+Airteagal 15 Faisnéis a bhailiú agus a mhalartú
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 15 5.
---+Airteagal 15 6.
---+Airteagal 15 7.
---+Airteagal 15 8.
---+Airteagal 15 9.
---+Airteagal 15 10.
---+Airteagal 15 11.
---+Airteagal 15 12.
---+Airteagal 15 13.
---+Airteagal 15 14.
---+Airteagal 15 15.
---+Airteagal 15 16.
---+Airteagal 15 17.

Airteagal 15 Faisnéis a bhailiú agus a mhalartú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 15 1.
Déanfaidh an BERS an fhaisnéis faoi rioscaí a sholáthar do na ÚMEanna de réir mar is gá ionas gur féidir leis na ÚMEanna a gcúraimí a chomhlíonadh.
Airteagal 15 2.
Comhoibreoidh na ÚMEanna, an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC), an Coimisiún, na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus na húdaráis staidrimh náisiúnta go dlúth leis an BERS agus soláthróidh siad an fhaisnéis uile dó atá riachtanach chun go gcomhallfaidh an BERS a chúraimí i gcomhréir le gníomhartha reachtacha an Aontais.
Airteagal 15 3.
Faoi réir Airteagal 36(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, féadfaidh an BERS faisnéis a iarraidh ar na ÚMEanna i bhfoirm achomair nó i bhfoirm chomhiomlán, de ghnáth, ar foirm í a fhágfaidh nach féidir institiúidí airgeadais aonair a shainaithint.
Airteagal 15 4.
Sula n-iarrfaidh an BERS faisnéis i gcomhréir leis an Airteagal seo, cuirfidh sé san áireamh ar dtús an staidreamh arna tháirgeadh, arna scaipeadh agus arna fhorbairt cheana ag an gCóras Staidrimh Eorpach agus ag an CEBC.
Airteagal 15 5.
Más rud é nach bhfuil an fhaisnéis a iarrtar ar fáil, nó más rud é nach gcuirtear ar fáil í ar shlí thráthúil, féadfaidh an BERS an fhaisnéis a iarraidh ar an CEBC, ar na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta nó ar na húdaráis staidrimh náisiúnta. Más rud é nach bhfuil an fhaisnéis sin fós ar fáil, féadfaidh an BERS í a iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann, ach sin gan dochar do na sainchumais a thugtar, faoi seach, don Chomhairle, don Choimisiún (Eurostat), don BCE, don Eurochóras agus don CEBC i réimse an staidrimh agus an bhailithe sonraí.
Airteagal 15 6.
Más rud é go n-iarrann an BERS faisnéis nach bhfuil i bhfoirm achomair ná i bhfoirm chomhiomlán, míneofar san iarraidh réasúnaithe cén fáth a meastar go bhfuil na sonraí maidir leis an institiúid airgeadais aonair faoi seach ábhartha go sistéimeach, agus riachtanach, ag féachaint do staid an mhargaidh atá i réim.
Airteagal 15 7.
Sula ndéanfar gach iarraidh ar fhaisnéis de chineál maoirseachta nach bhfuil i bhfoirm achomair nó i bhfoirm chomhiomlán, rachaidh BERS i gcomhairle go cuí leis an Údarás Maoirseachta Eorpach ábhartha chun a áirithiú go bhfuil údar maith leis an iarraidh agus go bhfuil sí comhréireach. Má mheasann an tÚdarás Maoirseachta Eorpach ábhartha nach bhfuil údar maith leis an iarraidh agus nach bhfuil sí comhréireach, cuirfidh sé an iarraidh ar ais, gan mhoill, chuig BERS agus iarrfaidh sé údar breise. Tar éis do BERS an t-údar sin a thabhairt don Údarás Maoirseachta Eorpach ábhartha, déanfaidh na seolaithe ar díríodh an iarraidh chucu an fhaisnéis a iarrtar a tharchur chuig BERS, ar choinníoll go mbeidh rochtain dhlíthiúil acu ar an bhfaisnéis ábhartha.
Airteagal 15 8.
Comhroinnfidh BERS, ar bhonn tráthrialta nó ar bhonn cás ar chás, faisnéis a fuair sé ó cheann de na húdaráis eile agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige agus ar faisnéis í a eascraíonn as dlí an Aontais a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme, le húdaráis eile arna iarraidh sin, ar choinníoll go bhfuil an t-údarás iarrthach i dteideal an fhaisnéis sin a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis eile de bhun dhlí an Aontais.
Airteagal 15 9.
Léireofar in aon iarraidh ar mhalartú faisnéise de bhun mhír 8 den Airteagal seo an bunús dlí faoi dhlí an Aontais lena dtugtar teideal don údarás iarrthach an fhaisnéis a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis eile.

Beidh an t-údarás iarrthach agus BERS faoi réir na n-oibleagáidí rúndachta gairmiúla agus na bhforálacha cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagal 8 agus i reachtaíocht earnálach a bhfuil feidhm acu maidir le faisnéis a chomhroinnt idir an institiúid airgeadais nó údaráis eile agus an t-údarás iarrthach, agus idir údaráis eile agus BERS.

