+Airteagal 48 1

Airteagal 48 1

1.   Le linn do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht institiúide le hAirteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil leis na ceanglais maidir leis an meastachán ar dhóchúlachtaí mainneachtana, fíoróidh siad cé acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear leis an doiciméadacht inmheánach na gnéithe uile a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578, agus cé acu a cheanglaítear nó nach gceanglaítear le beartais inmheánacha na hinstitiúide go gcuirfear fardal cothrom le dáta ar fáil lena sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

na modhanna a úsáideann an institiúid chun meastachán a dhéanamh ar dhóchúlachtaí mainneachtana, lena n-áirítear ábharthacht gach modha éagsúil i dtéarmaí an lín eisitheoirí, méid na suíomhanna, agus rannchuidiú le ceanglais cistí dílse maidir le riosca mainneachtana;

(b)

i gcás gach eisitheora, luach na dóchúlachta mainneachtana, an rátáil, i gcás ina bhfuil sí ar fáil, agus cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:

(i)

tá an dóchúlacht mainneachtana ar fáil faoi chur chuige IRB i gcás neamhchosaint leabhair neamhthrádála an eisitheora, agus cé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear í i gcás na neamhchosanta leabhair trádála de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bp(5), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(ii)

níl an dóchúlacht mainneachtana ar fáil faoi chur chuige IRB i gcás neamhchosaint leabhair neamhthrádála an eisitheora, agus cé acu a bhaineann nó nach mbaineann an institiúid leas as cur chuige IRB chun dóchúlacht mainneachtana an eisitheora a fháil de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bp(5), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar an mbonn go bhfuil formheas IRB ag an institiúid maidir leis an aicme neamhchosanta lena mbaineann neamhchosaint an eisitheora;

(iii)

níl an dóchúlacht mainneachtana ar fáil faoi chur chuige IRB i gcás neamhchosaint leabhair neamhthrádála an eisitheora, agus cé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann an institiúid modheolaíocht inmheánach a chomhlíonann ceanglais chur chuige IRB a leagtar síos in Airteagal 1(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578 chun an dóchúlacht mainneachtana sin a fháil;

(iv)

níl an dóchúlacht mainneachtana ar fáil faoi chur chuige IRB i gcás neamhchosaint leabhair neamhthrádála an eisitheora, agus cé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann an institiúid modheolaíocht inmheánach a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 1(3) nó (4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578 chun an dóchúlacht mainneachtana sin a fháil;

(v)

níl an dóchúlacht mainneachtana ar fáil faoi chur chuige IRB i gcás neamhchosaint leabhair neamhthrádála an eisitheora, agus cé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann an institiúid foinsí seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578 chun an dóchúlacht mainneachtana sin a fháil;

(c)

i gcás na n-eisitheoirí uile, an aicme neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 lena mbaineann a neamhchosaint;

(d)

i gcás na n-eisitheoirí a dtagtar ar mheastachán ar dhóchúlacht mainneachtana ina leith trí úsáid a bhaint as foinsí seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578, cé acu a thagtar nó nach dtagtar ar an meastachán in éineacht le praghsanna margaidh mar atá faoi láthair dá dtagraítear in Airteagal 325bp(5), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 2(2), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas