+Airteagal 314 3.

Airteagal 314 3.

De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh máthairinstitiúid AE, go dtí an 31 Nollaig 2027, cead a iarraidh ar a maoirseoir comhdhlúthacháin ús, léasanna agus comhpháirt díbhinne ar leithligh a ríomh le haghaidh aon cheann dá fo-institiúidí sonracha agus toradh an ríomha sin a chur leis an gcomhpháirt úis, léasanna agus díbhinne arna ríomh, ar bhonn comhdhlúite, d’eintitis eile an ghrúpa i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

is iad gníomhaíochtaí baincéireachta miondíola nó tráchtála na bhfochuideachtaí an chuid is mó dá ngníomhaíocht;

(b) 

tá iasachtaí a bhfuil PD ard ag baint leo ina gcion suntasach de ghníomhaíochtaí baincéireachta miondíola nó tráchtála na bhfochuideachtaí;

(c) 

soláthraíonn úsáid an mhaolaithe bonn iomchuí chun ceanglas cistí dílse mháthairinstitiúid AE le haghaidh riosca oibriúcháin a ríomh.

Agus an cead deonaithe, déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthacháin athmheasúnú ar an gcead agus ar na coinníollacha a ghabhann leis gach 2 bhliain.

Tabharfaidh an maoirseoir comhdhlúthacháin fógra do ÚBE a luaithe a thabharfar an cead sin, a dheimhneofar é nó a tharraingeofar siar é.

Faoin 31 Nollaig 2031, cuirfidh ÚBE tuarascáil chuig an gCoimisiún maidir le húsáid agus oiriúnacht an mhaolaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ag féachaint, go háirithe, do na samhlacha gnó sonracha lena mbaineann agus do leordhóthanacht na gceanglas cistí dílse gaolmhara le haghaidh riosca oibriúcháin. Ar bhonn na tuarascála sin, agus aird chuí aige ar na caighdeáin ghaolmhara a d’fhorbair CBMB arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2032.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas