+Airteagal 31 Comhaontuithe maidir le réigiún teorann
---+Airteagal 31 1.
---+Airteagal 31 2.
---+Airteagal 31 3.
---+Airteagal 31 4.
|
Airteagal 31 Comhaontuithe maidir le réigiún teorann
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 31 1.
|
I gcásanna eisceachtúla, agus i gcás ina bhfuil údar cuí le beart mar sin mar gheall ar chás sonrach geografach nó déimeagrafach, féadfaidh na Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích agus mar thoradh ar na comhaontuithe sin, ní bheidh an nós imeachta um fhógra a thabhairt maidir le loingsithe de shruthanna dramhaíola ar leith chomh dian a mhéid a bhaineann le loingsithe trasteorann chuig an tsaoráid chuí is gaire atá suite sa limistéar trasteorann idir an dá Bhallstát lena mbaineann.
|
|
Airteagal 31 2.
|
Féadfar comhaontuithe déthaobhacha dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh freisin i gcás ina seoltar dramhaíl ón tír seolta agus i gcás ina gcóireáiltear í sa tír seolta ach go ndéanann sí idirthuras trí Bhallstát eile.
|
|
Airteagal 31 3.
|
Féadfaidh na Ballstáit na comhaontuithe déthaobhacha dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt i gcrích freisin le tíortha ar comhaltaí iad de CSTE (Comhlachas Saorthrádála na hEorpa). Ceanglófar le comhaontuithe a thabharfar i gcrích de bhun na chéad fhomhíre go mbainisteofar an dramhaíl sa tír CSTE lena mbaineann ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol i gcomhréir le hAirteagal 59.
|
|
Airteagal 31 4.
|
Tabharfar fógra don Choimisiún faoi chomhaontuithe a thabharfar i gcrích faoin Airteagal seo sula dtagann siad i bhfeidhm.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|