|
+Airteagal 29 1. |
Airteagal 29 1.Agus cinneadh á dhéanamh acu faoi cé acu an measfar nó nach measfar mír nó substaint arna heascairt as próiseas táirgthe a bheith ina dramhaíl, i gcás nárbh é príomhaidhm an phróisis táirgthe an mhír nó an tsubstaint sin a tháirgeadh, cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm Airteagal 5 de Threoir 2008/98/CE. Agus cinneadh á dhéanamh acu faoi cé acu an measfar nó nach measfar nach dramhaíl a thuilleadh í dramhaíl a cuireadh faoi oibríocht athchúrsála nó aisghabhála de chineál eile, cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm Airteagal 6 de Threoir 2008/98/CE. Agus cinneadh á dhéanamh an measfar gur earra úsáidte agus nach dramhaíl atá i réad nó substaint, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar ar a laghad na coinníollacha seo a leanas:
(a)
go bhfuil sé cinnte go ndéanfar an réad nó an tsubstaint a úsáid nó a athúsáid tuilleadh;
(b)
gur féidir leis an réad nó leis an tsubstaint an fheidhm atá beartaithe dó nó di a chomhlíonadh gan réamhphróiseáil shuntasach;
(c)
i gcás inarb ábhartha, go ndéanfar an réad nó an tsubstaint a thástáil chun a fheidhmiúlacht iomlán a áirithiú;
(d)
go bhfuil tuilleadh úsáide dleathach, is é sin le rá go gcomhlíonann an réad nó an tsubstaint na ceanglais táirge, chomhshaoil agus cosanta sláinte uile le haghaidh na húsáide sonraí agus nach mbeidh drochthionchair fhoriomlána ar an gcomhshaol ná ar shláinte an duine mar thoradh air sin;
(e)
go ndéantar an réad nó an tsubstaint a chaomhnú agus a chosaint i gceart in aghaidh damáiste le linn iompair, luchtaithe agus díluchtaithe. Beidh feidhm ag na forálacha sa tríú fomhír gan dochar d’Airteagal 23(2) ná d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ná d’ ( 11 ) Airteagal 72(2) agus d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|