+Airteagal 29 Aicmiú saincheisteanna
---+Airteagal 29 1.
---+Airteagal 29 2.
---+Airteagal 29 3.
---+Airteagal 29 4.
---+Airteagal 29 5.
---+Airteagal 29 6.
---+Airteagal 29 7.
|
Airteagal 29 Aicmiú saincheisteanna
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 29 1.
|
Agus cinneadh á dhéanamh acu faoi cé acu an measfar nó nach measfar mír nó substaint arna heascairt as próiseas táirgthe a bheith ina dramhaíl, i gcás nárbh é príomhaidhm an phróisis táirgthe an mhír nó an tsubstaint sin a tháirgeadh, cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm Airteagal 5 de Threoir 2008/98/CE. Agus cinneadh á dhéanamh acu faoi cé acu an measfar nó nach measfar nach dramhaíl a thuilleadh í dramhaíl a cuireadh faoi oibríocht athchúrsála nó aisghabhála de chineál eile, cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm Airteagal 6 de Threoir 2008/98/CE. Agus cinneadh á dhéanamh an measfar gur earra úsáidte agus nach dramhaíl atá i réad nó substaint, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar ar a laghad na coinníollacha seo a leanas:
(a)
go bhfuil sé cinnte go ndéanfar an réad nó an tsubstaint a úsáid nó a athúsáid tuilleadh;
(b)
gur féidir leis an réad nó leis an tsubstaint an fheidhm atá beartaithe dó nó di a chomhlíonadh gan réamhphróiseáil shuntasach;
(c)
i gcás inarb ábhartha, go ndéanfar an réad nó an tsubstaint a thástáil chun a fheidhmiúlacht iomlán a áirithiú;
(d)
go bhfuil tuilleadh úsáide dleathach, is é sin le rá go gcomhlíonann an réad nó an tsubstaint na ceanglais táirge, chomhshaoil agus cosanta sláinte uile le haghaidh na húsáide sonraí agus nach mbeidh drochthionchair fhoriomlána ar an gcomhshaol ná ar shláinte an duine mar thoradh air sin;
(e)
go ndéantar an réad nó an tsubstaint a chaomhnú agus a chosaint i gceart in aghaidh damáiste le linn iompair, luchtaithe agus díluchtaithe.
Beidh feidhm ag na forálacha sa tríú fomhír gan dochar d’Airteagal 23(2) ná d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ná d’ (
11
) Airteagal 72(2) agus d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
12
).
|
|
Airteagal 29 2.
|
Mura féidir leis na húdaráis inniúla seolta agus cinn scríbe teacht ar chomhaontú faoin aicmiú a mhéid a bhaineann leis an idirdhealú idir dramhaíl agus neamh-dhramhaíl, agus na forálacha i mír 1, agus aon choinníollacha nó cinntí arna nglacadh ar leibhéal an Aontais nó ag na Ballstáit de bhun Airteagal 5 nó 6 de Threoir 2008/98/CE á gcur san áireamh, caithfear leis an réad nó leis an tsubstaint amhail is dá mba dhramhaíl é nó í chun críche an loingsithe. Beidh sé sin gan dochar do cheart na tíre cinn scríbe déileáil leis an ábhar loingsithe i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta, tar éis don ábhar loingsithe a cheann scríbe a bhaint amach agus i gcás ina bhfuil a leithéid de reachtaíocht i gcomhréir le dlí an Aontais nó an dlí idirnáisiúnta.
|
|
Airteagal 29 3.
|
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun critéir mhionsonraithe a bhunú maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 1, an tríú fomhír, maidir le substaintí nó réada sonracha a bhfuil tábhacht ar leith, i leith na substaintí nó na réad sin, ag baint leis an idirdhealú idir earraí úsáidte agus dramhaíl maidir le honnmhairiú dramhaíola ón Aontas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 81(2).
|
|
Airteagal 29 4.
|
Mura féidir leis na húdaráis inniúla seolta agus cinn scríbe teacht ar chomhaontú faoi aicmiú dramhaíola mar dhramhaíl atá beartaithe lena haisghabháil mar a liostaítear in Iarscríbhinn III, Iarscríbhinn IIIA, Iarscríbhinn IIIB nó Iarscríbhinn IV, nó mar dhramhaíl nach liostaítear in aon cheann de na hIarscríbhinní sin, beidh loingsiú na dramhaíola sin faoi réir Airteagal 4(2).
|
|
Airteagal 29 5.
|
Mura féidir leis na húdaráis inniúla seolta agus cinn scríbe teacht ar chomhaontú faoi cé acu an ndéanfar an oibríocht cóireála dramhaíola a aicmiú mar oibríocht aisghabhála nó mar oibríocht diúscartha, beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo maidir le diúscairt.
|
|
Airteagal 29 6.
|
Chun aicmiú comhchuibhithe na dramhaíola arna liostú in Iarscríbhinn III, Iarscríbhinn IIIA, Iarscríbhinn IIIB nó Iarscríbhinn IV a éascú san Aontas, tá de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chritéir amhail tairseacha éillithe a bhunú, a bheidh ina mbonn le haicmiú dramhaíola áirithe in Iarscríbhinn III, Iarscríbhinn IIIA, Iarscríbhinn IIIB nó Iarscríbhinn IV.
|
|
Airteagal 29 7.
|
Mura féidir leis na húdaráis inniúla seolta agus cinn scríbe teacht ar chomhaontú faoi cé acu an ndéanfar an oibríocht cóireála dramhaíola a aicmiú mar oibríocht eatramhach nó neamheatramhach, beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo maidir le hoibríochtaí eatramhacha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|