Airteagal 15 10.
I gcás ina malartaíonn BERS faisnéis de bhun mhír 8, déanfaidh sé, gan moill mhíchuí, gach údarás óna bhfuair sé an fhaisnéis a chur ar an eolas faoin malartú. I gcás malartuithe athfhillteacha nó tréimhsiúla faisnéise, ní bheidh sé d’oibleagáid ar BERS an t-údarás óna bhfuair sé an fhaisnéis a chur ar an eolas ach aon uair amháin.
Airteagal 15 11.

De mhaolú ar mhír 10, ní bheidh sé d’oibleagáid ar BERS an t-údarás a chur ar an eolas faoin malartú faisnéise i gcás ina gcomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

rinneadh an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach mbaineann sí a thuilleadh le haon duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta agus nach bhfuil an institiúid airgeadais ná na heintitis dhlítheanacha eile in-sainaitheanta a thuilleadh; nó

(b) 

rinneadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh rialaithe eile maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda, lena n-áirítear rúin trádála, a chosaint, agus chun sonraí pearsanta a chosaint trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ) agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ).

Airteagal 15 12.
Beidh feidhm ag míreanna 8 go 11 freisin maidir le faisnéis a fhaigheann BERS ó údaráis eile agus a mbeidh seiceálacha cáilíochta déanta ag BERS uirthi ina dhiaidh sin nó a phróiseálfaidh BERS ar shlí eile.
Airteagal 15 13.
Chun malartuithe faisnéise dá dtagraítear i míreanna 8 go 12 a éascú, féadfaidh BERS agus na húdaráis eile meabhráin tuisceana a dhéanamh maidir leis na socruithe do mhalartuithe den sórt sin. Féadfar socruithe a shonrú freisin leis na meabhráin tuisceana maidir le comhroinnt acmhainní chun faisnéis chomhroinnte a bhailiú agus a phróiseáil. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BERS agus leis na húdaráis eile, treoirlínte a fhorbairt maidir le príomheilimintí na meabhrán tuisceana sin.
Airteagal 15 14.
Beidh míreanna 8 go 13 gan dochar do chosaint ceart maoine intleachtúla agus ní chuirfidh siad cosc ná srian ar mhalartú faisnéise idir BERS agus na húdaráis eile i gcomhréir le forálacha eile den Rialachán seo nó de reachtaíocht eile de chuid an Aontais.

I gcás ina bhfuil coimhlint idir míreanna 8 go 13 agus forálacha eile an Rialacháin seo nó reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena rialaítear malartú faisnéise idir BERS agus na húdaráis eile, beidh feidhm ag na forálacha eile sin.

Airteagal 15 15.

Féadfaidh BERS, dá rogha féin, rochtain a dheonú ar fhaisnéis a fuarthas agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige lena hathúsáid ag institiúidí airgeadais, ag taighdeoirí agus ag eintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu san fhaisnéis sin chun críoch taighde agus nuálaíochta, ar choinníoll go n-áirithíonn BERS gur comhlíonadh na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

rinneadh na bearta is gá chun an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach bhféadfaí institiúidí airgeadais, eintitis, ábhair sonraí ná Ballstáit aonair a shainaithint;

(b) 

rinneadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda, lena n-áirítear rúin trádála nó inneachar a chumhdaítear le cearta maoine intleachtúla, a chosaint.

Ní dhéanfar faisnéis a fuarthas ó aon údarás a chomhroinnt de bhun na chéad fhomhíre ach amháin le toiliú an údaráis a fuair an fhaisnéis sin ar dtús.

Airteagal 15 16.
Faoin 11 Samhain 2027, tuairisceoidh BERS don Choimisiún maidir leis na bacainní dlíthiúla uile sa reachtaíocht earnálach lena gcuirtear cosc air, ar bealach ar bith, faisnéis a mhalartú leis na húdaráis eile nó le heintitis eile. Féadfar aghaidh a thabhairt sa tuarascáil freisin ar cheanglais tuairiscithe neamhábhartha, imithe i léig, dhúblacha nó neamhábhartha ar bhealach eile. Féadfar a áireamh inti freisin moltaí chun feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht idir ceanglais tuairiscithe le haghaidh eintitis airgeadais agus neamhairgeadais. Déanfar an tuarascáil a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta, i gcás inar gá.

Agus an tuairisc dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cosaint ceart maoine intleachtúla agus na hoibleagáidí maidir le rúndacht ghairmiúil agus cosaint sonraí á gcur san áireamh aige, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun na bacainní dlíthiúla sin a bhaint sa reachtaíocht earnálach chun malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile a chothú.

Airteagal 15 17.

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “údaráis eile” aon cheann de na húdaráis seo a leanas:

(a) 

an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;

(b) 

an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;

(c) 

an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;

(d) 

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;

(e) 

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;

(f) 

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3), de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;

(g) 

na húdaráis atá sa Sásra aonair maoirseachta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;

(h) 

an Bord Réitigh Aonair, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014;

(i) 

údaráis réitigh, amhail iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Threoir 2014/59/AE;

(j) 

an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ó gComhairle ( 9 );

(k) 

maoirseoir airgeadais, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara fomhír, pointe (1), de Threoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas