+Airteagal 14a
---+Airteagal 14a 1.
---+Airteagal 14a 2.
---+Airteagal 14a 3.
---+Airteagal 14a 4.
---+Airteagal 14a 5.
---+Airteagal 14a 6.
---+Airteagal 14a 7.
---+Airteagal 14a 8.
|
Airteagal 14a
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14a 1.
|
Féadfaidh na daoine seo a leanas réamheolaire leantach AE a tharraingt suas i gcás tairiscint urrús don phobal nó i gcás ligean isteach urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte:
(a)
eisitheoirí a bhfuil a gcuid urrús ligthe isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte go leanúnach ar feadh 18 mí ar a laghad sula dtairgtear na hurrúis nua don phobal nó sula ligtear na hurrúis nua isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte;
(b)
eisitheoirí a bhfuil a gcuid urrús ligthe isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBManna go leanúnach ar feadh 18 mí ar a laghad sula dtairgtear na hurrúis nua don phobal;
(c)
eisitheoirí a iarrann ligean isteach urrúis chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, ar urrúis iad atá idirmhalartach le hurrúis a ligeadh isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBManna go leanúnach ar feadh 18 mí ar a laghad sular ligeadh isteach na hurrúis chun a dtrádála;
(d)
tairgeoirí urrús a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh fáis FBManna go leanúnach ar feadh 18 mí ar a laghad sula dtairgtear urrúis don phobal.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, eisitheoir nach bhfuil aige ach urrúis neamhchothromais a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh fáis FBManna, ní cheadófar dó réamheolaire leantach AE a tharraingt suas chun urrúis chothromais a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.
|
|
Airteagal 14a 2.
|
De mhaolú ar Airteagal 6(1), agus gan dochar d’Airteagal 18(1), cuimseofar i réamheolaire leantach AE an fhaisnéis ar fad a theastaíonn ó infheisteoirí chun an méid seo a leanas a thuiscint:
(a)
ionchais agus feidhmíocht airgeadais an eisitheora agus na hathruithe suntasacha ar staid airgeadais agus ghnó an eisitheora a tharla ó dheireadh na bliana airgeadais seo caite, más ann dóibh;
(b)
an fhaisnéis fhíor-riachtanach maidir leis na hurrúis, lena n-áirítear na cearta a ghabhann leis na hurrúis sin agus aon teorainn ar na cearta sin;
(c)
na cúiseanna atá leis an eisiúint agus an tionchar a bheidh aige ar an eisitheoir, lena n-áirítear ar struchtúr foriomlán caipitil an eisitheora, agus an úsáid a bhaintear as na fáltais.
|
|
Airteagal 14a 3.
|
Déanfar an fhaisnéis i réamheolaire leantach AE a scríobh agus a chur i láthair i bhfoirm sho-inanailísithe, ghonta agus intuigthe agus lena gcuirfear ar chumas infheisteoirí cinneadh feasach infheistíochta a dhéanamh, agus an fhaisnéis rialáilte a nochtadh don phobal cheana de bhun Threoir 2004/109/CE, i gcás inarb infheidhme, Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 agus, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún á cur san áireamh (
13
).
|
|
Airteagal 14a 4.
|
Sa réamheolaire leantach AE beidh an fhaisnéis íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV nó V, ag brath ar na cineálacha urrús. Is mar dhoiciméad aonair a tharraingeofar réamheolaire leantach AE ina mbeidh an fhaisnéis íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. Féadfar réamheolaire leantach AE, ina bhfuil an fhaisnéis íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn V, a tharraingt suas mar dhoiciméad aonair nó mar dhoiciméid ar leithligh.
|
|
Airteagal 14a 5.
|
Maidir le réamheolaire leantach AE a bhaineann le scaireanna, beidh uasfhad 50 taobh de pháipéar A4 ann nuair a bheidh sé priontáilte agus déanfar é a chur i láthair agus a leagan amach sa chaoi is go mbeidh sé éasca le léamh, ag baint úsáid as carachtair atá inléite ó thaobh méide de.
|
|
Airteagal 14a 6.
|
Ní chuirfear san áireamh an achoimre, an fhaisnéis a chorpraítear trí thagairt i gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán seo nó an fhaisnéis bhreise atá le soláthar i gcás ina bhfuil stair chasta airgeadais ag an eisitheoir nó i gcás ina bhfuil gealltanas suntasach airgeadais déanta ag an eisitheoir, dá dtagraítear in Airteagal 18 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980, nó an fhaisnéis atá le soláthar i gcás ollathrú suntasach, mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (e), den Rialachán Tarmligthe sin, san uasfhad dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 14a 7.
|
Beidh réamheolaire leantach AE ina dhoiciméad i bhformáid chaighdeánaithe agus cuirfear an fhaisnéis a nochtfar i réamheolaire leantach AE i láthair in ord caighdeánaithe bunaithe ar ord an nochta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV nó V, ag brath ar na cineálacha urrús.
|
|
Airteagal 14a 8.
|
Glacfaidh an Coimisiún, faoin 5 Márta 2026, gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí inneachar laghdaithe, agus formáid chaighdeánaithe agus seicheamh an réamheolaire leantaigh AE, a shonrú. Beidh na gníomhartha tarmligthe sin bunaithe ar Iarscríbhinní IV agus V.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|