|
+Airteagal 325i 3. |
Airteagal 325i 3.Féadfaidh institiúidí an cur chuige a leagtar amach i mír 2 a úsáid maidir le hionstraimí lena ndéantar tagairt do chothromas liostaithe nó d’innéacs creidmheasa i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
tá na comhpháirteanna den innéacs liostaithe agus a n-ualuithe faoi seach san innéacs sin ar eolas;
(b)
tá 20 comhpháirt ar a laghad san innéacs liostaithe;
(c)
ní hionann aon chomhpháirt aonair laistigh den innéacs liostaithe agus os cionn 25 % de chaipitliú margaidh iomlán an innéacs sin;
(d)
ní hionann aon tacar ina bhfuil an deichiú cuid de líon iomlán chomhpháirteanna an innéacs liostaithe, arna chothromú suas go dtí an chéad slánuimhir eile, agus os cionn 60 % de chaipitliú margaidh iomlán an innéacs sin;
(e)
ní lú ná EUR 40 billiún caipitliú margaidh iomlán chomhpháirteanna uile an innéacs liostaithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|