|
+Airteagal 274 4. |
Airteagal 274 4.I gcás ina bhfuil feidhm ag roinnt comhaontuithe corrlaigh leis an tacar glanluachála céanna, nó i gcás ina n-áirítear sa tacar glanluachála céanna idir idirbhearta atá faoi réir comhaontú corrlaigh agus idirbhearta nach bhfuil faoi réir comhaontú corrlaigh, ríomhfaidh institiúid luach a neamhchosanta mar a leanas:
(a)
bunóidh an institiúid na fothacair hipitéiseacha glanluachála lena mbaineann, a bheidh comhdhéanta d’idirbhearta arna n-áireamh sa tacar glanluachála, mar a leanas:
(i)
déanfar gach idirbheart atá faoi réir comhaontú corrlaigh agus faoi réir na tréimhse céanna corrlaigh faoi riosca arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 285(2) go (5) a leithdháileadh chuig an bhfothacar céanna glanluachála;
(ii)
déanfar gach idirbheart nach bhfuil faoi réir comhaontú corrlaigh a leithdháileadh chuig an bhfothacar céanna glanluachála, a bheidh leithleach ó na fothacair glanluachála arna mbunú i gcomhréir le pointe (i) den mhír seo;
(b)
ríomhfaidh an institiúid costas athsholáthair an tacair glanluachála i gcomhréir le hAirteagal 275(2), agus na hidirbhearta uile sa tacar glanluachála á gcur san áireamh, bíodh siad faoi réir comhaontú corrlaigh nó ná bíodh, agus cuirfidh sí gach ceann den mhéid seo a leanas i bhfeidhm:
(i)
déanfar CMV na n-idirbheart uile laistigh de thacar glanluachála a ríomh mar aon le haon chomhthaobhacht arna sealbhú nó arna breacadh i gcás ina bhfuil margadhluachanna deimhneacha agus diúltacha arna ríomh i bhfoirm ghlan agus CMV á ríomh;
(ii)
déanfar NICA, VM, TH, agus MTA, i gcás inarb infheidhme, a ríomh ar leithligh mar shuim na n-ionchur céanna is infheidhme maidir le gach comhaontú corrlaigh ar leith de chuid an tacair glanluachála;
(c)
déanfaidh an institiúid neamhchosaint fhéideartha thodhchaíoch an tacair glanluachála dá dtagraítear in Airteagal 278 a ríomh tríd an méid seo a leanas a chur i bhfeidhm:
(i)
beidh an t-iolraitheoir dá dtagraítear in Airteagal 278(1) bunaithe ar na hionchuir CMV, NICA agus VM, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir le pointe (b) den mhír seo;
(ii)
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|