú do ghnó beag a bhaineann leis an leabhar trádála
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 94 1.
|
►M17
De mhaolú ar Airteagal 92(4), pointe (b), agus ar Airteagal 92(5), pointe (b), féadfaidh institiúidí an ceanglas maidir le cistí dílse a ngnó a bhaineann leis an leabhar trádála a ríomh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo ar choinníoll gur lú méid gnó na n-institiúidí a bhaineann leis an leabhar trádála laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe ná an dá thairseach seo a leanas, nó go mbeidh siad cothrom leo, ar bhonn measúnú a dhéanfar orthu go míosúil agus na sonraí ón lá deireanach den mhí á n-úsáid: ◄
(a)
5 % de shócmhainní iomlána na hinstitiúide;
|
|
Airteagal 94 2.
|
I gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) de mhír 1, féadfaidh institiúidí an ceanglas maidir le cistí dílse a ngnó a bhaineann leis an leabhar trádála a ríomh mar seo a leanas:
▼M17
(a)
maidir leis na conarthaí a liostaítear in Iarscríbhinn II, pointe 1, ar conarthaí iad a bhaineann le cothromais dá dtagraítear i bpointe 3 den Iarscríbhinn sin agus díorthaigh chreidmheasa, féadfaidh institiúidí na suíomhanna sin a dhíolmhú ón gceanglas maidir le cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 92(4), pointe (b), agus Airteagal 92(5), pointe (b);
(b)
maidir le suíomhanna leabhair trádála, seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, féadfaidh institiúidí an ceanglas arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(4), pointe (a), agus Airteagal 92(5), pointe (a), a chur in ionad an cheanglais maidir le cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 92(4), pointe (b), agus Airteagal 92(5), pointe (b).
▼M8
|
|
Airteagal 94 3.
|
Déanfaidh institiúidí méid an ghnó leabhair trádála atá acu laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe a ríomh bunaithe ar shonraí ón lá deireanach de gach mí chun críocha mhír 1 i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
(a)
beidh na suíomhanna uile a shannfar don leabhar trádála i gcomhréir le hAirteagal 104 ar áireamh sa ríomh seachas sna cásanna seo a leanas:
(i)
suíomhanna a bhaineann le malairt eachtrach agus tráchtearraí;
(ii)
suíomhanna i ndíorthaigh chreidmheasa a aithnítear mar fháluithe inmheánacha ar
►C12
neamhchosaint ◄ leabhair neamhthrádála ar
►C12
riosca ◄ creidmheasa nó
►C12
neamhchosaint ◄ ar phriacal contrapháirtí agus na hidirbhearta díorthaigh chreidmheasa a fhritháiríonn go hiomlán
►C12
riosca ◄ margaidh na bhfáluithe inmheánacha sin dá dtagraítear in Airteagal 106(3);
(b)
déanfar gach suíomh a áireofar sa ríomh i gcomhréir le pointe (a) a luacháil ag a margadhluach ar an dáta áirithe sin, i gcás nach mbeidh margadhluach suímh ar fáil ar dháta áirithe, tógfaidh institiúidí luach cóir don suíomh ar an dáta sin; i gcás nach mbeidh margadhluach ná an luach cóir ar shuíomh ar fáil ar dháta áirithe, tógfaidh institiúidí an margadhluach nó an luach cóir is déanaí don suíomh sin;
▼M17
(c)
déanfar luach absalóideach an tsuímh fhada chomhiomlánaithe a shuimiú le luach absalóideach an tsuímh ghearr chomhiomlánaithe.
Chun críocha na chéad fhomhíre, is ionann suíomh fada agus suíomh ina dtiocfaidh méadú ar mhargadhluach an tsuímh nuair a thagann méadú ar luach a phríomhthionscnóra riosca, agus is ionann suíomh gearr agus suíomh ina laghdaíonn margadhluach an tsuímh nuair a thagann méadú ar luach a phríomhthionscnóra riosca. Chun críocha na chéad fhomhíre, beidh luach an tsuímh fhada (gearr) chomhiomlánaithe cothrom le suim luachanna na suíomhanna fada (gearr) aonair a áirítear sa ríomh i gcomhréir le pointe (a).
|
|
Airteagal 94 4.
|
I gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 den Airteagal seo, beag beann ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 74 agus 83 de Threoir 2013/36/AE, ní bheidh feidhm ag Airteagal 102(3) agus (4) ná ag Airteagail 103 ná 104b den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 94 5.
|
Tabharfaidh institiúidí fógra do na húdaráis inniúla nuair a ríomhfaidh siad ceanglais cistí dílse á ngnó a bhaineann leis an leabhar trádála, nó nuair a scoirfidh siad dá ríomh, i gcomhréir le mír 2.
|
|
Airteagal 94 6.
|
Institiúid nach gcomhlíonfaidh a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 tabharfaidh sí fógra ina leith don údarás inniúil gan mhoill.
|
|
Airteagal 94 7.
|
Scoirfidh institiúid de cheanglais cistí dílse a gnó a bhaineann leis an leabhar trádála a ríomh i gcomhréir le mír 2 laistigh de thrí mhí tar éis do cheann amháin de na cásanna seo a leanas tarlú:
(a)
ní chomhlíonfaidh na hinstitiúidí na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó (b) de mhír 1 ar feadh trí mhí as a chéile;
(b)
ní chomhlíonfaidh an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1 ar feadh níos mó ná 6 mhí de na 12 mhí dheireanacha.
|
|
Airteagal 94 8.
|
I gcás inar scoir institiúid de cheanglais cistí dílse a gnó a bhaineann leis an leabhar trádála atá aici a ríomh i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní cheadófar di ceanglais cistí dílse a gnó a bhaineann leis an leabhar trádála a ríomh i gcomhréir leis an Airteagal seo ach amháin i gcás ina léireoidh sí don údarás inniúil gur comhlíonadh na coinníollacha go léir a leagtar amach i mír 1 ar feadh bliain iomlán gan bhriseadh.
|
|
Airteagal 94 9.
|
Ní thiocfaidh institiúidí i suíomh leabhair trádála ná ní dhéanfaidh sí suíomh leabhair trádála a cheannach ná a dhíol nach mbeidh de chríoch acu ach aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 a chomhlíonadh i rith an mheasúnaithe mhíosúil.
|
|
Airteagal 94 10.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an modh a shonrú chun príomhthionscnóirí riosca suímh a shainaithint agus chun a chinneadh an suíomh fada nó suíomh gearr é idirbheart dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, agus in Airteagail 273a(3) agus 325a(2). Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt aige, cuirfidh ÚBE san áireamh an modh a forbraíodh le haghaidh na gcaighdeán teicniúil rialála a shainordaítear i gcomhréir le hAirteagal 279a(3), pointe (b). Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2025. Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|