+Airteagal 2 2.

Airteagal 2 2.

Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hinnill le haghaidh:

(a) 

tiomáint feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Threoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );

(b) 

tiomáint tarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta mar a shainmhínítear i bpointe (8) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 167/2013;

(c) 

tiomáint feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );

(d) 

innealra do-aistrithe;

(e) 

soithí farraige a bhfuil teastas bailí loingseoireachta muirí nó teastas bailí sábháilteachta ag teastáil dóibh;

(f) 

árthaí mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ) agus nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach sin;

(g) 

tiomáint soithí uiscebhealaí intíre a bhfuil glanchumhacht níos lú ná 19 kW acu nó críocha cúntacha na soithí sin;

(h) 

árthaí uisce mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Threoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );

(i) 

aerárthaí mar a shainmhínítear i bpointe (a) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún ( 5 );

(j) 

feithiclí áineasa, seachas mótair sneachta, feithiclí uile-thír-raon agus feithiclí taobh le taobh;

(k) 

feithiclí agus innealra a úsáidtear go heisiach nó a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid go heisiach i gcomórtais;

(l) 

caidéil chomhraicthe dóiteáin iniompartha mar a shainmhínítear agus mar a chumhdaítear iad leis an gcaighdeán Eorpach maidir le caidéil chomhraice dóiteáin iniompartha ( 6 );

(m) 

samhlacha ar scála laghdaithe nó macasamhla ar scála laghdaithe d'fheithiclí nó d'innealra a mhonaraítear chun críocha áineasa agus a bhfuil glanchumhacht níos lú ná 19 kW acu.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas