|
+Airteagal 25 8. |
Airteagal 25 8.I gcás inar féidir freagracht as loingsiú neamhdhleathach a líomhnú ar an gcoinsíní, áiritheoidh an t-údarás inniúil cinn scríbe gurb é nó iad seo a leanas a dhéanfar an dramhaíl a aisghabháil nó a dhiúscairt ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol:
(a)
an coinsíní; nó, más dodhéanta é sin, i gcomhréir le pointe (b);
(b)
an t-údarás inniúil féin nó duine nádúrtha nó dlítheanach thar a cheann. Déanfar an aisghabháil nó an diúscairt dá dtagraítear sa chéad fhomhír laistigh de 30 lá, nó laistigh d’aon tréimhse eile a fhéadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann a chomhaontú eatarthu féin, tar éis an dáta a fhaigheann an t-údarás inniúil seolta fáil amach faoin loingsiú neamhdhleathach nó ón dáta a chuireann na húdaráis inniúla cinn scríbe nó idirthurais é ar an eolas faoi faoin loingsiú neamhdhleathach agus na cúiseanna leis sin. Féadfar comhairle den sórt sin a bheith mar thoradh ar fhaisnéis a chuir údaráis inniúla eile, inter alia, faoi bhráid na n-údarás inniúil seolta agus idirthurais. Oibreoidh na húdaráis inniúla lena mbaineann i gcomhar le chéile, de réir mar is gá, maidir le haisghabháil nó diúscairt na dramhaíola i gcomhréir leis an mír seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|