+Airteagal 13 Solúbthacht maidir le talamh foraoise bainistithe
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
|
Airteagal 13 Solúbthacht maidir le talamh foraoise bainistithe
Solúbthacht maidir le talamh foraoise bainistithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1.
|
Sa tréimhse ó 2021 go 2025, i gcás gur mó na hastaíochtaí iomlána ná na haistrithe iomlána i mBallstát sna catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear in Airteagal 2(1), a dtugtar cuntas orthu i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfaidh an Ballstát sin leas a bhaint as an tsolúbthacht a leagtar amach san Airteagal seo maidir le talamh foraoise bainistithe chun Airteagal 4(1) a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 13 2.
|
Sa tréimhse ó 2021 go 2025, i gcás gur figiúr dearfach a bheidh i dtoradh an ríomha dá dtagraítear in Airteagal 8(1), beidh an Ballstát lena mbaineann i dteideal na hastaíochtaí a chomhfhreagraíonn do thoradh na ríomha sin a chúiteamh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leanas:
(a)
d’áirigh an Ballstát sa straitéis a thíolaic sé i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2018/1999, bearta sonracha leanúnacha nó pleanáilte chun a áirithiú go gcaomhnófar nó go bhfeabhsófar, de réir mar is iomchuí, na linnte foraoise agus na taiscumair foraoise, chomh maith le faisnéis maidir le tionchar na mbeart sin ar chuspóirí comhshaoil ábhartha, lena n-áirítear, inter alia, cosaint na bithéagsúlachta agus oiriúnú do shuaitheadh nádúrtha; agus
(b)
nach mó na hastaíochtaí iomlána laistigh den Aontas ná na haistrithe iomlána sna catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo don tréimhse ó 2021 go 2025.
Agus measúnú á dhéanamh aige ar cibé ar mó nó nach mó iomlán na n-astaíochtaí ná iomlán na n-aistrithe laistigh den Aontas, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo, áiritheoidh an Coimisiún go seachnóidh na Ballstáit an comhaireamh dúbailte, go háirithe agus na solúbthachtaí a leagtar amach in Airteagal 12 den Rialachán seo agus in Airteagal 7(1) nó Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2018/842 á bhfeidhmiú.
|
|
Airteagal 13 3.
|
D’fhéadfadh sé nach gcumhdófar leis an gcúiteamh dá dtagraítear i mír 2 ach linnte ar a dtugtar cuntas mar astaíochtaí in aghaidh leibhéal tagartha foraoise an Bhallstáit sin, agus ní bheidh an cúiteamh sin, don tréimhse ó 2021 go 2025, níos mó ná 50 % den uasmhéid cúitimh don Bhallstát lena mbaineann a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.
|
|
Airteagal 13 4.
|
Cuirfidh na Ballstáit fianaise faoi bhráid an Choimisiúin maidir le tionchar suaití nádúrtha arna ríomh de bhun Iarscríbhinn VI agus na bearta atá sé beartaithe acu a ghlacadh chun éifeachtaí comhchosúla a chosc nó a mhaolú amach anseo chun go mbeidh siad incháilithe chun cúiteamh a fháil ar fhuílleach na linnte a dtugtar cuntas orthu mar astaíochtaí in aghaidh leibhéal tagartha foraoise, suas leis an méid nár úsáid Ballstáit eile den mhéid iomlán cúitimh don tréimhse ó 2021 go 2025, a leagtar amach in Iarscríbhinn VII. I gcás inar mó an t-éileamh ar chúiteamh ná an méid cúitimh neamhúsáidte atá ar fáil, déanfar an cúiteamh neamhúsáidte sin a dháileadh ar bhonn pro rata i measc na mBallstát lena mbaineann. Déanfaidh an Coimisiún an fhianaise arna cur isteach ag na Ballstáit a chur ar fáil go poiblí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|