+Airteagal 25 3.

Airteagal 25 3.

Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid glacadh ar ais a leagtar amach i mír 2 más rud é go n-aontaíonn na daoine seo a leanas le chéile: na húdaráis inniúla seolta, idirthurais agus cinn scríbe lena mbaineann agus, i gcás inarb ábhartha, an fógróir nó an duine a meastar gurb é an fógróir é, agus go bhfuil siad sásta gur fíor an méid seo a leanas maidir leis an dramhaíl:

(a) 

gur féidir leis an bhfógróir nó, i gcás inarb ábhartha, duine a meastar gurb é an fógróir é i gcomhréir le mír 6 nó 7 nó, más dodhéanta é sin, an údarás inniúil seolta féin nó duine nádúrtha nó dlítheanach thar a cheann í a aisghabháil nó a dhiúscairt ar bhealach malartach sa tír cinn scríbe, idirthurais nó seolta; nó, más dodhéanta é sin, i gcomhréir le pointe (b);

(b) 

gur féidir leis an bhfógróir nó, i gcás inarb ábhartha, duine a meastar gurb é an fógróir é i gcomhréir le mír 6 nó 7, nó, más dodhéanta é sin, leis an údarás inniúil seolta féin nó le duine nádúrtha nó dlítheanach thar a cheann má chomhaontaíonn na húdaráis inniúla uile lena mbaineann leis sin í a aisghabháil nó a dhiúscairt ar bhealach malartach i dtír eile.

I gcás onnmhairiú nó allmhairiú, aisghabháil nó diúscairt ar bhealach malartach mar a comhaontaíodh de bhun na chéad fhomhíre, ní dhéanfar é sin ach amháin más dodhéanta an glacadh ar ais i gcomhréir le mír 2.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas