+Airteagal 40
---+Airteagal 40 1.
---+Airteagal 40 2.
---+Airteagal 40 3.
---+Airteagal 40 4.
---+Airteagal 40 5.
---+Airteagal 40 6.
---+Airteagal 40 7.
---+Airteagal 40 8.

Airteagal 40

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 40 1.
Déanfaidh an tÚdarás modhanna agus critéir a leagan síos chun cásanna a roghnú agus a chur in ord tosaíochta atá ábhartha maidir le hanailísí comhpháirteacha a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 32 de Threoir (AE) 2024/1640, le cúnamh ón Údarás.
Airteagal 40 2.
Chun críocha mhír 1, déanfaidh an tÚdarás, ar bhonn bliantúil, liosta de réimsí tosaíochta a tharraingt suas maidir le hanailísí comhpháirteacha a dhéanamh. Féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar an liosta sin i gcás ina sainaithnítear réimsí tosaíochta nua.
Airteagal 40 3.
Más rud é, de bhun Airteagal 32 de Threoir (AE) 2024/1640 agus ag féachaint do na critéir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go sainaithníonn FIU Ballstáit gá ionchasach le hanailís chomhpháirteach a dhéanamh le FIU amháin nó le roinnt FIUnna i mBallstáit eile, tabharfaidh sé fógra don Údarás faoi sin.

Déanfaidh an tÚdarás na fógraí uile a gheofar de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo a chlárú agus déanfaidh sé measúnú ar ábharthacht an cháis i gcomhréir leis na modhanna agus na critéir dá dtagraítear i mír 1. I gcás ina measann an tÚdarás go bhfuil an cás ábhartha, cuirfidh sé FIUnna sna Ballstáit ábhartha uile ar an eolas laistigh de 5 lá ón bhfógra tosaigh agus iarrfaidh sé orthu páirt a ghlacadh san anailís chomhpháirteach. Chuige sin, bainfidh an tÚdarás úsáid as bealaí slána cumarsáide. Déanfaidh FIUnna sna Ballstáit ábhartha uile breithniú i dtaobh páirt a ghlacadh san anailís chomhpháirteach.

Airteagal 40 4.
Má aontaíonn FIU amháin eile ar a laghad páirt a ghlacadh san anailís chomhpháirteach, áiritheoidh an tÚdarás go seolfar an anailís chomhpháirteach laistigh de 20 lá ón measúnú tosaigh dá dtagraítear i mír 3, an dara fomhír, mura dtugann práinn an ábhair údar cuí le sprioc-am níos giorra a fhorchur.
Airteagal 40 5.
Aon FIU a dhiúltaíonn páirt a ghlacadh i gcur i gcrích na hanailíse comhpháirtí, tabharfaidh sé na cúiseanna atá leis sin i scríbhinn don an Údarás, laistigh de 5 lá ón gcuireadh a fháil. Cuirfidh an tÚdarás an míniú sin ar fáil gan mhoill do FIU a shainaithin an gá atá le hanailís chomhpháirteach.
Airteagal 40 6.
Ar thoiliú sainráite na FIUnna uile atá rannpháirteach san anailís chomhpháirteach, tabharfar rochtain d’fhoireann an Údaráis a thacaíonn leis an anailís chomhpháirteach ar na sonraí uile a bhaineann le hábhar an cháis agus beidh siad ábalta na sonraí sin a phróiseáil chun tacú leis an anailís chomhpháirteach.

I gcás ina ndiúltaíonn FIU rochtain a thabhairt d’fhoireann an Údaráis ar na sonraí a bhaineann le hábhar an cháis, áiritheoidh sé go soláthrófar an fhaisnéis ar bhealach eile nach gcuireann bac ar fhoireann an Údaráis tacaíocht oibríochtúil a sholáthar don anailís chomhpháirteach, ná nach gcuireann isteach go héifeachtach ar shlí eile ar a gcumas an tacaíocht sin a sholáthar.

I gcás ina ndiúltaíonn roinnt FIUnna rochtain a thabhairt ar na sonraí a bhaineann le hábhar an cháis, déanfaidh an tÚdarás athmheasúnú i dtaobh an dtugann na cúraimí a dhéanfadh a fhoireann údar cuí lena thacaíocht don anailís chomhpháirteach, agus déanfaidh sé breithniú i dtaobh a mholadh go leanfaidh an anailís chomhpháirteach ar aghaidh d’uireasa a thacaíochta ina ionad sin.

Airteagal 40 7.
Soláthróidh an tÚdarás na huirlisí agus an tacaíocht oibríochtúil uile is gá chun an anailís chomhpháirteach a dhéanamh, i gcomhréir leis na modhanna agus na nósanna imeachta atá forbartha. Go sonrach, déanfaidh an tÚdarás bealach cumarsáide atá tiomnaithe agus slán a chur ar bun chun an anailís chomhpháirteach a dhéanamh, agus soláthróidh sé an comhordú teicniúil iomchuí, lena n-áirítear tacaíocht TF, chomh maith le tacaíocht bhuiséadach agus lóistíochta.
Airteagal 40 8.
Ar thoiliú sainráite na FIUnna uile atá rannpháirteach san anailís chomhpháirteach, beidh foireann an Údaráis a thacaíonn leis an anailís chomhpháirteach údaraithe chun sonraí na FIUnna sin a chrosmheaitseáil, ar bhonn córas ‘amas a fháil/gan amas a fháil’, le sonraí arna gcur ar fáil ag FIUnna eile agus ag comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais laistigh dá sainorduithe faoi seach.

I gcás amais, comhroinnfidh an tÚdarás leis na FIUnna uile atá rannpháirteach san anailís chomhpháirteach an fhaisnéis a spreag an t-amas a mhéid a d’údaraigh soláthraí na faisnéise í a chomhroinnt agus a mhéid atá an fhaisnéis riachtanach chun an anailís chomhpháirteach a dhéanamh.

Chun críocha na míre seo, úsáidfidh an tÚdarás, ar bhealach comhréireach, córas atá ceaptha chun crosmheaitseáil a dhéanamh ar fhaisnéis atá ábhartha chun sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc. Áiritheofar leis an gcóras sin leibhéal slándála agus rúndachta a bheidh comhréireach le cineál agus méid na faisnéise crosmheaitseáilte. Sonrófar sna modhanna agus sna nósanna imeachta atá le bunú chun na hanailísí comhpháirteacha a dhéanamh de bhun Airteagal 43(1) agus sna socruithe oibre atá le tabhairt i gcrích de bhun Airteagal 94(2) na modhanna chun an chrosmheaitseáil a dhéanamh ar bhonn córas ‘amas a fháil/gan amas a fháil’ dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas