+Airteagal 2 Raon feidhme
---+Airteagal 2 1.
---+Airteagal 2 2.
|
Airteagal 2 Raon feidhme
Raon feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 1.
|
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le gach inneall a thagann faoi na catagóirí a leagtar amach in Airteagal 4(1) agus atá suiteáilte nó ceaptha a bheith suiteáilte in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus, a mhéid a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha ó na hinnill sin, tá feidhm aige maidir le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é den sórt sin.
|
|
Airteagal 2 2.
|
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hinnill le haghaidh:
(a)
tiomáint feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Threoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
);
(b)
tiomáint tarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta mar a shainmhínítear i bpointe (8) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 167/2013;
(c)
tiomáint feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
);
(e)
soithí farraige a bhfuil teastas bailí loingseoireachta muirí nó teastas bailí sábháilteachta ag teastáil dóibh;
(f)
árthaí mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
3
) agus nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach sin;
(g)
tiomáint soithí uiscebhealaí intíre a bhfuil glanchumhacht níos lú ná 19 kW acu nó críocha cúntacha na soithí sin;
(h)
árthaí uisce mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Threoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
4
);
(i)
aerárthaí mar a shainmhínítear i bpointe (a) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún (
5
);
(j)
feithiclí áineasa, seachas mótair sneachta, feithiclí uile-thír-raon agus feithiclí taobh le taobh;
(k)
feithiclí agus innealra a úsáidtear go heisiach nó a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid go heisiach i gcomórtais;
(l)
caidéil chomhraicthe dóiteáin iniompartha mar a shainmhínítear agus mar a chumhdaítear iad leis an gcaighdeán Eorpach maidir le caidéil chomhraice dóiteáin iniompartha (
6
);
(m)
samhlacha ar scála laghdaithe nó macasamhla ar scála laghdaithe d'fheithiclí nó d'innealra a mhonaraítear chun críocha áineasa agus a bhfuil glanchumhacht níos lú ná 19 kW acu.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|