+Airteagal 25 Glacadh ar ais i gcás loingsiú neamhdhleathach
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.
---+Airteagal 25 4.
---+Airteagal 25 5.
---+Airteagal 25 6.
---+Airteagal 25 7.
---+Airteagal 25 8.
---+Airteagal 25 9.
---+Airteagal 25 10.
---+Airteagal 25 11.
---+Airteagal 25 12.
---+Airteagal 25 13.
---+Airteagal 25 14.
---+Airteagal 25 15.
|
Airteagal 25 Glacadh ar ais i gcás loingsiú neamhdhleathach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 25 1.
|
I gcás ina dtagann údarás inniúil ar loingsiú a mheasann sé a bheith ina loingsiú neamhdhleathach, cuirfidh sé na húdaráis inniúla eile lena mbaineann ar an eolas láithreach.
|
|
Airteagal 25 2.
|
I gcás inar féidir freagracht as an loingsiú neamhdhleathach a líomhnú ar an bhfógróir, áiritheoidh an t-údarás go ndéanfaidh an duine seo a leanas an dramhaíl a ghlacadh ar ais:
(a)
an fógróir nó, i gcás inarb ábhartha, duine a meastar gurb é an fógróir é i gcomhréir le mír 6 nó mír 7, chun socrú a dhéanamh le haghaidh a haisghabhála nó a diúscartha; nó más dodhéanta é sin i gcomhréir le pointe (c) den mhír seo; nó, murar cuireadh fógra isteach, i gcomhréir le pointe (b) den mhír seo;
(b)
duine a meastar gurb é an fógróir é i gcomhréir le hAirteagal 3, pointe (6), nó, i gcás inarb ábhartha, duine a meastar gurb é an fógróir é i gcomhréir le mír 6 nó mír 7; chun socrú a dhéanamh le haghaidh a haisghabhála nó a diúscartha; nó más dodhéanta é sin i gcomhréir le pointe (c) den mhír seo;
(c)
an t-údarás inniúil seolta féin nó duine nádúrtha nó dlítheanach thar a cheann ar ais í, chun socrú a dhéanamh le haghaidh a haisghabhála nó a diúscartha;
|
|
Airteagal 25 3.
|
Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid glacadh ar ais a leagtar amach i mír 2 más rud é go n-aontaíonn na daoine seo a leanas le chéile: na húdaráis inniúla seolta, idirthurais agus cinn scríbe lena mbaineann agus, i gcás inarb ábhartha, an fógróir nó an duine a meastar gurb é an fógróir é, agus go bhfuil siad sásta gur fíor an méid seo a leanas maidir leis an dramhaíl:
(a)
gur féidir leis an bhfógróir nó, i gcás inarb ábhartha, duine a meastar gurb é an fógróir é i gcomhréir le mír 6 nó 7 nó, más dodhéanta é sin, an údarás inniúil seolta féin nó duine nádúrtha nó dlítheanach thar a cheann í a aisghabháil nó a dhiúscairt ar bhealach malartach sa tír cinn scríbe, idirthurais nó seolta; nó, más dodhéanta é sin, i gcomhréir le pointe (b);
(b)
gur féidir leis an bhfógróir nó, i gcás inarb ábhartha, duine a meastar gurb é an fógróir é i gcomhréir le mír 6 nó 7, nó, más dodhéanta é sin, leis an údarás inniúil seolta féin nó le duine nádúrtha nó dlítheanach thar a cheann má chomhaontaíonn na húdaráis inniúla uile lena mbaineann leis sin í a aisghabháil nó a dhiúscairt ar bhealach malartach i dtír eile.
I gcás onnmhairiú nó allmhairiú, aisghabháil nó diúscairt ar bhealach malartach mar a comhaontaíodh de bhun na chéad fhomhíre, ní dhéanfar é sin ach amháin más dodhéanta an glacadh ar ais i gcomhréir le mír 2.
|
|
Airteagal 25 4.
|
I gcás aisghabháil nó diúscairt ar bhealach malartach dá dtagraítear i mír 3, áiritheoidh an fógróir, nó, i gcás inarb ábhartha, an duine a meastar gurb é an fógróir é i gcomhréir le mír 6 nó 7, nó, más dodhéanta é sin, an t-údarás inniúil seolta nó an duine nádúrtha nó dlítheanach thar a cheann, go ndéanfar an dramhaíl lena mbaineann a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol i gcomhréir le hAirteagal 59.
|
|
Airteagal 25 5.
|
Déanfar an glacadh ar ais, an aisghabháil nó an diúscairt dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 laistigh de 30 lá, nó laistigh d’aon tréimhse eile a fhéadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann a chomhaontú eatarthu féin, tar éis an dáta a fhaigheann an t-údarás inniúil seolta amach faoin loingsiú neamhdhleathach nó ón dáta a chuireann na húdaráis inniúla cinn scríbe nó idirthurais é ar an eolas faoin loingsiú neamhdhleathach, agus na cúiseanna leis sin. Féadfar comhairle den sórt sin a bheith ann mar thoradh ar fhaisnéis a chuir údaráis inniúla eile isteach, inter alia, chuig na húdaráis cinn scríbe nó idirthurais. I gcás glacadh ar ais dá dtagraítear i mír 2, pointí (a), (b) agus (c), tíolacfar fógra nua, seachas i gcás ina gcomhaontaíonn na húdaráis inniúla lena mbaineann gur leor iarraidh chuí-réasúnaithe arna déanamh ag an údarás inniúil seolta tosaigh. Má éilítear fógra nua, is é an duine nó an t-údarás arna chinneadh i gcomhréir le mír 2 a thíolacfaidh é. Ní chuirfidh na húdaráis inniúla in aghaidh cur ar ais dramhaíl a bhaineann le loingsiú neamhdhleathach ná ní dhéanfaidh siad agóid ina choinne. I gcás aisghabháil nó diúscairt ar bhealach malartach dá dtagraítear i mír 3, a dhéantar lasmuigh den tír inar thángthas ar an loingsiú neamhdhleathach, cuirfidh an duine nó an t-údarás a liostaítear sa mhír sin fógra nua isteach i gcomhréir leis an ordú a léirítear sa mhír sin. Comhoibreoidh na húdaráis inniúla lena mbaineann, de réir mar is gá, chun a áirithiú go ndéanfar an dramhaíl a ghlacadh ar ais nó a aisghabháil nó a dhiúscairt ar bhealach malartach dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3.
|
|
Airteagal 25 6.
|
I gcás nach gcomhlíonann fógróir a shonraítear in Airteagal 3, pointe (6)(a)(iv) aon cheann de na hoibleagáidí glacadh ar ais a leagtar amach san Airteagal seo nó in Airteagal 26, is é táirgeoir bunaidh na dramhaíola, táirgeoir nua na dramhaíola nó an bailitheoir dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (6)(a)(i), (ii) nó (iii), faoi seach, a rinne an déileálaí nó an bróicéir a údarú chun gníomhú thar a cheann, a mheasfar a bheith mar an fógróir chun críocha na n-oibleagáidí glacadh ar ais sin.
|
|
Airteagal 25 7.
|
I gcás nach gcomhlíonann fógróir a shonraítear in Airteagal 3, pointe (6)(a)(i), (ii) nó (iii), aon cheann de na hoibleagáidí glacadh ar ais a leagtar amach san Airteagal seo nó in Airteagal 26, measfar gurb é sealbhóir na dramhaíola a shonraítear in Airteagal 3, pointe (6)(a)(v), an fógróir chun críocha na n-oibleagáidí glacadh ar ais sin.
|
|
Airteagal 25 8.
|
I gcás inar féidir freagracht as loingsiú neamhdhleathach a líomhnú ar an gcoinsíní, áiritheoidh an t-údarás inniúil cinn scríbe gurb é nó iad seo a leanas a dhéanfar an dramhaíl a aisghabháil nó a dhiúscairt ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol:
(a)
an coinsíní; nó, más dodhéanta é sin, i gcomhréir le pointe (b);
(b)
an t-údarás inniúil féin nó duine nádúrtha nó dlítheanach thar a cheann.
Déanfar an aisghabháil nó an diúscairt dá dtagraítear sa chéad fhomhír laistigh de 30 lá, nó laistigh d’aon tréimhse eile a fhéadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann a chomhaontú eatarthu féin, tar éis an dáta a fhaigheann an t-údarás inniúil seolta fáil amach faoin loingsiú neamhdhleathach nó ón dáta a chuireann na húdaráis inniúla cinn scríbe nó idirthurais é ar an eolas faoi faoin loingsiú neamhdhleathach agus na cúiseanna leis sin. Féadfar comhairle den sórt sin a bheith mar thoradh ar fhaisnéis a chuir údaráis inniúla eile, inter alia, faoi bhráid na n-údarás inniúil seolta agus idirthurais. Oibreoidh na húdaráis inniúla lena mbaineann i gcomhar le chéile, de réir mar is gá, maidir le haisghabháil nó diúscairt na dramhaíola i gcomhréir leis an mír seo.
|
|
Airteagal 25 9.
|
Más rud é nach n-éileofar aon fhógra nua, déanfaidh an duine atá freagrach as glacadh ar ais, nó, más dodheánta é sin, an t-údarás inniúil seolta tosaigh, doiciméad gluaiseachta nua a chomhlánú i gcomhréir le hAirteagal 15 nó Airteagal 16. I gcás ina gcuirfidh an t-údarás inniúil seolta tosaigh, a dhéanfaidh an glacadh ar ais i gcomhréir le mír 2, pointe (c), fógra nua isteach, ní bheidh gá le ráthaíocht airgeadais nua ná le hárachas coibhéiseach.
|
|
Airteagal 25 10.
|
I gcásanna nach féidir freagracht as an loingsiú neamhdhleathach a líomhnú ar an bhfógróir nó ar an gcoinsíní, oibreoidh na húdaráis inniúla lena mbaineann i gcomhar le chéile lena áirithiú go n-aisghabhfar nó go ndiúscrófar an dramhaíl.
|
|
Airteagal 25 11.
|
I gcás ina n-aimsítear loingsiú neamhdhleathach tar éis chur i gcrích oibríochta aisghabhála eatramhaí nó oibríochta diúscartha eatramhaí dá dtagraítear in Airteagal 7(6), beidh deireadh le oibleagáid na tíre seolta an dramhaíl a ghlacadh ar ais nó socrú a dhéanamh le haghaidh a haisghabhála nó diúscairt ar bhealach malartach nuair a bheidh an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 15(4) eisithe ag an tsaoráid. I gcás ina n-eisíonn saoráid deimhniú aisghabhála nó diúscartha sa chaoi go mbíonn loingsiú neamhdhleathach ann dá dheasca, agus go scaoiltear an ráthaíocht airgeadais nó árachas coibhéiseach mar gheall air sin, beidh feidhm ag mír 8 den Airteagal seo agus ag Airteagal 26(2).
|
|
Airteagal 25 12.
|
I gcás ina dtagtar ar dhramhaíl ó loingsiú neamhdhleathach laistigh de Bhallstát, a bhaineann le loingsiú neamhdhleathach, is é an t-údarás inniúil a bhfuil dlínse aige ar an limistéar inar thángthas ar an dramhaíl a bheidh freagrach as a áirithiú go ndéanfar socruithe le haghaidh stóráil shábháilte na dramhaíola go dtí go nglacfar ar ais í nó go dtí go ndéanfar í a aisghabháil go neamheatramhach nó a dhiúscairt go neamheatramhach ar bhealach malartach.
|
|
Airteagal 25 13.
|
Ní bheidh feidhm ag Airteagail 37, 39 agus 40 ná ag aon toirmisc onnmhairiúcháin atá i ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 45(6) i gcásanna ina nglacfar loingsithe neamhdhleathacha ar ais chuig an tír seolta agus más tír í an tír seolta sin atá cumhdaithe ag na toirmisc a leagtar amach sna forálacha sin.
|
|
Airteagal 25 14.
|
Má mheastar gur loingsiú neamhdhleathach é loingsiú dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 4(4) nó (5), beidh feidhm ag an Airteagal seo mutatis mutandis maidir leis an duine a shocraíonn an loingsiú agus maidir leis na húdaráis inniúla lena mbaineann.
|
|
Airteagal 25 15.
|
Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar do dhlí an Aontais agus don dlí náisiúnta maidir le dliteanas.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|