+Airteagal 21
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.
---+Airteagal 21 4.
---+Airteagal 21 5.
---+Airteagal 21 6.
|
Airteagal 21
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1.
|
Chun a chúraimí dá dtagraítear in Airteagal 5(2) a dhéanamh, beidh an chumhacht ag an Údarás na bearta riaracháin a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm, chun a cheangal ar aon eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid na bearta is gá a dhéanamh i gcás:
(a)
ina bhfionntar go bhfuil gníomhartha an Aontais agus an reachtaíocht náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) á sárú ag an eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid;
(b)
ina bhfuil tásca leordhóthanacha agus inléirithe ag an Údarás gur dócha go sáróidh an t-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid gníomhartha an Aontais agus an reachtaíocht náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus gur féidir le cur i bhfeidhm birt riaracháin tarlú an tsáraithe a chosc nó an riosca a bhaineann leis a laghdú;
(c)
bunaithe ar chinneadh a bhfuil údar cuí leis ag an Údarás, nach bhfuil na beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha atá i bhfeidhm san eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid i gcomhréir leis na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid, lena chionta preideacáide nó le maoiniú sceimhlitheoireachta a bhfuil an t-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid neamhchosanta orthu.
|
|
Airteagal 21 2.
|
Chun críocha Airteagal 6(1), beidh an chumhacht ag an Údarás, go háirithe, na bearta riaracháin seo a leanas a chur i bhfeidhm:
(b)
ordú a thabhairt d’eintitis faoi oibleagáid comhlíonadh a dhéanamh, lena n-áirítear bearta ceartaitheacha sonracha a chur chun feidhme;
(c)
ráiteas poiblí a eisiúint ina sainaithnítear an duine nádúrtha nó dlítheanach agus cineál an tsáraithe;
(d)
ordú a éisiúint lena gceanglaítear ar an duine nádúrtha nó dlítheanach scor den iompar agus staonadh ón iomparaíocht sin a dhéanamh an athuair;
(e)
gnó, oibríochtaí nó líonra institiúidí atá comhdhéanta den eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid a shrianadh nó a theorannú, nó dífheistiú gníomhaíochtaí a cheangal;
(f)
athruithe ar an struchtúr rialachais a éileamh;
(g)
i gcás ina bhfuil eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid faoi réir údarú, a mholadh don údarás a dheonaigh é an t-údarú sin a tharraingt siar nó a chur ar fionraí; i gcás nach leanfaidh an t-údarás a dheonaigh an t-údarú sin an moladh ón Údarás fionraí nó tarraingt siar a dhéanamh, iarrfaidh an tÚdarás air na cúiseanna leis sin a sholáthar i scríbhinn.
|
|
Airteagal 21 3.
|
Trí bhíthin na mbeart riaracháin dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh an tÚdarás, go háirithe, an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
a cheangal go soláthrófar aon sonra nó faisnéis is gá chun na cúraimí a liostaítear in Airteagal 5(2) a chomhlíonadh gan moill mhíchuí, chun a cheangal go gcuirfear aon doiciméad faoina bhráid, nó ceanglais tuairiscithe bhreise nó níos minice a fhorchur;
(b)
a cheangal go n-athneartófar na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe inmheánacha;
(c)
a cheangal go gcuirfear beartas sonrach nó ceanglais shonracha i bhfeidhm a bhaineann le catagóirí cliant nó cliant aonair, idirbhearta, gníomhaíochtaí nó bealaí seachadta lena mbaineann rioscaí móra ML/TF;
(d)
a cheangal go gcuirfear bearta chun feidhme chun rioscaí ML/TF a laghdú i ngníomhaíochtaí agus i dtáirgí eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid;
(e)
cosc sealadach a chur ar aon duine a fheidhmíonn freagrachtaí bainistíochta san eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, nó ar aon duine nádúrtha eile atá freagrach as an sárú, ó fheidhmeanna bainistíochta in eintitis faoi oibleagáid a fheidhmiú.
|
|
Airteagal 21 4.
|
Beidh sprioc-amanna ceangailteacha ag gabháil leis na bearta riaracháin dá dtagraítear i mír 2, i gcás inarb ábhartha, lena gcur chun feidhme. Déanfaidh an tÚdarás obair leantach agus measúnú ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí arna n-iarraidh ag an eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid.
|
|
Airteagal 21 5.
|
Tabharfaidh maoirseoirí airgeadais fógra don Údarás gan moill mhíchuí i gcás ina dtiocfaidh siad ar an eolas faoi cheann amháin nó níos mó de thásca gur sháraigh eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid Rialachán (AE) 2023/1113 nó Rialachán (AE) 2024/1624.
|
|
Airteagal 21 6.
|
Beidh na bearta riaracháin a chuirfear i bhfeidhm éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|