12. Chun críocha mhír 2, pointe (f)(ii), féadfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
é a cheangal ar an institiúid an tréimhse struis a chinneadh trí uasmhéadú a dhéanamh ar an luach dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 ar thacar fachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe nó aon bhuicéad caighdeánaithe neamh-insamhaltaithe a bhaineann leis an gcatagóir leathan chéanna d’fhachtóirí riosca, trí úsáid a bhaint as na modhanna praghsála arna n-úsáid sa tsamhail tomhais riosca i gcomhréir le hAirteagal 13(2) den Rialachán Tarmligthe sin;
|
|
(b)
|
measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil difríocht mhór idir an tréimhse struis arna cinneadh i gcomhréir le pointe (a) agus an tréimhse struis arna sainaithint ag an institiúid le linn di an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 12(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 a chur i bhfeidhm.
|