+Airteagal 416 1.

Airteagal 416 1.

Tuairisceoidh na hinstitiúidí na nithe seo a leanas mar shócmhainní leachtacha mura bhfuil siad eisiata le mír 2 sa chás go gcomhlíonann na sócmhainní leachtacha na coinníollacha i mír 3 agus sa chás sin amháin:

(a) 

airgead agus ►C9  neamhchosaintí ◄ ar bhainc cheannais a mhéid isféidir na ►C9  neamhchosaintí ◄ sin a aistarraingt ag aon am i dtréimhsí struis. Maidir le taiscí atá á sealbhú le bainc cheannais, beidh sé mar aidhm ag an údarás inniúil agus ag an mbanc ceannais teacht ar chomhthuiscint i dtaobh a mhéid is féidir cúlchistí íosta a aistarraingt i dtréimhsí struis:

(b) 

sócmhainní inaistrithe eile a bhfuil cáilíocht leachtachta agus creidmheasa fíor-ard ag baint leo;

(c) 

sócmhainní inaistrithe in ionannas d’éilimh orthu seo a leanas nó atá ráthaithe acu:

(i) 

rialtas lárnach Ballstáit, réigiún a bhfuil neamhspleáchas fioscach aige chun cáin a ghearradh agus a bhailiú, nó de chuid tríú tír, in airgeadra baile an rialtais lárnaigh nó réigiúnaigh, sa chás go dtabhaíonn an institiúid ►C9  riosca ◄ leachtachta sa Bhallstát sin nó sa tríú tír sin a chumhdaíonn sí trí na sócmhainní leachtacha sin a shealbhú;

(ii) 

bainc cheannais agus eintitis earnála poiblí, in airgeadra baile an bhainc ceannais agus an eintitis earnála poiblí;

(iii) 

an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, an Coimisiún agus bainc forbartha iltaobhacha;

(iv) 

an tSaoráid Chobhsaíochta Airgeadais Eorpach an Sásra Cobhsaíochta Eorpach

(d) 

sócmhainní inaistrithe a bhfuil cáilíocht leachtachta agus creidmheasa ard ag baint leo.

(e) 

saoráidí creidmheasa fuireachais a dheonaíonn bainc cheannais laistigh de raon feidhme beartais airgeadaíochta a mhéid nach ndéantar na saoráidí sin a chomhthaobhú le sócmhainní leachtacha ach gan cúnamh leachtachta éigeandála a áireamh;

(f) 

i gcás ina bhfuil an institiúid chreidmheasa i seilbh líonra i gcomhréir le forálacha dlí nó le forálacha reachtúla, na híostaiscí dlíthiúla nó reachtúla atá leis an institiúid chreidmheasa lárnach agus cistiú leachtach reachtúil eile nó cistiú leachtach atá ar fáil ar bhonn conarthach ón institiúid chreidmheasa lárnach nó ó institiúidí creidmheasa lárnacha ar baill iad den líonra dá dtagraítear in Airteagal 113 (7), nó atá incháilithe le haghaidh an tarscaoilte dá bhforáiltear in Airteagal 10, a mhéid nach gcomhthaobhaítear an cistiú sin le sócmhainní leachtacha.

Go dtí go sonrófar sainmhíniú aonfhoirmeach i gcomhréir le hAirteagal 460 ar cháilíocht leachtachta agus creidmheasa ard agus an-ard, sainaithneoidh institiúidí féin, in airgeadra faoi leith, sócmhainní inaistrithe a bhfuil cáilíocht leachtachta agus creidmheasa ard nó an-ard ag baint leo, faoi seach. Go dtí go sonófar sainmhíniú aonfhoirmeach, féadfaidh údaráis inniúla, agus na critéir atá liostaithe in Airteagal 509(34) (4) agus (5) á gcur san áireamh, treoir ghinearálta a thabhairt a leanfaidh institiúidí chun sócmhainní a bhfuil cáilíocht leachtachta agus creidmheasa ard agus an-ard ag baint leo a shainaithint. In éagmais treorach den sórt sin, úsáidfidh institiúidí critéir a bheidh trédhearcach agus oibiachtúil chuige sin, lena n-áirítear roinnt de na critéir atá liostaithe in Airteagal 509(34) (4) agus (5) nó iad ar fad.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas