+Airteagal 34 Díolúintí ginearálta
---+Airteagal 34 1.
---+Airteagal 34 2.
---+Airteagal 34 3.
---+Airteagal 34 4.
---+Airteagal 34 5.
---+Airteagal 34 6.
---+Airteagal 34 7.
---+Airteagal 34 8.
---+Airteagal 34 9.

Airteagal 34 Díolúintí ginearálta

Díolúintí ginearálta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 34 1.
Seachas i dtaca le pointe (a) d'Airteagal 32(2), ní bheidh innill atá le honnmhairiú go tríú tíortha faoi réir an Rialacháin seo.
Airteagal 34 2.
Seachas i dtaca le pointe (b) d'Airteagal 32(2), ní bheidh innill atá le húsáid ag na fórsaí armtha faoi réir an Rialacháin seo.

Chun críocha na míre seo, maidir le seirbhísí cosanta sibhialta, le seirbhísí dóiteáin, le fórsaí atá freagrach as an ord poiblí a choinneáil agus le seirbhísí éigeandála liachta, ní mheasfar gur cuid de na fórsaí armtha iad.

Airteagal 34 3.
Gan dochar d'Airteagal 32, agus le toiliú an OEM, féadfaidh monaróir inneall a sheachadadh ar an OEM sin, neamhspleách ar a chóras iarchóireála sceite.
Airteagal 34 4.
D'ainneoin Airteagal 5(3), údaróidh Ballstáit inneall nach bhfuair cineálcheadú AE i gcomhréir leis an Rialachán seo a chur ar an margadh go sealadach, chun críocha tástála allamuigh.
Airteagal 34 5.
D'ainneoin Airteagal 18(2) agus Airteagal 22(3), tabharfaidh na Ballstáit cineálcheadú AE maidir le hinnill a chomhlíonann teorainnluachanna astaíochtaí truailleán gásach agus cáithníneach d'innill shainchuspóireacha a leagtar amach in Iarscríbhinn VI agus údaróidh siad na hinnill sin a chur ar an margadh, ar an gcoinníoll go bhfuil sé beartaithe na hinnill a shuiteáil in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bheidh le húsáid in atmaisféir a d'fhéadfadh a bheith pléascach, a shainítear i bpointe (5) d'Airteagal 2 de Threoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ).
Airteagal 34 6.
D'ainneoin Airteagal 18(2) agus 22(3), féadfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, cineálcheadú AE a thabhairt na hinnill a chomhlíonann teorainnluachanna astaíochtaí truailleán gásach agus cáithníneach d'innill shainchuspóireacha a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, agus a údarú go gcuirfear iad, ar an margadh, ar choinníoll go bhfuil sé beartaithe na hinnill sin a shuiteáil in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, a úsáidtear go heisiach chun go ndéanfar báid tarrthála arna n-oibriú ag seirbhís náisiúnta tarrthála a sheoladh agus a aisghabháil.
Airteagal 34 7.
D'ainneoin cheanglais Airteagal 5(3) agus Airteagal 18(2), i ndáil le hinnill chatagóirí RLL nó RLR agus a chuirtear ar mhargadh an Aontais an 31 Nollaig 2011 nó roimhe sin, féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt chun na hinnill athsholáthair a chur ar mhargadh má aithníonn agus má bhaineann an t-údarás ceadúcháin de thátal as, tar éis scrúdú a dhéanamh, go mbeidh deacrachtaí suntasacha teicniúla i gceist le hinnill den sórt sin a shuiteáil a chomhlíonann na teorainneacha astaíochtaí infheidhme a leagtar amach i dtábla II-7 agus i dtábla II-8 d'Iarscríbhinn II. I gcás den sórt sin, comhlíonfaidh an t-inneall athsholáthair na teorainneacha astaíochta ba ghá dóibh a chomhlíonadh chun go gcuirfí iad ar mhargadh an Aontais an 31 Nollaig 2011 nó comhlíonfaidh siad teorainneacha astaíochtaí atá níos déine.

D'innill a fhreagraíonn do chatagóirí RLL agus RLR agus a cuireadh ar mhargadh an Aontais tar éis an 31 Nollaig 2011, féadfaidh na Ballstáit é a údarú go gcuirfear ar an margadh na hinnill athsholáthair a chomhlíonann na teorainneacha astaíochta a bheidh le comhlíonadh ag na hinnill sin atá le hathrú nuair a cuireadh ar mhargadh an Aontais den chéad uair iad.

Airteagal 34 8.

D'innill a fhreagraíonn do chatagóir RLL nó do chatagóir RLR, féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt chun innill a chur ar an margadh a chomhlíonann na teorainneacha astaíochtaí is déanaí atá infheidhme agus a shainítear sa reachtaíocht ábhartha atá infheidhme ar an 5 Deireadh Fómhair 2016, ar an gcoinníoll gur fíor an méid seo a leanas:

(a) 

go bhfuil na hinnill sin mar chuid de thionscadal atá, ar an 6 Deireadh Fómhair 2016, ag céim níos déanaí den fhorbairt, mar a shainítear iad i dTreoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; agus

(b) 

maidir le húsáid na n-inneall a chomhlíonann na teorainneacha astaíochtaí is infheidhme a leagtar amach i dTábla II-7 ná i dTábla II-8 d'Iarscríbhinn II, beidh costais dhíréireacha mar thoradh air sin.

Faoin 17 Meán Fómhair 2017, déanfaidh gach Ballstát, liosta tionscadal den sórt sin a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 34 9.

Tugtar de chumhacht don Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 55 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh leis na sonraí beachta teicniúla agus na coinníollacha:

(a) 

faoina ndéanfaidh monaróir inneall a sholáthar do OEM neamhspleách ar a chóras iarchóireála sceite, amhail dá dtagraítear i mír 3;

(b) 

faoina gcuirfear innill nach bhfuil cineálcheadú AE acu i gcomhréir leis an Rialachán seo ar an margadh go sealadach, chun críocha tástála allamuigh, amhail dá dtagraítear i mír 4;

(c) 

faoina ndeonófar cineálcheadú AE maidir le hinnill agus faoina údarófar iad a chur ar an margadh, ar innill iad a chomhlíonann teorainnluachanna astaíochtaí truailleán gásach agus cáithníneach d'innill shainchuspóireacha a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, amhail dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 6.

Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin faoin 31 Nollaig 2016.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas