+Airteagal 9 Pleananna téarnaimh
---+Airteagal 9 1
---+Airteagal 9 2
---+Airteagal 9 3
---+Airteagal 9 4
---+Airteagal 9 5
---+Airteagal 9 6
---+Airteagal 9 7
---+Airteagal 9 8
---+Airteagal 9 9
---+Airteagal 9 10
---+Airteagal 9 11
---+Airteagal 9 12
---+Airteagal 9 13
---+Airteagal 9 14
---+Airteagal 9 15
---+Airteagal 9 16
---+Airteagal 9 17
---+Airteagal 9 18
---+Airteagal 9 19
---+Airteagal 9 20
---+Airteagal 9 21
---+Airteagal 9 22
---+Airteagal 9 23
|
Airteagal 9 Pleananna téarnaimh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1
|
1. Déanfaidh na CPLanna plean téarnaimh a tharraingt suas agus a choinneáil ar bun ina leagfar síos na bearta a bheidh le déanamh i gcás teagmhais mhainneachtana agus teagmhais neamh-mhainneachtana araon, agus teaglaim den dá rud sin, chun a bhfóntacht airgeadais a athbhunú, gan aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách, agus chun ligean dóibh leanúint d’fheidhmeanna criticiúla a sholáthar i ndiaidh do mheathlú suntasach teacht ar a staid airgeadais nó más ann do bhaol go sáróidh siad na ceanglais chaipitil agus stuamachta atá orthu faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
|
|
Airteagal 9 2
|
2. Leis na bearta a áireofar sa phlean téarnaimh:
|
(a)
|
tabharfar aghaidh go cuimsitheach éifeachtach ar na rioscaí uile a shainaithneofar sna cásanna éagsúla, lena n-áirítear easnaimh leachtachta neamhchumhdaithe féideartha;
|
|
(b)
|
i gcás caillteanais de bharr teagmhas mainneachtana, áiritheofar go n-athbhunófar leabhar comhoiriúnaithe agus go ndéanfar leithdháileadh iomlán na gcaillteanas neamhchumhdaithe ar chomhaltaí imréitigh, agus ar a gcliaint más creidiúnaithe díreacha de chuid an CPL iad na cliaint sin, agus ar scairshealbhóirí, agus leasanna na ngeallsealbhóirí uile á gcur san áireamh;
|
|
(c)
|
áireofar socruithe iompair caillteanais leordhóthanacha chun na caillteanais a d’fhéadfadh teacht as gach cineál teagmhas neamh-mhainneachtana a chumhdach; agus
|
|
(d)
|
cumasófar acmhainní airgeadais an CPL, lena n-áirítear a chistí dílse, a athshlánú go leibhéal a bheidh leordhóthanach chun go gcomhlíonfaidh an CPL a chuid oibleagáidí faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus chun tacú le feidhmiú leanúnach, tráthúil fheidhmeanna criticiúla an CPL.
|
|
|
Airteagal 9 3
|
3. Beidh ar áireamh sa phlean téarnaimh creat táscairí, bunaithe ar phróifíl riosca an CPL, lena sainaithneofar na cúinsí ina ndéanfar na bearta a leagfar síos sa phlean téarnaimh. Féadfaidh na táscairí a bheith de chineál cáilíochtúil nó de chineál cainníochtúil i ndáil le fóntacht airgeadais agus inmharthanacht oibríochtúil an CPL agus ba cheart a chumasú leo go bhféadfaí bearta téarnaimh a dhéanamh sách luath le go mbeadh dóthain ama ann an plean a chur chun feidhme.
|
|
Airteagal 9 4
|
4. Cuirfidh CPLanna socruithe iomchuí i bhfeidhm chun faireachán rialta a dhéanamh ar na táscairí dá dtagraítear i mír 3. Tuairisceoidh CPLanna dá n-údaráis inniúla maidir le toradh an fhaireacháin sin. Tarchuirfidh na húdaráis inniúla faisnéis chuig an gcoláiste maoirseachta, i gcás ina measann siad go mbaineann suntas leis an bhfaisnéis sin.
|
|
Airteagal 9 5
|
5. Déanfaidh ESMA, i gcomhar le BERS, faoin 12 Feabhra 2022 treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun an t-íosliosta táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a shainiú.
|
|
Airteagal 9 6
|
6. Áireoidh CPLanna ina rialacha oibríochta forálacha lena léireofar na nósanna imeachta a bheidh le leanúint acu i gcás ina mbeidh sé beartaithe acu, chun spriocanna an phróisis téarnaimh a bhaint amach, na nithe seo a leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
bearta a dhéanamh dá bhforáiltear ina bplean téarnaimh, d’ainneoin gan na táscairí ábhartha a bheith comhlíonta; nó
|
|
(b)
|
gan bearta a dhéanamh dá bhforáiltear ina bplean téarnaimh, d’ainneoin na táscairí ábhartha a bheith comhlíonta.
|
Cuirfear aon chinneadh a ghlacfar de bhun na míre seo, agus an t-údar atá leis, in iúl don údarás inniúil gan mhoill.
|
|
Airteagal 9 7
|
7. I gcás ina mbeidh sé beartaithe ag CPL a phlean téarnaimh a chur i ngníomh, tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil faoi chineál agus faoi mhéid na bhfadhbanna atá sainaitheanta aige, agus na cúinsí ábhartha uile á leagan amach aige chomh maith leis na bearta téarnaimh nó aon bheart eile a bheidh beartaithe aige chun dul i ngleic leis an staid mar aon leis na tréimhsí ama a mheastar a bheidh ag teastáil chun a fhóntacht airgeadais a athbhunú trí bhíthin na mbearta sin a úsáid.
I gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil go bhféadfaidh beart téarnaimh a bheartaíonn CPL a dhéanamh éifeachtaí díobhálacha nach beag a bheith aige ar an gcóras airgeadais nó nach dócha go mbeidh sé éifeachtach, féadfaidh sé ceangal a chur ar an CPL staonadh ón mbeart sin a dhéanamh.
Tar éis an fógra a fháil de réir an dara fomhír de mhír 6 den Airteagal seo, déanfaidh an t-údarás inniúil na cúinsí a mheasúnú láithreach bonn féachaint an gá, i gcomhréir le hAirteagal 18, cumhachtaí luath-idirghabhála a úsáid.
|
|
Airteagal 9 8
|
8. Cuirfidh an t-údarás inniúil an t-údarás réitigh agus an coláiste maoirseachta ar an eolas go pras, agus cuirfidh an t-údarás réitigh an coláiste maoirseachta ar an eolas go pras faoi aon fhógra a fuarthas i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 6 agus i gcomhréir leis an gcéad fhomhír de mhír 7 agus faoi aon treoir a thabharfaidh an t-údarás inniúil ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 7.
I gcás ina ndéanfar údarás inniúil a chur ar an eolas i gcomhréir leis an gcéad fhomhír de mhír 7 den Airteagal seo, déanfaidh sé aon luach saothair cothromais agus ionstraimí a láimhseáiltear mar chothromas, lena n-áirítear íocaíochtaí díbhinne agus aischeannach á ndéanamh ag an CPL, a shrianadh nó a thoirmeasc a mhéid is mó is féidir gan teagmhas mainneachtana a ghníomhachtú, agus féadfaidh sé aon íocaíochtaí a thabharfar mar luach saothair athraitheach arna sainiú i mbeartas luacha saothair an CPL de bhun Airteagal 26(5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, sochair phinsin lánroghnacha nó pacáistí téarfa don lucht bainistíochta sinsearaí mar a shainmhínítear i bpointe 29 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a shrianadh nó a thoirmeasc.
|
|
Airteagal 9 9
|
9. Déanfaidh CPLanna a bpleananna téarnaimh a athbhreithniú, a thástáil agus, i gcás inar gá, a thabhairt cothrom le dáta uair sa bhliain ar a laghad agus, in aon chás, tar éis aon athrú ar a struchtúr dlíthiúil nó eagraíochtúil nó ar a staid ghnó nó airgeadais a d’fhéadfadh difear ábhartha a dhéanamh do na pleananna sin nó a d’éileodh ar bhealach eile go n-athrófaí na pleananna sin. Féadfaidh na húdaráis inniúla ceangal a chur ar CPLanna a bpleananna téarnaimh a thabhairt cothrom le dáta níos minice.
|
|
Airteagal 9 10
|
10. Tarraingeofar suas pleananna téarnaimh i gcomhréir le Roinn A den Iarscríbhinn agus cuirfear san áireamh iontu na hidirthuilleamaíochtaí ábhartha uile laistigh den ghrúpa lena mbaineann an CPL. Féadfaidh na húdaráis inniúla ceangal a chur ar CPLanna faisnéis bhreise a áireamh ina bpleananna téarnaimh. I gcás inarb ábhartha, rachaidh údarás inniúil an CPL i gcomhairle le húdarás inniúil mháthairghnóthas an CPL.
|
|
Airteagal 9 11
|
11. Le pleananna téarnaimh:
|
(a)
|
ní thoimhdeofar aon rochtain ar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách, ar chúnamh leachtachta éigeandála ó bhanc ceannais ná ar chúnamh leachtachta ó bhanc ceannais arna sholáthar faoi théarmaí neamhchaighdeánacha maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh, aibíocht agus ráta ús, ná ní thoimhdeofar go bhfaighfear iad sin.
|
|
(b)
|
breithneofar leasanna na ngeallsealbhóirí uile ar dócha go ndéanfaidh an plean difear dóibh, lena n-áirítear comhaltaí imréitigh agus, a mhéid is eol sin, leasanna a gcliant díreach agus indíreach; agus
|
|
(c)
|
áiritheofar nach mbeidh neamhchosaintí gan teorainn ag na comhaltaí imréitigh i leith an CPL agus go mbeidh caillteanais fhéideartha agus easnaimh leachtachta fhéideartha na ngeallsealbhóirí trédhearcach, intomhaiste, inbhainstithe agus inrialaithe.
|
|
|
Airteagal 9 12
|
12. Déanfaidh ESMA, i gcomhar le BERS, faoin 12 Feabhra 2022 treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ina sonrófar tuilleadh an raon cásanna a bheidh le breithniú chun críocha mhír 1 den Airteagal seo. Agus na treoirlínte sin á n-eisiúint aige, cuirfidh ESMA san áireamh, i gcás inarb iomchuí, cleachtaí maoirseachta tástála struis.
|
|
Airteagal 9 13
|
13. I gcás inar cuid de ghrúpa é an CPL agus inar cuid den phlean téarnaimh iad comhaontuithe conarthacha maidir le tacaíocht ó mháthairghnóthas nó ó ghrúpeintiteas, déanfar breathnú sa phlean téarnaimh ar chásanna inar dodhéanta na comhaontuithe sin a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 9 14
|
14. Tar éis teagmhas mainneachtana nó teagmhas neamh-mhainneachtana, úsáidfidh CPL méid breise dá acmhainní dílse réamh-mhaoinithe tiomnaithe, sula n-úsáidfear na socruithe agus na bearta dá dtagraítear i bpointe 15 de Roinn A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Ní bheidh an méid sin níos lú ná 10 %, ná níos mó ná 25 %, de na ceanglais chaipitil rioscabhunaithe arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
Chun an ceanglas sin a chomhlíonadh, féadfaidh an CPL úsáid a bhaint as an méid caipitil atá ina sheilbh, sa bhreis ar na ceanglais caipitil íosta ina leith, chun an tairseach fógartha dá dtagraítear sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 648/2012 a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 9 15
|
15. Forbróidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE agus tar éis dó dul i gcomhairle le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an mhodheolaíocht chun ríomh agus cothabháil a dhéanamh ar an méid breise acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe a bheidh le húsáid i gcomhréir le mír 14. Agus na caighdeáin theicniúla sin á bhforbairt aige, cuirfidh ESMA na nithe seo a leanas ar fad san áireamh:
|
(a)
|
struchtúr agus eagrúchán inmheánach na CPLanna agus cineál, raon feidhme agus castacht a ngníomhaíochtaí;
|
|
(b)
|
struchtúr na ndreasachtaí atá ann do scairshealbhóirí, lucht bainistíochta agus comhaltaí imréitigh na CPLanna agus do chliaint na gcomhaltaí imréitigh;
|
|
(c)
|
a oiriúnaí atá sé do na CPLanna, ag brath ar na hairgeadraí ina bhfuil na hionstraimí airgeadais a imréitíonn siad ainmnithe, na hairgeadraí a nglactar leo mar chomhthaobhacht agus an riosca a eascraíonn óna ngníomhaíochtaí, go háirithe i gcás nach n-imréitíonn siad díorthaigh thar an gcuntar mar a shainmhínítear i bpointe (7) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, an méid breise sin acmhainní dílse tiomnaithe a infheistiú i sócmhainní seachas na sócmhainní sin dá dtagraítear in Airteagal 47(1) den Rialachán sin; agus
|
|
(d)
|
na rialacha is infheidhme maidir le CPLanna tríú tír agus na cleachtais atá acu, chomh maith leis na forbairtí idirnáisiúnta maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna, chun iomaíochas CPLanna an Aontais atá gníomhach go hidirnáisiúnta a chaomhnú, mar aon le hiomaíochas CPLanna an Aontais i gcomparáid le CPLanna tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh san Aontas.
|
I gcás ina gcinnfidh ESMA, ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír, gurb iomchuí do CPLanna áirithe an méid breise sin acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe a infheistiú i sócmhainní seachas na sócmhainní sin dá dtagraítear in Airteagal 47(1) de Rialachán (AE) 648/2012, sonróidh sé freisin:
|
(a)
|
an nós imeachta trína bhféadfaidh CPLanna, i gcás nach mbeidh na hacmhainní sin ar fáil láithreach, leas a bhaint as bearta téarnaimh lena gceanglaítear ranníocaíocht airgeadais ó chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana.
|
|
(b)
|
an nós imeachta a leanfaidh CPLanna chun na comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana dá dtagraítear i bpointe (a) a aisíoc ina dhiaidh sin suas leis an méid a bheidh le húsáid i gcomhréir le mír 14 den Airteagal seo.
|
Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 12 Feabhra 2022.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 9 16
|
16. Déanfaidh an CPL sásraí leordhóthanacha a fhorbairt chun páirt i dtarraingt suas an phlean téarnaimh sin a thabhairt do na BMAnna nasctha agus do na geallsealbhóirí sin a d’iompródh caillteanais, a thabhódh costais nó a dhéanfadh ranníocaíocht chun easnaimh leachtachta a chumhdach i gcás ina gcuirfí an plean téarnaimh chun feidhme.
|
|
Airteagal 9 17
|
17. Déanfaidh bord an CPL an plean téarnaimh a mheasúnú, ag cur san áireamh comhairle an choiste riosca i gcomhréir le hAirteagal 28(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus é a fhormheas sula gcuirfidh sé faoi bhráid an údaráis inniúil é.
|
|
Airteagal 9 18
|
18. I gcás ina gcinnfidh bord an CPL gan comhairle an choiste riosca a leanúint, cuirfidh sé an t-údarás inniúil ar an eolas go pras i gcomhréir le hAirteagal 28(5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus tabharfaidh sé míniú mionsonraithe ar an gcinneadh sin don údarás inniúil.
|
|
Airteagal 9 19
|
19. Déanfar na pleananna téarnaimh a chomhtháthú i rialachas corparáideach agus i gcreat bainistíochta riosca foriomlán an CPL.
|
|
Airteagal 9 20
|
20. Na bearta arna leagan amach sna pleananna téarnaimh a chruthaíonn oibleagáidí airgeadais nó conarthacha ar chomhaltaí imréitigh agus, i gcásanna inarb ábhartha, ar chliaint agus ar chliaint indíreacha, ar BMAnna nasctha nó ar ionaid trádála, beidh siad mar chuid de rialacha oibríochta CPLanna.
|
|
Airteagal 9 21
|
21. Áiritheoidh CPLanna go bhfuil na bearta a leagtar amach sna pleananna téarnaimh infhorfheidhmithe i gcónaí i ngach dlínse ina bhfuil comhaltaí imréitigh, BMAnna nasctha nó ionaid trádála lonnaithe.
|
|
Airteagal 9 22
|
22. An oibleagáid atá ar CPLanna i dtaobh an ceart chun glao ar airgead tirim i gcomhair téarnaimh a áireamh ina bpleananna téarnaimh agus, más infheidhme, i dtaobh luach aon ghnóthachan is iníoctha ag na CPLanna le comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana a laghdú, ní bheidh sí infheidhme maidir leis na heintitis dá dtagraítear in Airteagail 1(4) agus 1(5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
|
|
Airteagal 9 23
|
23. Cuirfidh comhaltaí imréitigh in iúl dá gcliaint ar bhealach soiléir trédhearcach an bhféadfadh bearta i bplean téarnaimh an CPL difear a dhéanamh dóibh, agus conas a d’fhéadfadh siad difear a dhéanamh dóibh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|