3. Déanfar an plean réamhghabhálach grúpa téarnaimh, agus aon phlean arna tharraingt suas le haghaidh fhoghnóthais árachais nó athárachais aonair, a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 5(5) go (8), agus déanfar iad a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 5(4).
I gcomhréir le hAirteagal 5(8), an triú fomhír, cuirfear socruithe iomchuí i bhfeidhm chun faireachán tráthrialta a dhéanamh ar na táscairí.
Sainaithneofar sa phlean réamhghabhálach grúpa téarnaimh cé acu atá bacainní ar chur chun feidhme na mbeart ceartaitheach laistigh den ghrúpa nó nach bhfuil, lena n-áirítear ar leibhéal na n-eintiteas aonair a chumhdaítear leis an bplean, agus cé acu atá baic phraiticiúla nó dhlíthiúla shuntasacha ar chistí dílse a aistriú go pras nó ar dhliteanais nó sócmhainní a aisíoc laistigh den ghrúpa nó nach bhfuil.