+Airteagal 30 1.

Airteagal 30 1.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na gnólachtaí infheistíochta, agus iad ag leagan síos agus ag cur i bhfeidhm a mbeartas luacha saothair do chatagóirí foirne, lena n‐áirítear bainistíocht shinsearach, fiontraithe, baill foirne atá i mbun feidhmeanna rialúcháin agus d'aon fhostaí a fhaigheann luach saothair foriomlán atá cothrom leis an luach saothair is ísle a fhaigheann an bhainistíocht shinsearach nó na fiontraithe ar a laghad, a mbíonn tionchar ábhartha ag a ngníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta nó na sócmhainní a bhainistíonn sé, go ndéanfaidh siad na prionsabail seo a leanas a chomhlíonadh:

(a) 

déantar an beartas luacha saothair a dhoiciméadú go soiléir agus tá sé comhréireach le méid, eagar inmheánach agus cineál, raon feidhme agus castacht ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta;

(b) 

tá an beartas luach saothair inscne-neodrach;

(c) 

tá an beartas luacha saothair comhsheasmhach le bainistiú riosca fónta éifeachtach agus chuireann sé sin chun cinn;

(d) 

tá an beartas luacha saothair ag teacht le straitéis ghnó agus le cuspóirí an ghnólachta infheistíochta, agus cuirtear san áireamh ann freisin éifeachtaí fadtéarmacha na gcinntí infheistíochta a glacadh;

(e) 

tá bearta sa bheartas luacha saothair chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint, spreagtar sé iompraíocht ghnó fhreagrach agus cuireann sé glacadh riosca stuama chun cinn;

(f) 

glacann comhlacht bainistíochta an ghnólachta infheistíochta, ina cháil maoirseoireachta, an beartas luacha saothair agus athbhreithníonn sé é go tréimhsiúil agus is air atá sé de chúram maoirsiú a dhéanamh ar a chur chun feidhme;

(g) 

tá cur chun feidhme an bheartais luacha saothair faoi réir athbhreithniú lárnach neamhspleách de réir feidhmeanna rialúcháin, ar bhonn bliantúil ar a laghad;

(h) 

tá na baill foirne atá i mbun feidhmeanna rialúcháin neamhspleách ar na haonaid ghnó ar a ndéanann siad maoirsiú, tá údarás iomchuí acu, agus tugtar luach saothair dóibh i gcomhréir le gnóthú na gcuspóirí a bhaineann lena bhfeidhmeanna, gan beann ar fheidhmíocht na réimsí gnó a rialaíonn siad;

(i) 

déanann an coiste luacha saothair dá dtagraítear in Airteagal 33 nó, murar bunaíodh coiste den chineál sin, an comhlacht bainistíochta i gcáil maoirseora, maoirseacht dhíreach ar luach saothair oifigeach sinsearach atá i mbun fheidhmeanna an bhainistithe riosca agus an chomhlíonta;

(j) 

tá idirdhealú soiléir déanta sa bheartas luacha saothair, agus rialacha náisiúnta maidir le socrú tuarastail á gcur san áireamh, idir na critéir a úsáidtear chun an méid seo a leanas a chinneadh:

(i) 

luach saothair bunúsach seasta ar léiriú é go príomha ar thaithí ghairmiúil agus ar fhreagracht eagrúcháin mar a leagtar sin amach sa tuairisc ar phost an fhostaí mar chuid dá théarmaí oibre;

(ii) 

luach saothair inathraithe ar léiriú é ar fheidhmíocht inbhuanaithe agus riosca‐choigeartaithe an fhostaí, chomh maith leis an bhfeidhmíocht os cionn na tuairisce ar phost an fhostaí.

(k) 

tá an chomhpháirt sheasta ina cuid leordhóthanach den luach saothair iomlán chun gur féidir beartas lán-solúbtha a chur i bhfeidhm maidir leis na comhpháirteanna luacha saothair inathraithe, lena n‐airítear an deis a bheith ann gan aon comhpháirt luacha saothair inathraithe a íoc.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas