+Airteagal 23 Glacadh ar ais nuair nach féidir loingsiú atá faoi réir ceanglais ghinearálta faisnéise a chur i gcrích mar a bhí beartaithe
---+Airteagal 23 1.
---+Airteagal 23 2.
---+Airteagal 23 3.
---+Airteagal 23 4.
---+Airteagal 23 5.
---+Airteagal 23 6.
---+Airteagal 23 7.
|
Airteagal 23 Glacadh ar ais nuair nach féidir loingsiú atá faoi réir ceanglais ghinearálta faisnéise a chur i gcrích mar a bhí beartaithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 23 1.
|
I gcás nach féidir loingsiú dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 4(4) nó (5), ná a haisghabháil, a chur i gcrích mar a bhí beartaithe, i gcomhréir le doiciméad Iarscríbhinn VII nó leis an gconradh dá dtagraítear in Airteagal 18(10), agus i gcás nach loingsiú neamhdhleathach é an loingsiú sin, déanfaidh an duine a shocraigh an loingsiú i gcomhréir le hAirteagal 18 an t-údarás inniúil seolta a chur ar an eolas faoi sin láithreach. Sna cásanna sin, déanfaidh an duine a shocraíonn an loingsiú nó an coinsíní, i gcomhréir le hoibleagáidí an chonartha dá dtagraítear in Airteagal 18(10), an dramhaíl a ghlacadh ar ais go dtí an tír seolta nó áiritheoidh sé go n-aisghabhfar í ar bhealach malartach sa tír cinn scríbe nó in áit eile, agus áiritheoidh sé, más gá, go ndéanfar socruithe chun an dramhaíl a stóráil go sábháilte go dtí go nglacfar ar ais í nó go dtí go ndéanfar í a aisghabháil go neamheatramhach nó a dhiúscairt go neamheatramhach ar bhealach malartach. Déanfar glacadh ar ais nó aisghabháil na dramhaíola ar bhealach malartach laistigh de 90 lá, nó laistigh d’aon tréimhse eile arna comhaontú idir na húdaráis inniúla lena mbaineann, tar éis an dáta a chuir an duine a shocraíonn an loingsiú an t-údarás inniúil seolta ar an eolas i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.
|
|
Airteagal 23 2.
|
I gcásanna socruithe malartacha dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh an duine a shocraíonn an loingsiú nó an coinsíní, de réir mar is ábhartha, go ndéanfar an dramhaíl lena mbaineann a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus i gcomhréir le hAirteagal 59.
|
|
Airteagal 23 3.
|
I gcásanna socruithe glacadh ar ais nó socruithe malartacha lasmuigh den tír cinn scríbe thosaigh, dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an duine a shocraigh an loingsiú ar dtús an fhaisnéis atá i ndoiciméad Iarscríbhinn VII a chomhlánú agus a thíolacadh, i gcomhréir le hAirteagal 18. I gcás ina bhfuil an loingsiú dramhaíola lena ghlacadh ar ais nó atá beartaithe le haghaidh socruithe malartacha faoi réir Airteagal 4(1), (2) nó (3), beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 22.
|
|
Airteagal 23 4.
|
I gcás ina bhfaighidh an t-údarás inniúil seolta amach nach bhfuil loingsiú dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 4(4) nó (5), ná a haisghabháil, curtha i gcrích mar a bhí beartaithe agus nár comhlíonadh na hoibleagáidí maidir leis an dramhaíl a ghlacadh ar ais ná socrú a dhéanamh maidir lena haisghabháil mhalartach i gcomhréir le mír 1, déanfaidh an t-údarás inniúil seolta na bearta uile is gá chun a áirithiú go nglacfaidh an duine a shocraigh an loingsiú an dramhaíl ar ais nó go socróidh sé go ndéanfar í a aisghabháil ar bhealach malartach agus go n-áiritheofar, más gá, go ndéanfar socruithe chun an dramhaíl a stóráil go sábháilte go dtí go nglacfar ar ais í nó go dtí go ndéanfar í a aisghabháil go neamheatramhach nó go ndéanfar í a dhiúscairt go neamheatramhach ar bhealach malartach. I gcás gur dodhéanta don duine a shocraigh an loingsiú dramhaíola na hoibleagáidí glacadh ar ais a chomhlíonadh, is duine a measfar gurb é an duine é a shocraíonn an loingsiú a dhéanfaidh na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh i gcomhréir le mír 5 nó mír 6, i gcás inarb ábhartha.
|
|
Airteagal 23 5.
|
I gcás nach gcomhlíonann an duine a shocraíonn an loingsiú a shonraítear in Airteagal 3, pointe (7)(iv), aon cheann de na hoibleagáidí glacadh ar ais a leagtar amach san Airteagal seo nó in Airteagal 24, measfar gurb é táirgeoir bunaidh na dramhaíola, táirgeoir nua na dramhaíola nó an bailitheoir a shonraítear in Airteagal 3, pointe (7)(i), (ii) nó (iii), faoi seach, a rinne an déileálaí nó an bróicéir a údarú chun gníomhú thar a cheann an duine é a shocraíonn an loingsiú dramhaíola chun críche na n-oibleagáidí glacadh ar ais sin.
|
|
Airteagal 23 6.
|
I gcás nach gcomhlíonann an duine a shocraíonn an loingsiú dramhaíola a shonraítear in Airteagal 3, pointe (7)(i), (ii) nó (iii), aon cheann de na hoibleagáidí glacadh ar ais a leagtar amach san Airteagal seo nó in Airteagal 24, measfar gurb é sealbhóir na dramhaíola a shonraítear in Airteagal 3, pointe (7)(v), an duine a shocraíonn an loingsiú dramhaíola chun críche na n-oibleagáidí glacadh ar ais sin.
|
|
Airteagal 23 7.
|
I gcás gur dodhéanta don duine a shocraíonn an loingsiú dramhaíola nó do dhuine a mheastar a bheith freagrach i gcomhréir le mír 5 nó 6 na hoibleagáidí glacadh ar ais a leagtar amach i mír 4 a chomhlíonadh, measfar an t-údarás inniúil seolta nó duine nádúrtha nó dlítheanach thar a cheann a bheith freagrach as na hoibleagáidí faoin Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|